
Is tosaíocht thábhachtach dúinn tacaíocht a thabhairt dár gcuid cliant agus táimid ag obair go crua d’fhonn méid an chur isteach de thoradh víreas COVID-19 a mhaolú.
Má tá aon cheisteanna agat, ná bíodh aon leisce ort teagmháil a dhéanamh linn, le do thoil ar Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.
Ceisteanna Coitianta d’Fhostóirí Seirbhíse Poiblí le linn COVID-19
1. Freastal ar an láthair oibre/oifig le linn COVID-19?
1. Cé ar chóir dóibh freastal ar an láthair oibre?
I ndiaidh ráiteas an Taoisigh ar 27 Márta 2020, tá ar gach duine fanacht sa bhaile i ngach cúinse go dtí 12 Aibreán 2020, ach amháin sa chás go sásaíonn siad critéir áirithe, agus obair do sheirbhís riachtanach nach féidir a dhéanamh sa bhaile ar cheann díobh sin. Níl ach oibrithe riachtanacha i láthair anois sa láthair oibre fhisiciúil. Ba cheart gach rud is féidir a dhéanamh chun oibriú ón mbaile a éascú do na hoibrithe sin a bhfuil sé ráite leo fanacht sa bhaile.
2. Ar cheart d’oibrithe atá níos mó i mbaol trombhreoiteachta ó COVID-19 freastal ar an láthair oibre?
Is gá d’oibrithe riachtanacha sa chatagóir ‘i mbaol‘ réamhchúraimí breise a ghlacadh chun iad féin a chosaint ón gcoróinvíreas. Tá eolas faoi na bearta seo ar fáil ó (FSS) Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte. . Cé go bhfuil an chomhairle seo i bhfeidhm go dtí 12 Aibreán, beidh an dáta seo faoi athbhreithniú leanúnach. Is féidir comhairle maidir leis na hoibrithe sin a bhféachtar orthu mar oibrithe bhunriachtanacha a fháil ar an suiomh gréasáin seo Gov.ie/List of Essential Services
Beidh fostóirí tar éis a bheith ag obair chun tosaíocht a thabhairt don ghrúpa seo agus rudaí a éascú dóibh maidir le socruithe fleisc-ama, cianobair san áireamh.
Áit nach bhfuil socruithe cianoibre indéanta agus go bhfuil an fostaí sa bhaile gan a bheith breoite, táthar le plé leo ar an mbonn go bhfuil siad ar fáil le haghaidh oibre. San áireamh anseo tá socrúchán sealadach oibre lasmuigh dá ngnáth-fhreagrachtaí nó ról nua mar is gá sa tSeirbhís Phoiblí.
3. Cén rud ba cheart a dhéanamh sa chás go n-aithnítear fostaí mar dhuine atá thar a bheith leochaileach ó thaobh míochaine agus go moltar dó/di cocúnú?
Ba cheart d’fhostóirí a mholadh d’fhostaithe féindearbhú a dhéanamh sa chás go gcreideann siad go bhfuil siad thar a bheith leochaileach ó thaobh míochaine agus go moltar dóibh cocúnú a dhéanamh. Ba cheart gach rud is féidir a dhéanamh le cur ar chumas na ndaoine seo oibriú ón mbaile.
Má tá fostóir neamhchinnte faoi an bhfuil fostaí sa chatagóir ‘thar a bheith leochaileach ó thaobh miochaine’, is féidir comhairle a lorg ón tSeirbhís Sláinte Ceirde a bhaineann lena n-eagraíocht.
4. Cén rud ba cheart a dhéanamh sa chás go n-éiríonn fostaí tinn sa láthair oibre le comharthaí sóirt COVID-19?
Tá sláinte agus folláine ár bhfostaithe thar a bheith tábhachtach. Ba cheart na treoirlínte seo a léamh i gcomhar le HSE advice a bhíonn á thabhairt suas chun dáta go rialta.
