Fógra faoi sceamáil ar WhatsApp atá dírithe ar publicjobs.ie Faigh tuilleadh eolais

Tá an-áthas orainn a fhógairt maidir le Gradaim gradIreland 2020 go bhfuilimid ar an ngearrliosta, ní díreach d’aicme amháin ach, do thrí aicme. Is iad Gradaim gradIreland na gradaim earcaíochta is mó i dtionscal na hearcaíochta do chéimithe in Éirinn. Déanann painéal saineolaithe in éineacht le vótaí breis is 13,000 fochéimí ar fud na hÉireann moltóireacht orthu.

Táimid ar an ngearrliosta do na haicmí seo a leanas:

  • An Feachtas Margaíochta is fearr do Mhic Léinn as 2019 #ÉireagAthrú Deiseanna do Chéimithe, ina raibh gnéithe nua agus nuálacha a raibh sé mar chuspóir acu go machnódh céimithe ar na buntáistí a d’fhéadfadh a bheith le gairm bheatha sa Státseirbhís;

  • An Clár Oiliúna agus Forbartha is Fearr do Chéimithe – Cláracha Sainoilúna/Oiliúna Gairmiúla as an gClár nua iontach a bhaineann le roinnt Ranna (An Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, agus An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara) agus leis an gCoimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre. Tá sé mar aidhm ag an gClár seo tacaíocht a thabhairt d’fhorbairt speisialtóirí sa Chaidreamh idir Fostóirí agus Fostaithe agus sa Chaidreamh Oibreachais a bheidh in ann gníomhú ar son an Rialtais chun bainistiú a dhéanamh ar na caidrimh sin.

  • Gradam gradireland d’Ilchineálacht Earcaíochta urraithe ag AHEAD as a ról maidir le forbairt a dhéanamh ar acmhainní agus cleachtais i ndáil le Comhionannas, Ilchineálacht agus Ionchuimsitheacht. Cuidíonn sé seo leis an tseirbhís phoiblí chun é féin a chur chun cinn mar fhostóir a roghnaíonn daoine thar an réimse iomlán tallann, go háirithe do chéimithe ar mian leo fostóir agus timpeallacht oibre a aimsiú a bhfuil a luachanna ag réiteach lena n-idéil fhorásacha agus ionchuimsitheacha féin.

Tá obair iontach agus nuálach ar bun ar fud na Státseirbhíse agus na Seirbhíse Poiblí san earnáil a bhaineann le céimithe a earcú

Seo meabhrú gearr faoinár bhfíseán Deiseanna do Chéimithe 2019




Tá an-lúcháir orainn go bhfuilimid san iomaíocht do ghradaim i roinnt réimsí tábhachtacha. Is geall le liosta de na fostóirí atá go mór chun cinn maidir le céimithe a fhostú in Éirinn na gearrliostaí. Táimid an-díograiseach faoina chinntiú go bhfeiceann agus go dtuigeann céimithe chomh hilchineálach agus atá na deiseanna atá ar fáil sa státseirbhís agus sa tseirbhís phoiblí chun obair a dhéanamh atá suimiúil agus fiúntach mar aon leis an tionchar is féidir leo a bheith acu i gcruthú #ÉireagAthrú.

Tá sé i gceist anois na Gradaim a bheith ann i mí Lúnasa toisc gur cuireadh siar iad mar gheall ar ghéarchéim Covid-19. Coinneoimid thú ar an eolas.

Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil lenár lucht tacaíochta, lenár gcliaint agus go háirithe leis na céimithe ar fad as bhur dtacaíocht leanúnach dár n-iarrachtaí chun feabhas a chur ar ár seirbhísí earcaíochta do chéimithe.