Maidir le fógra an Taoisigh, an tUasal Leo Varadkar, TD, ar maidin inniu, tá an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí agus Boird Stáit tar éis gach agallamh agus imeacht aghaidh ar aghaidh a chur siar ó 6 pm inniu, Déardaoin, 12 Márta 2020 go dtí go bhfógrófar a mhalairt.

Má tá agallamh le bheith agat, beimid i dteagmháil leat trí do Bhord Teachtaireachtaí. Ós rud é go bhfuil an scéal seo ag forbairt i rith an ama, leanfaimid orainn á mheas agus ag soláthar an eolais is déanaí. Deimhnigh, le do thoil, go bhfuil do shonraí teagmhála ar fad suas chun dáta.

Má tá aon cheisteanna agat, déan teagmháil, le do thoil, le Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air..

Lean ort, le do thoil, ag féachaint ar ár suíomh gréasáin agus ar ár meáin shóisialta chun an t-eolas suas chun dáta a fháil.




Má tá tú tar éis a bheith, le 14 lá anuas, i gceantar atá buailte, nó má bhí dlúthchaidreamh agat le cás cinntithe nó le cás dóchúil de COVID-19 le 14 lá anuas AGUS go bhfuil aon cheann de na comharthaí tinnis seo ort:

  • casacht;
  • fiabhras;
  • deacrachtaí análaithe;
  • giorra anála.

Cuir glao gutháin ar do dhochtúir teaghlaigh gan mhoill, le do thoil, le comhairle leighis a fháil.

Ná freastail ar an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí, le do thoil, agus déan teagmháil gan mhoill le Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air..

Ba mhaith linn ár n-iarrthóirí a chur ar a suaimhneas agus a rá má bhaineann na bearta seo leat nach mbeidh drochthionchar ag an rud sin ar d’iarratas agus beimid i dteagmháil chun d’agallamh nó do thástáil a athsceidealú.

Is féidir eolas agus comhairle sláinte maidir le COVID-19 a fháil ó FSS agus ón Roinn Sláinte .