Sheol an Roinn Airgeadais a shéú Comórtas do Bheartas Eacnamaíochta. Tabharfaidh an tionscnamh seo deis do chéimithe in institiúidí tríú leibhéal atá páirteach sa scéim, intéirneacht samhraidh 12 sheachtain le híocaíocht a ghnóthú ag obair in aice le heacnamaithe sa Roinn Airgeadais.
Tosóidh an duais seo d’intéirneacht samhraidh le híocaíocht sa Roinn Airgeadais i mí Mheithimh 2019 agus socróidh d’institiúid tríú leibhéal féin an dáta dúnta.
An Comórtas
Beidh rogha de dhá cheist faoi bheartas agat le cur ar aghaidh. Ní mór achoimre 150 focal a chur isteach chomh maith le haighneacht 2,000 focal. Is féidir aguisín 1-2 leathanach a chur fosta le leabharliosta / anailís chainníochtúil.
Conas a oibríonn sé it works
- Socróidh na hinstitiúidí atá páirteach san intéirneacht seo an comórtas a reáchtáil mar is toil leo; bíodh seo trí mhodúil shainithe nó mar chomórtas oscailte.
- Beidh a dháta dúnta féin ag gach institiúid don chomórtas seo.
- Roghnóidh d’institiúid na trí aighneacht is fearr.
- Ní mór na trí aiste ó gach institiúid a bheith leis an Roinn Airgeadais roimh an Aoine 15 Feabhra 2019.
- Roghnóidh an Roinn na trí aiste is fearr agus glaofar na mic léinn chuig agallamh i mí Mhárta 2018.
- Cuirfear an mac léinn a bhuafaidh ar an eolas faoi go luath ina dhiaidh sin.