Má éiríonn duine breoite sa láthair oibre le comharthaí tinnis (féach symptoms) ar nós: casacht, fiabhras, deacrachtaí análalaithe, ba cheart an duine breoite a chur abhaile chun féin-aonrú a dhéanamh agus a chomhairliú dó/di teagmháil a dhéanamh leis an dochtúir teaghlaigh.
Sa chás nach féidir imeacht abhaile láithreach, ba cheart an duine a bhogadh chuig seomra nó láthair, oifig mar shampla, inar féidir iad a aonrú agus an doras a dhúnadh, chun príobháideachas an fhostaí agus leas na bhfostaithe eile a chosaint. Oscail fuinneog, más féidir, ar mhaithe le haeráil.
Ba cheart socruithe a dhéanamh chun gach dromchla lena raibh an duine i dteagmháil a ghlanadh. Ba cheart d’fhostóirí féachaint i dtús báire ar HPSC Website chun treoir a fháil. Is féidir leideanna agus comhairle bhreise a fháil ar an Centers for Disease Control Website atá ina hacmhainn bhreise.
5. Cad a tharlaíonn má dhéantar comhghleacaí a dhiagnóisiú le COVID-19??
Cuirfidh an FSS aon fhostaithe a bhí gar do dhuine diagnóisithe le COVID-19 ar an eolas tríd an gcóras rianú teagmhálaithe. Ba chóir treoracha FSS a leanúint agus tá rúndacht an fhostaí riachtanach i gcónaí.2. Socruithe oibre fleisc-ama le linn COVID-19
1. Cad iad na socruithe oibre fleisc-ama atá ar fáil le linn COVID-19?
Ba chóir d’fhostaithe aon treoir a eisíonn a n-eagraíocht féin maidir le oibriú ón mbaile a leanúint. Tá an tÚdarás Sláinte agus Sábháilteachta (HSA) tar éis guidance for temporary home working arrangements le linn COVID-19a fhoilsiú. Freisin, tá an Coimisiún um Chosaint Sonraí tar éis treoir chuiditheach protecting personal data when working remotely a fhoilsú.
Má chinntear go bhfuil sé riachtanach freastal ar an láthair oibre, ní mór d’fhostóirí bearta a chur i bhfeidhm a thacaíonn leis an lucht saothair a idirdheighilt agus i dtaca le scaradh sóisialta. D’fhéadfadh, mar shampla, sealanna oibre solúbtha, uaireanta agaithe, uaireanta oscailte níos faide agus oibriú ag an deireadh seachtaine a bheith san áireamh anseo.
2. Agus mura bhfuil sé d’áis ag fostaí oibriú ón mbaile?
3. Conas mar ba chóir d’uaireanta fleisc-ama a fheidhmiú le linn thréimhse COVID-19?
3. Covid 19 – Socruithe do Shaoire Speisialta le Pá
1. Cén uair a bhfuil feidhm le saoire speisialta le pá i rith ghéarchéim COVID-19??
Níor cheart go mbeadh feidhm le saoire speisialta le pá ach amháin nuair atá comhairle tugtha d’fhostaí féin-aonrú a dhéanamh agus é/í ag léiriú comharthaí tinnis COVID-19 nó tar éis tástáil dhearfach a fháil. Ba chóir cloí le comhairle leighis nó FSS. Tá saoire speisialta le pá á úsáid do COVID-19 in áit pá bhreoiteachta. Níl fostaithe i dteideal laethanta in ionad laethanta saoire bainc le linn dóibh a bheith ar shaoire speisialta le pá.
Tá na critéir is déanaí d’fhéin-aonrú leagtha síos ag FSS ag: HSE Conditions
2. Ar cheart neamhláithreacht de thoradh ar bhreoiteacht COVID-19 a thaifeadadh mar shaoire speisialta le pá nó mar shaoire bhreoiteachta?
