Eolas faoi Dheiseanna do Chéimithe
mar Eacnamaí agus Anailisí Beartais

TTá Seirbhís Eacnamaíochta agus Mheastóireachta Rialtas na hÉireann (SEMRÉ) ag earcú céimithe a bhfuil sé ar a gcumas tuiscint ar na huirlísí agus na teicnící a bhaineann leis an anailís beartais a léiriú. Bainfear úsáid as na scileanna seo le heolas le dul i bhfeidhm ar bheartais agus ar chinnteoireacht maidir leis an leas is fearr a bhaint as acmhainní ganna Riatlais ar fud na hÉireann.
Tá róil SEMRÉ ar fáil i roinnt Ranna Rialtais agus bíonn dualgais éagsúla ar na daoine a cheapfar, lena n-áirítear:
- Cur le forbairt beartais náisiúnta
- Uirlisí agus modhanna sonraí, cainníochtúla agus cáilíochtúla a úsáid le hanailís agus measúnú a dhéanamh ar bheartas
- Measúnú a dhéanamh ar réimsí suntasacha caiteachais i gcomhréir leis an gCód Caiteachais Phoiblí
- Samhaltú agus réamhaisnéisiú eacnamaíoch a dhéanamh
- Eolas agus comhairle a thabhairt d’oifigigh shinsearacha agus d’Airí;
- Comhairle agus treoir theicniúil a thabhairt le rialachas éifeachtach a chinntiú.
Saoire Bhliantúil: 25 Lá
Dáta Oscailte: 01/10/2021
Dáta Dúnta: 21/10/2021
Foghlaim agus Forbairt
Tá an fhoghlaim agus an fhorbairt leanúnach tábhachtach maidir le forbairt bhall foirne SEMRÉ lena chinntiú go gcuirtear feabhas ar scileanna anailíseacha, eacnamíocha agus measúnachta. Cuirtear oiliúint ionduchtaithe ar fáil, mar aon leis an deis freastal ar mhodúil ardoiliúna agus ar mháistir-ranganna.
Glacann céimithe atá ina nAnailísithe Beartais/nEacnamaithe i SEMRÉ páirt chomh maith i gclár bliana do chéimithe, a chlúdaíonn na príomhinniúlachtaí atá riachtanach chun a bheith ag obair go héifeachtach sa Státseirbhís.
Taithí i SEMRÉ

Rinku Phulphagar
Anailísí Beartais agus Eacnamaí
Thosaigh mé sa Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe i mí an Mheithimh 2019 tar éis dom Máistreacht san Eacnamaíocht Fheidhmeach a bhaint amach i gCOBÁC. Táim tar éis obair a dhéanamh cheana féin ar pháipéir athbhreithnithe caiteachais, a chludaíonn deontais Ardoideachais, an margadh fostaíochta agus an t-iompar poiblí.
Is ról an-anailíseach é, ach bainim sult chomh maith as a bheith i dteagmháil le páirtithe leasmhara sinsearacha agus as tuairiscí a théann i bhfeidhm ar bheartas a scríobh. Tá sé suimiúil, tugann sé sásamh dom, tá sé spreagúil agus tacúil.
Bím ag obair ar thionscadail éagsúla ag an am céanna, le líon mór comhghleacaithe, agus déanaim é seo ar fad agus mé ag cur le mo chuid scileanna ag an obair agus trí chúrsaí a dhéanamh. Ghlac mé páirt i gClár Forbartha na Státseirbhíse agus sa Chúrsa i mBainistiú Caiteachais Phoiblí – tá mo chuid scileanna agus mo líonra ag fás i gcónaí.

Colm Farrell
Measúnóir Eacnamaíoch agus Anailísí Beartais
Thosaigh mé sa Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe i mí an Mhárta 2018 tar éis dom céim agus cúrsa iarchéime a dhéanamh i gCOBÁC.
Tá baint agam le monatóireacht a dhéanamh ar anailís, ar bheartas agus ar chaiteachas. Bhí mé i mo chomhúdar ar dhá athbhreithniú caiteachais ar an tithíocht shóisialta agus ar mheasúnuithe ar thionchar sóisialta. Ina theannta sin, cuirim anailís agus comhairle ar fáil don Aire agus don lucht ardbhainistíochta sa Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil.
