Fógra faoi sceamáil ar WhatsApp atá dírithe ar publicjobs.ie Faigh tuilleadh eolais

UCC Logo

Tá an-áthas orainn go mbeidh ár gcomhghleacaithe leis an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (C&AG) agus sa Seirbhís Eacnamaíoch agus Measúnaithe Rialtais (IGEES) ag freastal ar Aonach Gairmeacha Choláiste na Ollscoile Corcaigh Dé Céadaoin 9 Deireadh Fómhair.

Cuirfidh an imeacht seo deis ar fáil do mhic léinn den am atá caite agus den am i láthair, a fháil amach i dtaobh na deiseanna do chéimithe sa Státseirbhís, róil mar Anailíseoir Polasaí/Eacanamaí Iarchéime leis an IGEES agus róil mar Iniúchóir ar Oiliúint leis an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.

Is seirbhís chomtháite tras-Rialtais í an IGEES a thacaíonn ceapadh agus cur i gcrích feabhsaithe beartais sa státseirbhís trí anailís agus measúnú polasaí.

Tá trí ról mar Anailíseoir Polasaí/Eacnamaí Iarchéime leis an IGEES in gach Roinn Rialtais.

Chun iarratas a dhéanamh do róil mar Anailíseoir Polasaí/Eacnamaí Iarchéime, déan clic anseo.

Táimid ag fógairt freisin róil mar Iniúchóir ar Oiliúint leis an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste. Cuireann an A-R C&C deimhithe neamhspleácha ar fáil go bhfuil cistí agus acmhainní poiblí á riarú go héifeachtach agus cuntas ceart orthu.

Le tuilleadh eolais a fháil agus chun iarratas a dhéanamh don ról mar Iniuchóir ar Oiliúint, déan clic anseo.