3. Conas ba cheart taifeadadh a dhéanamh ar chomhairle go bhfuil féin-aonrú riachtanach?
Ba cheart don bhfostóir a chur in iúl go soiléir d’fhostaithe cad é an t-eolas a chaithfear a sholáthar agus an próiseas maidir le fógra a thabhairt. Féach an treoir ag deireadh na cáipéise seo le haghaidh eolas breise faoina bhfuil riachtanach le fógra a thabhairt.
Ba cheart féindearbhú a choinneáil ar chomhad pearsanra an fhostaí agus go bhféadfaí iniúchadh a dhéanamh air. I gcás na bhfostóirí atá laistigh de ghrúpa custaiméirí Oifig Náisiúnta na Seirbhísi Comhroinnte (NSSO), beidh sé mar chuid riachtanach den bpróiseas maidir le fógra a thabhairt go gcomhlánann an fostaí, ar fhilleadh chun oibre, iarratas speisialta ar shaoire speisialta le pá ar an gcóras PeoplePoint a chaithfidh an bainisteoir a fhaomhadh. Ba cheart don mbainisteoir a chinntiú go gcloítear leis seo.
4 Féach Aguisín 6 le haghaidh sampla den bhfoirm féindearbhaithe
4. Tá fostaí ar shaoire bhreoiteachta le pá, an féidir leo Sochar Breoiteachta DEASP (5) a éileamh i leith COVID-19?
5 Is ionann DEASP agus an Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí (Department of Employment Affairs and Social Protection)
5. Cad a tharlaíonn sa chás nach mbíonn víreas COVID-19 ar fhostaí tar éis thréimhse féin-aonraithe?
6. Cad a tharlaíonn sa chás nach mbíonn víreas COVID-19 ar fhostaí ach go bhfuil breoiteacht eile air/uirthí?
7. Cad é an bonn dlí atá le próiseáil a dhéanamh ar shonraí fostaithe maidir le COVID-19?
4. Saoire agus Socruithe Eile le linn COVID-19
1. An bhfuil saoire speisialta le pá ar fáil do dhualgais cúraim?
Mura bhfuil an duine in ann oibriú taobh amuigh den mbaile ná in ann an post reatha a dhéanamh trí chianobair, táthar le plé leis an bhfostaí sin ar an mbonn go bhfuil siad ar dualgas go gníomhach agus ar fáil chun obair a dhéanamh. Is gá d’fhostóirí a bheith solúbtha agus nuálach lena chinntiú go bhfanfaidh a gcuid fostaithe chomh bisiúil agus is féidir i rith an ama seo. Mura féidir leis an bhfostóir cianobair a thabhairt dóibh, ansin d’fhéadfaí/déanfar obair lasmuigh de na príomhdhualgais a bhíonn orthu de ghnáth a thabhairt dóibh .i. d’fhéadfadh seo a bheith ina ról nua. Ba chóir don mbainistíocht seo a choimeád faoi athbhreithniú leanúnach i dtreo is go gcinnteofar go gcuirfear fostaithe san ionad is mó a bhfuil siad ag teastáil ann chun seirbhísí a bhfuil géarghá leo a sholáthar. Déanfar socrúcháin shealadacha san earnáil phoiblí faoi phrionsabal na Seirbhíse Poiblí amháin chun déileáil leis an ngéarchéim seo. Ciallaíonn sé seo gur féidir obair a thabhairt d’aon fhostaí atá lasmuigh de na príomhdhualgais a bhíonn orthu de ghnáth/ról nua a thabhairt dóibh de réir riachtanais na Seirbhíse Poiblí.
Le linn an ama seo, tá aon fhostaí ar mian leo leas a bhaint as cion reatha de shaoire, i dteideal, mar is gnáth, iarratais dá leithéid, ar nós saoire thuismitheoireachta, saoire bhliantúil srl a chur faoi bhráid a bhfostóirí lena mbreathnú.
2. Ag maireachtáil le daoine atá go mór i mbaol – ar cheart saoire speisialta le pá a cheadú d’fhostaithe?
Féach, le do thoil, ar chomhairle FSS ar shuíomh gréasáin FSS.