Clúdaíonn sí seo réimsí éagsúla, cosúil leis an tithíocht agus an bpleanáil, cúrsaí airgeadais rialtais áititúil, Ervia agus Uisce Éireann.
Oibrím le réimse leathan scileanna agus daoine ó réimse leathan ranna rialtais éagsúla. Bíonn baint agam le hábhair mhóra cosúil le buiséid, ach le tascanna laethúla chomh maith. Tá an tuiscint atá agam ar na dúshláin atá roimh an Stát maidir leis an tithíocht ag méadú gach lá. Téann mo chuid anailíse i bhfeidhm ar dhíospóireachtaí faoi thodhchaí na sochaí, is mór an tionchar é sin.
Cáilíochtaí Riachtanacha
Moltar d’iarrthóirí féachaint ar an gcuid den Leabhrán Eolais a bhaineann le Cáilitheacht sula gcuireann siad isteach ar an ról seo.
Anuas air sin, ní mór d’iarratasóirí na nithe seo a bheith acu:
- Bunchéim onóracha, 2.1 ar a laghad (Leibhéal 8, ar a laghad, ar Chreat Náisiúnta na gCáilíochtaí) in ábhair a bhfuil dlúthbhaint aige leis an anailís sonraí, mar shampla Eacnamaíocht, Eolaíocht Shóisialta/Anailís ar Bheartas nó Staidreamh ar an nó roimh an 31 Nollaig 2021.
- Céim Mháistreachta (Leibhéal 9, ar a laghad, ar Chreat Náisiúnta na gCáilíochtaí) in ábhar a bhfuil dlúthbhaint aige leis an anailís sonraí, mar shampla Eacnamaíocht, Eolaíocht Shóisialta, Anailís ar Bheartas nó Staidreamh faoin 2 Meán Fómhair 2022 ar a dhéanaí;
- Na hinniúlachtaí don ról, atá leagtha amach i sonraí an duine a leagtar amach i Leabhrán Eolais an Iarrthóra, a léiriú.
An Próiseas Iarratais agus Earcaíochta
Sula gcuireann tú iarratas isteach, bí cinnte, le do thoil, go ndeimhníonn tú go bhfuil tú incháilithe dár bhFeachtas do Dheiseanna do Chéimithe. Is féidir leat seo a dhéanamh tríd an gcuid sa Leabhrán Eolais a bhaineann le cáilitheacht a léamh ina hiomláine.
Beidh na céimeanna seo a leanas mar chuid den phróiseas iarratais agus earcaíochta. Ag brath ar líon na n-iarratas a fhaightear, is féidir go mbeidh gnéithe éagsúla eile i gceist sa phróiseas roghnaithe chomh maith.
Ní ghlacfar le hiarratais tar éis an dáta dúnta. Tá tuilleadh eolais ar fáil i Leabhrán Eolais an Iarrthóra.
Céim 1
Cláraigh ar publicjobs.ie – bí cinnte, le do thoil, go mbaineann tú úsáid as do sheoladh ríomhphoist pearsanta ionas gur féidir linn dul i dteagmháil leat le linn staideanna uilig an phróisis rognnaithe.
Céim 2
Cliceáil ar "Déan Iarratas Anois"don Chéimí mar Anailísí Beartais agus Eacnamaí.
Ceim 3
Déan na foirmeacha iarratais (An Fhoirm Chaighdeánach agus an Fhoirm Mhionsonraithe) a chomhlíonadh roimh an dáta dúnta, 3i.n. ar an Déardaoin 21 Deireadh Fómhair 2021.
Céim 4
Féach ar d’iarratas comhlíonta sa táb ar a dtugtar ‘M’Iarratais’ ar do phróifíl publicjobs.ie
Céim 5
Adhmháil - Ba chóir go bhfaighidh tú admháil laistigh de 2 lá oibre ón lá ar chuir tú d’iarratas isteach.
Céim 6
Staid 1 - Gearrliostú (go luath i mí na Samhna)
Céim 7
Staid 2 - Cleachtadh cur i láthair bunaithe a an Anailís - Ar Líne (go déanach i mí na Samhna/go luath i mí na Nollag).
