Deiseanna do Chéimithe i dTrí Sruth

I mbliana do na róil céimithe mar Oifigeach Riaracháin, tá trí sruth iarratais againn.

An uair seo tá an Státseirbhís ag earcú daoine le cáilíochtaí, scileanna agus inniúlachtaí ar leith
sna réimsí seo:

  • Ginearálta;
  • Acmhainní Daonna;
  • Gnó agus Airgeadas.

Chun iarratas a dhéanamh sa réimse is spéis leat, ní gá ach cliceáil ar an mBosca Ginearálta, an
Bosca Gnó agus Airgeadas nó an Bosca
Acmhainní Daonna nó roghnaigh na trí cinn má
tá tú cáilithe.

Is cosúil go mbeidh deiseanna don Oifigeach Riaracháin (Ginearálta) trasna Ranna agus Oifigí éagsúla sa Státseirbhís.

Mar Oifigeach Riaracháin (Ginearálta), bheadh ról tábhachtach agat i gcruthú polasaí agus straitéise sna réimsí a bhaineann le ceisteanna eacnamaíocha, airgeadais, idirnáisiúnta, comhshaoil agus sóísialta.

Táthar ag súil go mbeidh bunchéim onórach (ar a laghad leibhéal 8) agus na hinniúlachtaí seo a leanas.

Beidh an feachtas seo ag oscailt ar 1 Deireadh Fómhair.