A alumnais, a chéimithe agus a mhic léinn de chuid Ollscoil Luimnigh, tá an-áthas orainn a bheith ag freastal ar Aonach Gairmeacha Ollscoil Luimnigh ar an Déardaoin, 3 Deireadh Fómhair ó 12:00pm go dtí 4:00pm ag an Airéine Spóírt.
Is féidir leat cuairt a thabhairt orainn ag ár seastán chun níos mó a fháil amach faoinár bhFeachtas Deiseanna do Chéimithe mar Oifigigh Riaracháin, atá ar oscailt ón 1 go dtí an 7 Deireadh Fómhair.
You can visit us at our stand to find out more about our Graduate Opportunities for Administrative Officer positions, which is open from the 1st to the 7th of October.
Tá an ról seo oscailte do chéimithe le spéis sna réimsí seo a leanas: Airgeadas agus Gnó, Acmhainní Daonna, agus na disciplíní eile ar fad.
Is ról éagsúil é an t-Oifigeach Riaracháin agus braitheann sé ar an roinn ina bhfuil tú ag feidhmiú ach d’fhéadfadh obair ar pholasaí a bheith i gceist ar shaincheisteanna a rachaidh i bhfeidhm ar Éire, cosúil leis an geilleagar, an t-athrú aeráide, an Breatimeacht, ceisteanna sóisialta agus gnó.
Beidh Oifigigh Riaracháin reatha linn ar an lá, a labhróidh leat faoin cineál oibre a dhéanann siad ar bhonn laethúil agus an taithí atá acu ag obair sa Státseirbhís agus sa Seirbhís Phoiblí. Beidh ár bhfoireann chairdiúil agus thacúil ábalta aon cheisteanna a fhreagairt maidir leis an bpróiseas earcaíochta agus conas iarratas a dhéanamh.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoin ról mar Oifigeach Riaracháin, féach ar Deiseanna do Chéimithe 2019, which describes the role and the competencies needed for this exciting opportunity.
Sínigh le haghaidh foláirimh do phoist – tá sé éasca, níl le déanamh agat ach clárú le Publicjobs.ie chun an eolas is déanaí a fháil ar ghairmeacha is spéis leat.