Déantar Lá Idirnáisiúnta na nImirceach a cheiliúradh ar an 18 Nollaig gach bliain, agus déantar an chaoi a dtéann imircigh i bhfeidhm ar phobail ar fud an domhain a aithint agus a cheiliúradh. Tá taighde tar éis a léiriú go gcuireann sochaithe a bhfuil éagsúlacht iontu, lena n-áirítear lucht saothair, go mór leis na deiseanna forbartha agus nuálaíochta atá ann, agus go dtugann siad tacaíocht don chomhtháthú sóisialta i sochaithe cuimsitheacha. Is é ‘Soghluaiseacht Daoine a Athshamhlú’ téama na bliana seo, téama a aithníonn tionchar dearfach sochaíoch na n-imirceach, go háirithe le bliain anuas, agus an troid in éadán Covid-19 faoi lán seoil, tréimhse inar léiríodh a gcuid eolais agus scileanna san obair a dhéanann siad i réimsí cosúil leis an réimse sláinte, réimse an iompair agus seirbhísí bia. Tá freagracht chomhchioteann orainn domhan atá níos sabháilte, níos cuimsithí agus níos láidre a chruthú.
Léiríonn an Straitéis maidir hImeascadh na nImirceach 2017-2020) an aidhm atá ann imircigh ón LEE agus daoine ó mhionlaigh eitneacha a fhostú in 1% de na poist sa státseirbhís. Leagann an straitéis seo amach tiomantas an Rialtais maidir le himeascadh na n-imirceach a chur chun cinn agus an chaoi ar féidir an fhís atá ann d’Éirinn mar shochaí ina bhfuil róil ghníomhacha ag imircigh i bpobail agus in ionaid oibre a bhaint amach.
Tuigeann an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí an tábhacht a bhaineann le seirbhís phoiblí ar léiriú í ar na pobail a bhfreastalaímid orthu a sholáthar. I mbliana, i gcomhar leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, rinneamar na critéir cháilitheachta maidir le saoránacht a leasú don earcaíocht a bhaineann le seirbhís ghinearálta. Rinneadh na critéir a leathnú, ionas go gcuirtear ní hamháin saoránaigh de chuid an LEE san áireamh, ach daoine a bhfuil stádas cosanta idirnáisiúnta acu, mar aon le saoránaigh neamh-LEE atá ina gcéilithe nó ina bpáistí de chuid daoine atá ina saoránaigh LEE, a bhfuil víosa Stampa 4 acu (is féidir féachaint ar na critéir iomlána thíos). Is céim thábhachtach í seo maidir le státseirbhís, a bhfuil níos mó éagsúlachta inti agus ar léiriú í ar an daonra i gcoitinne, a chruthú agus maidir le lucht saothair, ina bhfuil cuimsiú agus comhionannas chun tosaigh, a chinntiú.
Critéir Cháilitheachta a bhaineann le Saoránacht
Maidir le cuid mhaith dár róil, clúdaíonn na riachtanais cháilitheachta daoine ar tugadh cosaint dóibh faoin Acht um Chosaint Idirnáisiúnta 2015 nó baill teaghlaigh a bhfuil sé de cheart acu fanacht in Éirinn de thoradh athaontaithe teaghlaigh.
Tá gráid Seirbhíse Ginearálta sa Státseirbhís, agus róil eile, oscailte d’iarrthóirí atá, faoin dáta a ndéantar tairiscint poist:
- Ina s(h)aoránach den Limistéar Eacnamaíoch Eorpach. Is iad tíortha an Aontais Eorpaigh chomh maith leis an Íoslainn, an Lichtinstéin agus an Iorua tíortha an LEE; nó
- Ina s(h)aoránach den Eilvéis, de réir an chomhaontaithe idir an AE agus an Eilvéis maidir le saorghluaiseacht daoine; nó
- Ina s(h)aoránach neamh-LEE, atá ina c(h)éile nó ina p(h)áiste de chuid duine atá ina saoránaigh LEE nó ina saoránaigh Eilvéiseaigh agus a bhfuil víosa stampa 4 acu; nó
- Ina dhuine ar tugadh cosaint idirnáisiúnta dóibh de réir an Achta um Chosaint Idirnáisiúnta, 2015, nó aon bhall teaghlaigh a bhfuil sé de cheart acu fanacht sa Stát de thoradh athaontaithe teaghlaigh agus a bhfuil víosa stampa 4 acu nó
- Ina s(h)aoránach neamh-LEE, atá ina t(h)uismitheoir de chuid páiste atá ina s(h)aoránach LEE agus a bhfuil cónaí orthu i mballstát de chuid an LEE nó san Eilvéis agus a bhfuil víosa stampa 4 acu.
Naisc & Acmhainní sa Bhreis
Le tuilleadh eolais a fháil maidir le cosaint a lorg nó maidir leis na tacaíochtaí atá ar fáil d’imircigh, féach ar na naisc thíos:
- An tIonad um Chearta na nImirceach in Éirinn obair le ceartas, le cumasú agus le comhionannas a bhaint amach d’imircigh agus a dteaghlaigh.
- Léigh an Straitéis maidir hImeascadh na nImirceach 2017-2020.
- Tá eolas faoin Acht um Chosaint Idirnáisiúnta 2015, ina bhfuil nasc chuig an Leabhrán Eolais dóibh siúd ar mhaith leo iarratas a dhéanamh ar chosaint, ar fáil ar an nasc seo a leanas Nasc chuig an Oifig um Chosaint Idirnáisiúnta.