Céim 8
Staid 3 - Cuireadh chuig Agallamh (Zoom) agallamh a dhéanamh (lár-deireadh mhí Eanáir).
Leabhrán Eolais
Le heolas níos doimhne faoin ról a fháil, léigh an Leabhrán Eolais sula gcuireann tú isteach ar an ról seo.
Ceisteanna Coitianta
{slider title="1. Cad atá i gceist leis an ról do Chéimí mar Anailísí Beartais/Eacnamaí i Seirbhís Eacnamaíochta agus Mheastóireachta Rialtas na hÉireann? " open="false"}
Tá róil do Chéimithe mar Anailísí Beartais/Eacnamaí de chuid SEMRÉ ar fáil i ngach Roinn Rialtais. Braitheann an obair ar riachtanais na Roinne, ach bheadh ceann amháin nó níos mó de na nithe thíos i gceist de ghnáth:
- Beartas náisiúnta a fhorbairt i réimsí éagsúla;
- Uirlisí agus modhanna sonraí, cainníochtúla agus cáilíochtúla a úsáid le hanailís agus measúnú a dhéanamh ar bheartas;
- Measúnú a dhéanamh ar réimsí suntasacha caiteachais i gcomhréir leis an gCód Caiteachais Phoiblí;
- Samhaltú agus réamhaisnéisiú eacnamaíochta a dhéanamh;
- Eolas agus comhairle a thabhairt d’oifigigh shinsearacha agus d’Airí;
- Comhairle agus treoir theicniúil a thabhairt le rialachas éifeachtach a chinntiú.
{slider 2. Cén áit ar cosúil go mbeinn ag obair inti dá n-éireodh liom? }
Fostáitear Céimithe mar Anailísithe Beartais/Eacnamaithe i Ranna/Oifigí Rialtais i mBaile Átha Cliath go príomha. Gné thábhachtach is ea soghluaiseacht na mball foirne i dtaca le cumas a chruthú agus le baill foirne a fhorbairt i SEMRÉ. Mar chuid den ghnáthfhorbairt gairme bíonn sé de dhualgas ar bhaill foirne bogadh go haonaid eile de chuid SEMRÉ i Ranna Rialtais éagsúla go rialta.
{slider 3. Cad é an tuarastal tosaigh? }
Is é c. €33,053 an tuarastal tosaigh don phost seo. D’fhéadfadh ráta difriúil a bheith i gceist i gcásanna áirithe. Tá tuilleadh eolais ar fáil sa leabhrán eolais.
{slider 4. Conas is féidir liom iarratas a chur isteach? }
Ar dtús, caithfidh tú cuntas publicjobs a chruthú. Is féidir leat seo a dhéanamh ar www.publicjobs.ie. Nuair atá cuntas agat, caithfidh tú foirm iarratais mhionsonraithe a chomhlíonadh agus a chur isteach. Ina theannta sin, beidh ort foirm iarratais chaighdeánach ghearr a chur isteach agus líonfar an fhoirm seo, go pointe, leis an eolas a chuir tú ar fáil nuair a chruthaigh tú do phróifíl publicjobs.ie.
{slider 5. Cúrsaí rochtana agus cóiríocht réasúnta - cad a tharlaíonn má tá cúnamh uaim? }
Tá muid tiomanta dona chinntiú gur próisis inrochtana iad ár bpróisis earcaíochta agus roghnaithe. Mar shampla, tá ár bhfoirmeacha uilig ar fáil i bhformáidí so-aimsithe agus tá gnéithe a thugann tacaíocht maidir leis an inrochtaineacht mar chuid denár n-uirlisí agallaimh.
