An bhfuil suim agat i ngairm atá suimiúil, dúshlánach agus a bhfuil luach saothair ag dul leis?
B’fhiú duit smaoineamh ar an Státseirbhís nó an tSeirbhís Phoiblí mar sin!
Is dócha gur chuala tú fúinn mar gur dhúirt do thuismitheoirí leat gur ‘post sábháilte’ post sa Státseirbhís ... agus anois tá tú ag smaoineamh ‘cé muid féin’?
Nuair a luaitear ‘Státseirbhís’ tá an smaoineamh ann gur ‘ oifigí liath, leadránacha atá ann chomh maith leis an fhocal ‘pinsean’ - níl sé sin ró-spreagúil. Ach ní sin an fhírinne ar chor ar bith!
An raibh a fhios agat go dtairgimid i bhfad níos mó ná “post sábháilte”? I ndáiríre, tairgimid poist shuimiúla, dhúshlánacha agus luachmhara fosta!
An bhfuil suim agat fós? Go hiontach! Lean ort ag léamh chun níos mó eolais a fháil faoi na róil agus na deiseanna atá ar fáil sa Státseirbhís.
Cad é an Státseirbhís?
Ní thuigeann a lán daoine cé muid féin, ach ná bí buartha - níl tú leat féin! Seo an t-eolas a theastaíonn uait ....
Eagraíocht ilchineálach phoiblí is ea an Státseirbhís ina bhfuil daoine ó chúlraí éagsúla agus a bhfuil taithí éagsúil acu, a oibríonn le chéile agus sprioc coitianta acu freastal ar mhuintir na hÉireann. Oifigigh phoiblí ia ea muid a thugann comhairle agus cabhair d’airí Rialtais maidir lena Ranna a bhainistiú agus tá trí phríomh-fheidhm i gceist:
- Comhairle a thabhairt don Rialtas faoi bheartas
- Cabhair a thabhairt maidir le reachtaíocht nua a dhréachtú
- Cabhrú leis an Rialtas an tír a reáchtáil de réir na reachtaíochta a cheadaíonn an tOireachtas.
Ach ní sin an scéal ar fad, bíonn a lán eile ar siúl taobh thiar agus é sin le feiceáil sna post éagsúla a thairgimid. Tá muid cinnte go bhfaighidh muid ceann a oirfidh duit. 
Cén fáth a rachainn ag obair libh?
Ní amháin go bhfuil poist spreagúla ar fáil, tá buntáistí móra i gceist as a bheith ag obair sa Státseirbhís fosta. Féach ar roinnt de na buntáistí thíos:
- Socruithe Solúbtha Oibre: Tairgimid sár-chothromaíocht oibre is saoil d’fhostaithe agus an deis a gcuid oibre a eagrú de réir a sceidil féin. Cad a chiallaíonn sin? Tá fleics-am i bhfeidhm ar fáil d’fhostaithe a thugann cad dóibh tosú idir 8am - 10am ar maidin agus críochnú idir 4pm - 7pm. Sea, léigh tú é sin i gceart - ní gá duit oibriú ó 9 - 5!
- Réimse Oibre Diminiciúil: Ofráilimid réimse dimiciúil oibre inar féidir leat a bheith páirteach in obair shuimiúil agus le ciall ón tús. Ní amháin sin ach beidh deis agat obair a dhéanamh a bheidh mar leas don phobal i gcoitinne.
- Foghlaim agus Forbairt: Tá sár-dheiseanna againn fosta maidir le foghlaim agus forbairt sa Státseirbhís. Is féidir leat tabhairt faoi thionscnaimh éagsúla foghlama agus forbartha a chuireann ar do chumas do scileanna agus do ghairm sa Státseirbhís a fheabhsú.
- Éagsúlacht: Déanaimid iarracht na hiarrthóirí is fearr agus is cumasaí a mhealladh chuig an Státseirbhís. Ní dhéanaimid idirdhealú atá bunaithe ar na nithe seo a leanas: Inscne, Stádas Pósta, Stádas Clainne, Claonadh Gnéis, Creideamh, Míchumas, Cine, agus Ballraíocht den Lucht Siúil.
Cad iad na poist atá agaibh?
Tá poist éagsúla ar fáil do dhaoine a chríochnaigh an scoil, daoine a bhfuil an Ard-Teistiméireacht acu, céimithe ó choláiste agus oibrithe gairmiúla a bhfuil taithí agus spéis ag leibhéil dhifriúla acu. Orthu siúd tá ról mar oifigeach cléireachais, oifigeach feidhmiúcháin, innealtóir agus fiú amháin tréidlia.
Tá tuilleadh eolais faoi na réimsí gairmeacha a ndéanaimid earcaíocht dóibh ar fáil anseo.
