Fógra faoi sceamáil ar WhatsApp atá dírithe ar publicjobs.ie Faigh tuilleadh eolais

Recite Me

Chuaigh Publicjobs le chéile le ReciteMe le
seirbhísí inrochtana a fheabhsú. Is féidir le cuairteoirí chuig ár suímh gréasáin Publicjobs cliceáil ar Accessibility Tools ar barr Leathanach Baile Publicjobs le teacht ar ghnéithe éagsúla
faoi inrochtaineacht.

Is féidir leis an léitheoir scáileáin an téacs a
léamh amach, méid an chló a mhéadú, dath an tsuíomh gréasáin a athrú, zúmáil isteach le féachaint ar an leathanach, an masc scáileáin a úsáid, an foclóir a úsáid, comhaid éisteachta a íoslódáil nó an teanga a athrú.

Is féidir an suíomh gréasáin a aistriú go
teangacha éagsúla lena n-áirítear Polainnis, Rómáinis, Spáinnis, Araibis, Sínis agus roinnt mhaith eile. Nuair a chliceálann tú ar an nasc Accessibility Tools, beidh an barra roghchláir le
feiceáil ag barr an scáileáin agus tá treoir shimplí ann don úsáideoir le freagra a thabhairt ar cheist ar bith a bheadh agat faoi conas an barra uirlisí a úsáid.

Tá sé beartaithe againn inrochtaineacht a fheabhsú ar ár suíomh gréasáin. Tá tuilleadh eolais ar fáil ar an leathanach inrochtaineachta.