Fógra faoi sceamáil ar WhatsApp atá dírithe ar publicjobs.ie Faigh tuilleadh eolais

Irish Times Higher Options

Tabhair cuairt orainn ag seastán Publicjobs.ie ag taispeántas an Irish Times Higher Options san RDS, Droichead na Dothra, Baile Átha Cliath 4 ar an gCéadaoin 18, Déardaoin 19 agus Aoine 20 Meán Fómhair agus bliain eile scoile romhainn!

Is taispeántas bliantúil trí-lá é Higher Options a bheidh ar siúl san RDS Simmonscourt, Baile Átha Cliath. Tá an taispeántas dírithe ar mhic léinn as meánscoileanna agus an oideachas tríú leibhéal.

Más ar scoil atá tú, críochnaithe leis an Ard Teist nó tar éis céim Tríú Leibhéal a bhaint amach, tá deiseanna iontacha áirithe againn ar fud na Státseirbhís agus na Seirbhíse Poiblí.

Má tá tú críochnaithe leis an scoil agus machnamh á dhéanamh agat ar ghairmréim sa Státseirbhís nó sa Seirbhís Phoiblí, nach fiú duit súil a chaitheamh ar ár Leathanach Dara Leibhéal áit atá ina bhfuil eolas a chabhródh le mic léinn dara leibhéal?

Ia féidir leat síniú freisin le haghaidh foláirimh ar phoist - tá sé éasca, níl le déanamh agat ach clárú le Publicjobs.ie chun an eolas is déanaí a fháil ar ghairmeacha is spéis leat.