Tá roghanna oibre solúbtha eile ar fáil d’fhostóirí le tairiscint d’fhostaithe, chomh maith le bheith ag obair ón mbaile, m.sh., uaireanta agaithe oibre, uaireanta oscailte níos leithne. Is féidir leis na bearta seo lucht saothair scartha agus scaradh sóisialta a éascú. Freisin, tugann siad tacaíocht d’fhostaithe chun dualgais cúraim sa bhaile a bhainistiú (agus éascú ar shocruithe cúraim comhroinnte san áireamh).
Mar is gnách, tá aon fhostaí ar mian leo leas a bhaint as cion reatha de shaoire le linn an ama seo, i dteideal iarratais dá leithéid, ar nós saoire bhliantúil, saoire cúramóirí srl a chur faoi bhráid a bhfostóirí lena mbreathnú.
3. Iarratais le saoire réamháirithe a chur ar ceal nó a athsceidealú (m.sh., saoire thuismitheoireachta nó bhliantúil)
4. An féidir athsceidealú a dhéanamh ar Bhliain Oibre Níos Giorra, nó é a chur ar ceal le linn na tréimhse géarchéime COVID-19?
5. Conas ba chóir promhadh a bhainistiú le linn COVID-19?
Ag an am seo, ba cheart cur chuige solúbtha agus pragmatach a ghlacadh maidir le promhadh a bhainistiú d’iontrálaithe nua agus d’arduithe céime araon. Más féidir agus má tá sé indéanta, ba cheart leanúint le measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht phromhóra. Is féidir seo a dhéanamh ó chian. Do bhaill foirne a bhfuil a bpróiseas promhaidh ag leanúint ar aghaidh, ba chóir do bhainisteoirí deimhin a dhéanamh de go bhfuil spriocanna agus dualgais acu atá leagtha amach go soiléir agus á measúnú go leanúnach mar chuid den ngnáthphróiseas promhaidh. Ba chóir do bhainisteoirí leanúint ag tabhairt tacaíochta agus ag forbairt na ndaoine seo ina róil. Má tharlaíonn sé i gcúinsí eisceachtúla nach féidir leanúint le próiseas an phromhaidh, is féidir stop a chur leis ar feadh seal. Atosófar a leithéid nuair a fhillfidh an promhóir ar an bpost bunaidh. Má táthar le stop a chur ar feadh seal le próiseas promhaidh, ba chóir d’AD áitiúla seo a chur in iúl dóibh siúd atá i gceist ó thús.
6. An féidir le fostaithe seirbhíse poiblí atá ar shaoire gan phá an Íocaíocht Dífhostaíochta i leith Phaindéim COVID-19 a éileamh?
6. Aguisín le Ceisteanna Coitianta
Aguisín 2: Treoir d’fhostaithe Seirbhíse Poiblí sa chás go n-éiríonn siad breoite agus go léiríonn siad comharthaí tinnis COVID-19 sa láthair oibre
I rith do lae oibre, má bhraitheann tú comharthaí tinnis a bhaineann le COVID-19 (m.sh., casacht, giorra anála, deacrachtaí análaithe, fiabhras nó crithfhuacht), ba chóir duit gan mhoill:
1. Cuir d’imní faoi do shláinte in iúl do do bhainisteoir – is fearr ar an nguthán nó trí ríomhphost. Mura bhfuil do bhainisteoir ar fáil, déan teagmháil le d’aonad AD.
2. Iarrfar ort tú féin a scaradh amach ó do chomhghleacaithe ar an gcéad dul síos – de ghnáth ciallóidh sé seo imeacht abhaile; sa chás, ámh, nach féidir seo a dhéanamh láithreach ba chóir duit bogadh chuig láthair ainmnithe agus fanacht amach ó chomhghleacaithe go dtí gur féidir iompar abhaile a shocrú. Más féidir, socraigh go mbaileoidh duine éigin ó do theaghlach tú seachas iompar poiblí nó tacsaí a úsáid – tá seo ar mhaithe le do leas féin chomh maith le leas daoine eile. Má chaitheann tú na roghanna deireanacha sin a úsáid, cleacht dea-bhéasa sláinteachais chun srian a chur le haon scaipeadh den víreas a d’fhéadfadh tarlú.
