New Year New Career Image

An bhfuil dúshlan nua agus gairm nua á lorg agat an Eanáir seo?

An bealach is fearr leis an bpost sin is ansa leat a bhaint amach, ná an-chuid ullmhúcháin a dhéanamh. Tá liosta leideanna agus comhairle againn duit a chuirfidh ar do chumas a bheith muiníneach agus tú ag cur isteach ar an bpost atá foirfe duitse!

I gcás na bpost sin atá liostaithe ar ár suíomh gréasáin, de ghnáth bíonn sé riachtanach duit foirm iarratais a líonadh agus dul faoi agallamh. Dá bhrí sin, sula gcuireann tú isteach ar phoist dár gcuid is fiú duit féachaint ar ár gcomhairle faoin Iarratas agus faoin Iarratas aagus faoin Agallamh.

Tá eolas ar fáil uainn freisin faoi conas clárú le publicjobs.ie faoiCeisteanna Coitianta.

Tá réimse de ghairmeacha suimiúla agus spéisiúla againn agus iad ar fáil ar fud na Státseirbhíse agus na Seirbhíse Poiblí; mar sin, má tá gairm nua á lorg agat an bhliain nua seo, fiosraigh na poist atá ar fáil uainn anseo.