An bhfuil ceist agat?
Féach ar na príomh-Cheisteanna Coitianta anseo:
1. Cé hiad an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí?
Eagraíocht Rialtais is ea an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí (SCP) a chuireann seirbhísí earcaíochta ar fáil don Státseirbhís. Déanaimid earcaíocht fosta don Gharda Síochána, d’Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FnaSS), Rialtas Áitiúil agus comhlachtaí poiblí eile.
2. Cad é Publicjobs.ie mar sin?
Tuigimid go mbíonn daoine trí chéile uaireanta! Go simplí, is é Publicjobs.ie an suíomh gréasáin don tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí. Is air a fhógraímid gach post don Státseirbhís agus don tSeirbhís Phoiblí agus is é an príomh-shlí do dhaoine a bhfuil suim acu dul isteach sa tseirbhís phoiblí.
3. Cén cineál poist atá agaibh?
Tá poist éagsúla ar fáil do dhaoine a chríochnaigh an scoil, daoine a bhfuil an Ard-Teistiméireacht acu agus céimithe ó choláiste a bhfuil taithí agus spéis ag leibhéil dhifriúla acu. Tá muid cinnte go bhfaighidh muid ceann a oirfidh duit! Féach ar Mol Eolais to find out more information.
4. An bhfuil poist pháirtaimseartha agaibh?
Poist lánaimseartha is mó atá againn; uaireanta áfach déanaimid earcaíocht do róil pháirtaimseartha fosta. Tá cáil ar an Státseirbhís as socruithe oibre solúbtha a chur ar fáil.
5. An bhfuil gach post oifige agaibh leadránach?
Lá eile b’fhéidir go dtaitneodh an leathanach Fíor agus Bréagach leat. Maidir le do cheist ... níl, níl gach post againn lonnaithe san oifig agus is cinnte nach bhfuil siad leadránach! Cén greann atá ann? D’fhéadfá a bheith ag obair i bpost mar innealtóir nó mar thréidlia!
6. Níl a fhios agam fós ar mhaith liom dul ar choláiste. An dteastaíonn uaim céim a bheith agam sula ndéanaim iarratas ar phost?
Ní theastaíonn ar chor ar bith. Tá deiseanna éagsúla ar fáil do dhaoine a chríochnaigh sa scoil, do chéimithe agus d’oibrithe gairmiúla.
Is féidir leat do scileanna pearsanta a chur chun cinn ar bhealaí éagsúla, agus an deis a bheith agat do scileanna agus tú féin a fhorbairt go gairmiúil trí chláir oiliúna den scoth, trí mheantóireacht agus trí chórais tacaíochta, tionscnaimh oiliúna inmheánacha agus roinnt mhaith eile.
7. Tá míchumas agam. An féidir liom iarratas a dhéanamh fós?
Is féidir. Fostóir comhdheiseanna is ea an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí rud a chiallaíonn nach ndéanaimid idirdhealú atá bunaithe ar chine, dath, creideamh, bunús náisiúnta, gnéas, míchumas fisiceach nó intinne nó aois. Geallaimid daoine a bhfuil cúlra difriúla acu a earcú agus cabhraímid le daoine a bhfuil riachtanais sa bhreis acu le linn roghnaithe agus i gcinntiú go socraíonn siad go socair i bhfórsa oibre na seirbhíse poiblí.
Más mian leat aon ghné den iarratas nó den phróiseas a bhfuil baint agat leis a phlé, déan teagmháil leis an oifig rochtana:
Oifigeach Rochtana, Amanda Kavanagh
Ríomhphost:Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.,
Teolafón: (01) 8587655.
8. Ní dhearna mé agallamh riamh! Inis dom faoi phróiseas an agallaimh?
Próiseas earcaíochta ann féin atá in ár bpróiseas agus uaireanta tógann sé beagán níos faide ná i gcomhlachtaí eile. Ach glac leis gur fiú an fanacht! De ghnáth bíonn trialacha inniúlachta agus agallaimh duine le duine i gceist. Tá tuilleadh eolais faoi mhion-ghnéithe an phróisis earcaíochta ar fáil anseo nó féach ar nuashonraí feachtais.
9. Is mac léinn idirbhliana mé. An bhfuil taithí oibre agaibh?
Tá áthas orainn go bhfuil suim agat i dtaithí oibre linn! Níl scéim lárnach i bhfeidhm againn do thaithí oibre don idirbhliain; tógann ranna éagsúla mic léinn ó am go ham áfach. Má tá suim agat, molaimid duit teagmháil a dhéanamh le roinn cóngarach duit inar mhaith leat taithí oibre a ghnóthú ann.