Má tá deacrachtaí ar bith agat nó má tá ceisteanna sa bhreis agat, ná bíodh drogall ort, le do thoil, dul i dteagmháil lenár dTacadóir Míchumais,
Tuigeann muid go mbíonn riachtanais éagsúla ag iarrthóirí agus go mb’fhéidir go mbeidh socruithe nó cóiríocht réasúnta ag teastáil ó iarrthóirí atá faoi mhíchumas chun chinntiú gur féidir leo tabhairt faoi ghnéithe áirithe den phróiseas earcaíochta. Má cheapann iarrthóirí go mbeidh socruithe nó cóiríocht réasúnta ag teastáil uathu ag staid ar bith den chomórtas, molann muid dóibh é sin a chur in iúl dúinn ag staid an iarratais. Ba chóir duit féachaint ar an leabhrán eolais chun eolas a fháil faoin gcaoi ar féidir leat seo a dhéanamh. Bí ar an eolas, le do thoil, go mb’fhéidir go n-iarrfar ort tuairisc shíceolaíoch/leighis a chur isteach roimh an dáta dúnta, an 21 Deireadh Fómhair 2021. Is é is cúis leis seo ná deis a thabhairt dúinn cinneadh a dhéanamh faoin gcaoi is fearr ar féidir linn cúnamh a chur ar fáil. Má rinne tú iarratas ar chomórtas cheana leis an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí agus má chuir tú tuairisc isteach, seol rphost chuig
{slider 6. Ní saoránach Éireannach mé – an bhfuil mé incháilithe? }
Ní mór d’Iarrthóirí Incháilithe:
- (a) A bheith ina s(h)aoránach den Limistéar Eacnamaíoch Eorpach (LEE). Is iad tíortha an Aontais Eorpaigh chomh maith leis an Íoslainn, an Lichtinstéin agus an Iorua tíortha an LEE; nó
- (b) A bheith ina s(h)aoránach den Ríocht Aontaithe (RA); nó
- (c) A bheith ina s(h)aoránach den Eilvéis, de réir an chomhaontaithe idir an AE agus an Eilvéis maidir le saorghluaiseacht daoine; nó
- (d) A bheith ina s(h)aoránach neamh-LEE, atá ina c(h)éile nó ina p(h)áiste de chuid saoránach LEE nó saoránach Eilvéiseach agus a bhfuil víosa stampa 4 acu; nó
- (e) A bheith ina dhuine ar tugadh cosaint idirnáisiúnta dóibh de réir an Achta um Chosaint Idirnáisiúnta, 2015, nó baill teaghlaigh a bhfuil sé de cheart acu fanacht sa Stát de thoradh athaontaithe teaghlaigh agus a bhfuil víosa stampa 4 acu; nó
- (f) A bheith ina s(h)aoránach neamh-LEE, atá ina t(h)uismitheoir de chuid páiste atá ina s(h)aoránach LEE agus a bhfuil cónaí orthu i mballstát de chuid an LEE nó san Eilvéis agus a bhfuil víosa stampa 4 acu
Le bheith i dteideal, ní mór d’iarrthóirí ceann amháin de na critéir saoránachta thuas a chomhlíonadh roimh an dáta a ndéantar tairiscint ar phost ar bith.
Ba chóir duit féachaint ar an Leabhrán Eolais le teacht ar na riachtainais cháilitheachta uilig.
{slider 7. An bhfuil mé incháilithe don chomórtas seo? }
Le bheith incháilithe, ní mór duit cáilíochtaí áirithe, ar a ndéantar cur síos sa leabhrán eolais, a bheith agat.
{slider 8. Cad iad staideanna an phróisis earcaíochta? }
Bainimid úsáid as roinnt modhanna roghnaithe éagsúla leis na hiarrthóirí is oiriúnaí a aimsiú do na róil atá ar fáil. Beidh gnéithe éagsúla i gceist sa phróiseas roghnaithe don Chéimí mar Eacnamaí agus Anailisí Beartais. Is féidir go mbedih cuid de na nithe seo a leanas i gceist:
- Ceistneoir Measúnaithe ar líne a chomhlíonadh;
- Triail(acha) ar líne agus/nó triail(acha) ar páipéar;
- Gearrliostú:
- Agallamh físe ar líne;
- Trialacha teanga (labhartha agus/nó scríofa);
- Agalla(i)mh Iomaíoch;
- Cur i láthair/Anailís a dhéanamh;
- Triail shamplach oibre nó cleachtadh eile a cheaptar atá riachtanach.
{slider 9. Cé chomh fada a mhaireann an próiseas de ghnáth? }
Tá sé i gceist go gcuirfear painéal le chéile ón gcomórtas seo i mí Eanáir agus go gcuirfear tús le ceapacháin a dhéanamh ón bpainéal seo a luaithe agus is féidir.
