Siar linn! Glaoch ar gach céimí agus mac léinn!
Tá méid áirithe deiseanna iontacha againn a bheidh á gcur chun cinn again ag Aonach Gairmeacha Ollscoil Náisiúnta na hÉireann Gaillimh (NUIG) Dé Máirt, 1 Deireadh Fómhair.
Tá raon de phoist againn atá oscailte inniu d’Oifigigh Riaracháin trasna na Seirbhíse Phoiblí agus na Státseirbhíse. Tugann na róíl seo deis do chéimithe obair a dhéanamh mar bhainisteoirí sóisearacha ar shaincheisteanna atá ag dul i bhfeidhm ar Éire, cosúil leis an Breatimeacht, an
t-athrú aeráide agus an geilleagar. Beimid ag
earcú thar ceithre sruth: Ginearálta, Acmhainní Daonna, Gnó agus Airgeadas.
Chun níos mó eolais a fháil faoi ról an Oifigigh Riaracháin, caith súil ar ár leathanach 2019 le Fosaithe do Cheimithe.
Sínigh le haghaidh foláirimh do phoist – tá sé éasca, níl le déanamh agat ach clárú le Publicjobs.ie chun an eolas is déanaí a fháil ar ghairmeacha is spéis leat.
Más spéis leat an eacnamaíocht nó iniúchóireacht, beidh ár gcomhghleacaithe ón Seirbhís Eacnamaíoch agus Measúnaithe Rialtais (IGEES) ag earcú Eacnamaithe Iarchéime agus tá Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ag lorg Iniúchóirí ar oiliúint. Tá na poist seo “beo” anois agus is féidir leat cur isteach orthu le ‘clic’ ar na naisc thíos 2019 le Fosaithe do Cheimithe!
Táimid ag tnúth le casadh ort ag an Aonach Gairmeacha seo.