3. Fan amach ó do chomhghleacaithe agus cleacht dea-bhéasa sláinteachais agus tú ag imeacht.
4. Ba cheart duit dul i dteagmháil gan mhoill le do dhochtúir teaghlaigh chun comhairle bhreise a fháil.
5. Caithfidh tú glaoch a chur ar do bhainisteoir chun iad a chur ar an eolas faoin toradh a bhí ar an gcomhairle a fuair tú ón dochtúir. Braithfidh na chéad chéimeanna eile i do chás ar an gcomhairle seo
6. Má chomhairlíonn do dhochtúir teaghlaigh duit go bhfuil do shláinte maith go leor chun leanúint ort ag obair, ba chóir duit sin a dhéanamh.
7. Má tá ort féin-aonrú, ba chóir duit cloí le gach treoirlíne FSS agus do bhainisteoir/ionadaí AD a choimeád ar an eolas, ag cloí le nósanna imeachta d’eagraíochta.
Aguisín 3: Treoir do bhainisteoirí sa chás go n-éiríonn fostaí tinn ag léiriú comharthaí tinnis COVID-19 sa láthair oibre
Má chuireann fostaí in iúl duit go bhfuil comharthaí tinnis COVID-19 orthu, déan na nithe seo a leanas, le do thoil:
1. Cuir ar a suaimhneas iad trí chur in iúl dóibh gurb é sláinte agus sábháilteacht na bhfostaithe féin agus a gcomhghleacaithe an rud is tábhachtaí.
2. Cuir comhairle ar an bhfostaí iad féin a scaradh amach láithreach ó chomhghleacaithe – b’fhearr go bhfillfeadh siad ar an mbaile; sa chás, ámh, nach féidir seo a dhéanamh láithreach ba chóir dóibh bogadh chuig láthair ainmnithe agus ag fanacht amach ó chomhghleacaithe go dtí gur féidir iompar abhaile a shocrú. Más féidir, ba chóir dóibh a shocrú go mbaileoidh duine éigin óna dteaghlach féin iad seachas iompar poiblí nó tacsaí a úsáid.
3. Abair leis an bhfostaí go gcaithfidh siad glaoch láithreach ar a ndochtúir teaghlaigh chun comhairle a fháil. Iarr ar an bhfostaí glaoch ortsa ansin gan mhoill le toradh na comhairle seo – ba chóir duit d’uimhir ghutháin a thabhairt dóibh mura bhfuil sé acu cheana féin.
4. Iarr ar an bhfostaí cad iad na háiteanna ina raibh siad ag bogadh thart san fhoirgneamh le gur féidir áiteanna a aithint a bhféadfadh glanadh a bheith riachtanach iontu.
5. Cuir AD ar an eolas chomh luath in Éirinn agus is féidir.
6. Déan teagmháil le Bainistíocht Saoráidí agus iarr go nglanfar stáisiún oibre an fhostaí agus aon áiteanna ábhartha eile chomh luath agus is féidir.
7. Fan leis an scéal suas chun dáta ón bhfostaí féin ach ná pléigh an cás le comhghleacaithe eile ag an bpointe seo d’fhonn dínit agus rúndacht a chaomhnú.
Aguisín 4: Treoir d’fhostaithe Seirbhíse Poiblí maidir le féin-aonrú COVID-19 agus fógraí faoi ghluaiseachtaí teoranta
1. Glaoigh ar an nguthán ar do bhainisteoir (6) roimh 10am ar an gcéad lá a bhfuil tú ag féin-aonrú/teorannú do ghluaiseachtaí chun an scéal suas chun dáta a thabhairt dóibh.