{slider 10. Cé chomh fada a bheidh an comórtas gníomhach/cathain a thiocfaidh deireadh leis an gcomórtas? }
Tuigtear nach ndéanfar ceapacháin ón gcomórtas seo tar éis mhí Mheán Fómhair 2022.
{slider 11. Cad a tharlaíonn mura bhfuil mé in ann freastal ar staid den phróiseas earcaíochta? }
Ní phléifear le hiarratais ar ath-sceidealú ach i gcásanna fíor-eisceachtúla de réir mar a shocraíonn muidne (m.sh. Bás/Tinneas). I gcás iarrthóirí a dtugtar sceideal nua dóibh, próiseálfar iad leis an gcéad ghrúpa iarrthóirí eile a fhaigheann cuireadh chuig an gcéad chéim eile den phróiseas roghnaithe. Tá tuilleadh eolais ar fáil sa Leabhrán Eolais.
{slider 12. Cén tionchar a bheidh ag Covid-19 ar an bpróiseas roghnaithe? }
Cuirfear gach staid den phróiseas roghnaithe ar siúl ó chian, staid an agallaimh san áireamh. Maidir leis an agallamh, reáchtálfar ar Zoom é agus beidh an fhoireann earcaíochta i dteagmháil leat roimh ré leis na sonraí uilig, lena n-áirítear na sonraí logáil isteach a bheidh de dhíth ort le rochtain a fháil ar an nglaoch físe. Má tá deacracht agat agus tú ag iarraidh logáil isteach, seol rphost chuig an bhfoireann earcaíochta
Is féidir leat teacht ar ár nodanna don Agallamh Físe
{slider 13. Cad a chiallaíonn ‘fostóir comhdheiseanna’? }
Is fostóir comhionannais í an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí. Ciallaíonn sé sin go gcuirimid fáilte roimh iarrthóirí a bhfuil cúlraí éagsúla acu agus go dtuigimid an chaoi dhearfach a gcuireann lucht saothair a thugann léargas ar an tsochaí leis an tseirbhís phoiblí. Go tábhachtach, ní dhéanaimid idirdhealú atá bunaithe ar na naoi gcúis atá leagtha amach sna hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta 1998-2015. Tuigimid an luach a bhaineann le hiarratais ó iarrthóirí ó gach aoisghrúpa a bhfuil ábaltachtaí, féiniúlachtaí inscne, eitneachtaí, cneasdathanna agus gnéaschlaontaí éagsúla acu. Tuigimid go mbeidh creidimh reiligiúnacha agus neamh-reiligiúnacha éagsúla ag iarrthóirí. Tuigimid chomh maith go mbeidh cúlraí socheacnamaíocha éagsúla agus stádas sibhialta difriúil ag iarrthóirí agus go mb’fhéidir go dtiocfadh athrú ar a gcuid freagrachtaí cúramóra agus clainne.
{slider 14. Cén tionchar a bheidh ag Covid-19 ar an gcaoi a n-oibrím, más rud é go n-éireoidh liom san agallamh agus go nglacfaidh mé le ról do Chéimi mar Anailísí Beartais/Eacnamaí? }
De bharr Covid-19, tá an chianobair tar éis teacht chun cinn in ionad na hoibre oifige den chuid is mó, le sábháilteacht na ndaoine atá ag obair sa Státseirbhís a chinntiú. Tá an Státseirbhís, mar Fhostóir Rogha agus faoi Chlár an Rialtais, ag déanamh iniúchadh ar na deiseanna atá ann d’fhostaithe a bheith ag obair ó chian, má éiríonn leat.
{slider 15. An féidir liom m’iarratas a tharraingt siar? }
Is féidir leat d’iarratas a tharraingt siar ag staid ar bith le linn an phróisis. Ní gá duit ach rphost a sheoladh chuig
{slider 16. An bhfuil sibh ar na meáin shóisialta? }
An bhfuil ceist agat nár thugamar freagra uirthi? Is féidir leat teachtaireacht a sheoladh chugainn ar na meáin shóisialta, nó rphost a sheoladh chugainn ag