Fógra faoi sceamáil ar WhatsApp atá dírithe ar publicjobs.ie Faigh tuilleadh eolais

An spéis leat cuntasaíocht nó inniúchóireacht? Tá an t-Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ag earcú le haghaidh Iniúchóirí ar Oiliúint Mí Deireadh Fómhair seo. Beidh an comórtas ar oscailt ón 1 Deireadh Fómhair go dtí 24 Deireadh Fómhair.

Déanann an AR C&C iniúchadh ar thart ar 300 comhluchtaí rialtais láir agus stáit chun a chinntiú go bhfuil cuntas ceart ar chistí poiblí. Clúdaíonn na bunghníomhaíochtaí raon leathan de réimsí agus tionchar i saol an tsaoránaigh cosúil le bailiú cánach, tacaithe agus cláir shóisialta, caiteachas ar oideachas, seirbhísí sláinte, rialálaithe agus comhluchtaí airgeadais. Déantar iniúchadh de réir caighdeáin ghairmiúla.

Más céimí thú atá ag iarraidh cúrsaí gairmiúla a leanúint chun cáilíocht a fháil le ceann de na comhluchtaí aitheanta cuntasaíochta, is duitse an ról seo!

Tá tuarastal dár tús €33,630 á thairiscint ag an A-R C&C, chomh maith le maoiniú agus saoire staidéir do scrúduithe don chuntasaíocht ghairmiúil, fleisc-am agus forbairt ghairme den scoth, deiseanna dul chun cinn ar cháiliú duit san áireamh.

Chun tuilleadh eolais a fháil déan síniú le haghaidh ár bhfoláirimh ar phoist agus lean muid Facebook,Twitter, LinkedIn Instagram.

Iarratas Anois