Is é Aonach Gairmeacha DCU 2018 a bheidh ar siúl ar an Mháirt 9 Deireadh Fómhair idir 12 PM agus 3PM an chéad eachtra eile a bheidh ar siúl againn. Tá muid ag súil go mór le bheith i láthair ag an eachtra seo agus tá súil againn buaileadh le céimithe ó DCU ansin.
Tá an eachtra seo saor in aisce agus tá róil shuimiúla ar fáil do chéimithe a bhfuil suim acu in Acmhainní Daonna, Gnó/Airgeadas, Ginearálta agus Caidreamh Tionsclaíoch agus le Fostaithe.
Faoi láthair ba mhaith linn céimithe a earcú do phost mar Oifigeach Riaracháin (OR), an príomh-ghrád earcaíochta do chéimithe a théann isteach sa Státseirbhís. Mar Oifigeach Riaracháin bheadh ról rí-thábhachtach agat i bhfoirmiú polasaithe agus straitéise a bhaineann le ceisteanna eacnamaíochta,airgeadais, idirnáisiúnta, timpeallachta agus sóisialta. Tá tuilleadh eolais ar fáil ag Oifigeach Riaracháin
Tá muid ag lorg iarratas fosta do Chlár Céime Caidreamh Tionsclaíoch agus le Fostaithe na Státseirbhíse. Tugann an clár seo deis dóibh siúd gur mian leo tús a chur le gairm sa Státseirbhís taithí phraiticiúil oibre a fháil le linn dóibh a bheith ag obair le Dioplóma Gairmiúil Leibhéal 8 a bhaint amach. Tá tuilleadh eolais le fáil ag Civil Service Industrial and Employee Relations Graduate Programme.
Tá muid ag tnúth le buaileadh leat ar an lá!