Cuirfidh an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí réimse deiseanna gairme sa Státseirbhís i láthair ag Comhdháil na
dTreoirchomhairleoirí (IGC) in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath atá ar siúl an deireadh seachtaine seo Dé hAoine 19 Deireadh
Fómhair agus Dé Sathairn 20 Deireadh
Fómhair.
Beidh ár n-ionadaithe ar fáil le deiseanna sa Státseirbhís agus sa tSeirbhís Phoiblí a phlé le daoine atá ag fágáil na scoile, céimithe agus daoine atá ag lorg poist.
Beidh ionadaithe ó earnáil an Oideachais, an tAire Oideachais agus Scileanna san áireamh i láthair ag an chomhdháil i mbliana agus
beidh said ag roinnt ceardlanna le linn an dá
lá ag an ócáid.
Tá áthas orainn a rá go mbeidh an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí agus Seirbhís Eacnamaíochta agus Measúnaithe Rialtas na hÉireann ag freastal ar Aonach Earcaíochta agus Socrúcháin Ollscoil na Banríona Béal Feirste don chéad uair ar an Mháirt 16 Deireadh Fómhair.