Fógra faoi sceamáil ar WhatsApp atá dírithe ar publicjobs.ie Faigh tuilleadh eolais

Chinese New Year image

Beidh Bliain Nua na Síneach ann ar fud na tíre ar fad ón Aoine 24 Eanáir go 10 Feabhra. I mbliana,
is í Bliain an Fhrancaigh atá ann.

Go leor de na tréithe atá riachtanach dúinn le
go n-éireodh linn inár ngairmeacha féin, tá siad
ag an bhFrancach, fuinneamh, misneach agus a bheith ag oibriú go dian, san áireamh.

I mbliana, tá an clár do Bhliain Nua na Síneach i mBaile Átha Cliath ar na cinn is mó go dtí seo. Ar an sceideal, tá neart imeachtaí iontacha a
bheidh ar siúl ar fud na cathrach.

Beidh roinnt ceardlanna, léachtaí agus
cainteanna spéisiúla a bheidh lán d’eolas ann,
san áireamh ‘How are Chinese Migrants Adapting to Life in Ireland’ ar an Luan, 27 Eanáir, ag Halla
San Labhrás – campas OT BÁC, Gráinseach Ghormáin, agus Ceardlann Sceitseála don
Teaghlach i nDánlann Hugh Lane ar an Domhnach, 26 Eanáir, gan trácht ar an Searmanas Oscailte i gCill Dara, Déardaoin 23 Eanáir mar aon le ceiliúradh na Bliana Nua ag Cumann Síneach na Mac Léinn agus na Scoláirí.

Tá an tSeirbhís Phoiblí ag athrú go gníomhach in éineacht le sochaí na hÉireann agus ag léiriú na pobail ar a bhfuilimid ag freastal agus tá an tSeirbhís an-tiomanta do chomhionannas deiseanna ina chuid cleachtais fostaíochta uile.