Aire, a mhic léinn UCD!!! Beimid ag Aonach Gairmeacha Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath ag Halla Uí Raghallaigh, Campas Belfield Dé Céadaoin, 25 Meán Fómhair ón 11:00am go 3:00pm, le go leor eolais le roinnt le céimithe faoi dheiseanna sa Státseirbhís agus sa Seirbhís Phoiblí.
Táimid ag lorg céimithe sna réimsí seo a leanas do róíl mar Oifigigh Riaracháin: Ginearálta, Acmhainní Daonna and Gnó agus Airgeadas.
Is é príomhghrád earcaíochta na Státseirbhíse an t-Oifigeach Riaracháin, trínar féidir leat a bheith ar bhonn laethúil a bheith ag plé le dréachtadh polasaí agus reachtaíochta ar ábhair na linne a dhéanfaidh difear mór do thodhchaí na hÉireann, cosúil leis an athrú aeráide, cáin, airgeadas agus an Breatimeacht.
Tá spéis ar leith againn labhairt leat faoin sruth Gnó agus Airgeadais don ról mar Oifigeach Riaracháin, ar spéis ar leith sin, b’fhéidir, do chéimithe sa Gnó, Airgeadas nó Bhainistíocht. Táimid freisin ag lorg céimithe sna hAcmhainní Daonna, agus don sruth ginearálta, céimithe thar gach disciplín.