2. Má tá comhairle curtha ort féin-aonrú/do ghluaiseachtaí a theorannú, beidh ort an t-eolas seo a leanas a thabhairt do do bhainisteoir:
a. Dáta tosaithe agus líon laethanta a comhairlíodh duit féin-aonrú/do ghluaiseachtaí a theorannú
b. Comhairle faighte ó:
Dochtúir Teaghlaigh
FSS
Ospidéal
Eile (beidh ort a lua go sonrach cad é). .
3. Má tá comhairle curtha ort do ghluaiseachtaí a theorannú ar eagla na heagla ach má tá tú ar fónamh, iarrfar ort oibriú ón mbaile.
4. Tabhair do d’aire nach ceadmhach d’fhostaithe Seirbhíse Poiblí sochar breoiteachta COVID19 DEASP a éileamh le linn dóibh a bheith ar shaoire speisialta le pá. Pléifear le haon éileamh ar sochar breoiteachta COVID19 DEASP le linn a bheith ar shaoire speisialta le pá mar chás smachta.
5. Is féidir go n-iarrfar ort féin féindearbhú a shíniú ar fhilleadh duit ar do chuid oibre, deimhniú scríofa de na sonraí thuas san áireamh.
6. Trí iarratas a dhéanamh ar shaoire speisialta le pá, aontaíonn tú, sa chás nach gcomhlíonfar na coinníollacha maidir le saoire speisialta le pá (san áireamh an riachtanas deimhniú bona fide (7) a sholáthar i leith féin-aonrú/diagnóis/do ghluaiseachtaí a theorannú do COVID-19), gur féidir nósanna imeachta reatha, gníomhartha smachtaithe san áireamh, a ghairm.
(5) Mura bhfuil do bhainisteoir ar fáil, déan teagmháil, le do thoil, le bainisteoir eile i do réimse nó le d’fhoireann AD. I gcásanna fánacha nuair nach bhfuil sin indéanta, déan nóta de na dátaí agus na hamanna de ghlao(nna) a rinneadh agus lean ort ag iarraidh teagmháil a dhéanamh le do bhainisteoir go dtí go n-éiríonn leat.
(6) Ciallaíonn bona fide, maidir le huiríoll nó cumarsáid, le dea-intinn agus údar maith leis i bhfíric. Coimeádann an fostóir an ceart aige féin deimhnú breise a iarraidh..
Aguisín 5: Treoir do bhainisteoirí a chuirtear ar an eolas faoi fhéin-aonrú nó gluaiseachtaí teoranta COVID-19
2. Má tá fógra faighte ag an bhfostaí féin-aonrú agus mura bhfuil an duine ceart go leor chun oibriú, ba chóir don mbainistoir na ceisteanna thíos a chur ar an bhfostaí. Ba chóir don mbainistoir nóta a ghlacadh de na sonraí a sholáthraítear. Beidh socruithe éagsúla i bhfeidhm chuige seo ag brath ar áiseanna párolla/AD gach eagraíochta.
3. Ceisteanna:
a. a. Dáta tosaithe agus líon laethanta a comhairlíodh d’fhéin-aonrú
b. Comhairle faighte ó:
Dochtúir Teaghlaigh
FSS
Ospidéal
Eile (beidh ort a lua go sonrach cad é)
4. Ba chóir do bhainisteoirí fostaithe a chur ar an eolas faoin ngá atá ann fanacht i dteagmháil rialta agus faoi aon chláracha cúnaimh d’fhostaithe atá ar fáil dóibh.
5. Ba chóir do bhainisteoirí fostaithe a chur ar an eolas faoi aon ghníomhartha eile a bheidh riachtanach ar fhilleadh chun oibre dóibh (mar shampla, féindearbhú). Is mór againn bhur solúbthacht agus bhur dtacaíocht ag an am leithleach seo nach bhfacthas a leithéid riamh cheana.
Táimid buíoch as do chuid solúbthachta agus tacaíochta ag an am leithleach seo nach bhfacthas a leithéid cheana.
Bí Aireach & Fan Slán.
Eolas tábhachtach suas chun dáta, Rialtas na hÉireann:
gov.ie/covid19