Administrative Officer

I mbliana do na róil mar Oifigeach Riaracháin iarchéime, tá trí sruth iarratais againn.

An uair seo tá an Státseirbhís ag earcú daoine le cáilíochtaí, scileanna agus inniúlachtaí ar leith sna réimsí seo::

  • Gnó agus Airgeadas;

Chun iarratas a dhéanamh sa réimse is spéis leat, ní gá ach clic a dhéanamh ar an mBosca Ginearálta, an Bosca Gnó agus Airgeadas nó an Bosca Acmhainní Daonna nó roghnaigh na trí cinn má tá tú cáilithe.

Is cosúil go mbeidh deiseanna don Oifigeach Riaracháin (Ginearálta) trasna Ranna agus Oifigi éagsúla sa Státseirbhís.

Mar Oifigeach Riaracháin (Gnó & Airgeadas), d’fhéadfadh páirt a bheith agat ag measúnú nó ag tabhairt comhairle maidir leis an scéal airgeadais is déanaí go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta agus ag tacú le haidhmeanna polasaí eacnamaíoch an Rialtais.

Táthar ag súil go mbeidh bunchéim onórach (ar a laghad leibhéal 8) sa réimse gnó, eacnamaíocht, cuntasaíocht nó disciplín airgeadais eile agus na hinniúlachtaí seo a leanas.

Osclóidh an feachtas seo ar 1 Deireadh Fómhair.