Ar Lá Idirnáisiúnta na mBan, déanaimid na héachtaí atá déanta ag mná a cheiliúradh agus cuirimid béim ar an tábhacht a bhaineann leis an gcomhionannas sa cheannaireacht maidir le timpeallachtaí dearfacha agus torthúla oibre a chruthú. Bhuaileamar le cuid de na mná atá i róil cheannaireachta anseo ag publicjobs.ie agus roinn siad eolas faoina dtaithí ghairme linn, mar aon le comhairle agus spreagadh a thabhairt do dhaoine eile le cabhrú leo gairmeacha rathúla a bhfuil sásamh le fáil iontu a chothú.

Julie McCafferty, Síceolaí Cairte Oibre & Eagraíochta ag Publicjobs.ie

1. Is é Choose to Challenge téama Lá Idirnáisiúnta na mBan i mbliana. I do thuairimse, cad iad na buntáistí a bhaineann le smaointe a cheistiú? 

Léigh mé le déanaí go dtógfaidh sé 60 bliain, ar a laghad, ar an AE comhionannas inscne iomlán a bhaint amach, má leanfaimid orainn de réir mar atá sé. Nuair a cheistímid smaointe, cuirimid béim ar na háiteanna a bhfuil éagothroime inscne le brath iontu agus is féidir linn, ansin, obair a dhéanamh le hathruithe a chur i bhfeidhm le hiarracht a dhéanamh sochaí níos cothroma a chruthú do chách.

2. Cad a déarfá le mná atá ag smaoineamh ar ról sa tseirbhís phoiblí nó sa Státseirbhís? 

Mholfainn gairm sa tseirbhís phoiblí agus sa státseirbhís go láidir do chách agus do dhaoine a bhfuil cúlraí éagsúla acu. Tá an chothromaíocht oibre agus saoil go maith, tá seasmhacht ag baint leis na poist seo, mar aon le neart deiseanna le dul chun cinn a dhéanamh agus réimsí éagsula inar féidir leat a bheith ag obair.

3. Cad í an chomairle is fearr a fuair tú riamh maidir leis an gceannaireacht? 

A bheith ionraic le daoine. Ná bíodh drogall ort cabhair a lorg nuair atá sí ag teastáil uait nó a admháil nach bhfuil rud éigin ar eolas agat. Bíonn tuiscint níos fearr ag daoine ort nuair a bhíonn tú ionraic agus ní saineolaí éinne ar gach rud! Bain leas as na láidreachtaí i d’fhoireann mar go ndéanann sé seo tairbhe do gach duine aonair agus don fhoireann iomlán

4. Cad é an dúshlán is mó atá roimh mhná maidir lena ngairmeacha sa lá atá inniu ann, dar leat? 

Ceapaim gur constaic ollmhór é an t-ualach oibre tí a thiteann ar mhná timpeall an domhain. Is iad na mná a dhéanann an chuid is mó den obair gan íocaíocht, lena n-áirítear cúram leanaí agus obair tí. D’fhoghlaim mé le déanaí go gcaitheann mná beagnach 11 uair níos mó sa tseachtain ag tabhairt aire do dhaoine eile agus 10.5 n-uaire níos mó sa tseachtain ar obair tí, ar an meán, i gcomparáid le fir. Is constaic é seo do mhná maidir le dul chun cinn a dhéanamh ina ngairmeacha agus, ina theannta sin, ciallaíonn sé go bhfuil níos lú ama acu páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí sóisialta, pearsanta agus i gcaithimh aimsire.

5. I do thuairimse, cén fáth a bhfuil sé tábhachtach go dtéann níos mó ban le gairmeacha in earnálacha ina bhfuil mná faoi ghannionadaíocht? 

Ceapaim ndéanann cothromaíocht inscne in earnáil ar bith leas do chách, is iad steiréitíopaí agus constaicí sistéamacha go minic a chiallaíonn nach bhfuil rochtain ag mná ar earnálacha áirithe. Tá tearcionadaíocht ag mná chomh maith i róil ina ndéantar cinntí i roinnt earnálacha éagsúla agus is fadhb mhór í seo nuair a smaoinímid ar an tearcionadaíocht atá acu maidir le cinntí a dhéanamh i réimse na sláinte poiblí agus sa rialtas.

Má chuirimid an éagothroime inscne ina ceart, bheadh deis ag mná poist a ghlacadh a bhfuil tuarastail níos airde ar fáil iontu ná na tuarastail atá ar fáil sna hearnálacha a bhaineann leis na mná go traidisiúnta agus chabhródh sé sin leis an mbearna phá idir fir agus mná a laghdú. Maidir le cinntí a dhéanamh, tá dea-thionchar eacnamaíoch ag an gcothromaíocht inscne ar an tsochaí; léiríodh go leathnaítear dearcthaí, go dtagann méadú ar an gcruthaitheacht agus ar an nuálaíocht, go ndéantar tallana agus inniúlachtaí a éagsúlú, go laghdaítear coimhlintí agus go dtagann feabhas ar an bpróiseas cinnteoireachta dá bharr.

6. Cad iad na constaicí a bhí romhatsa agus tú ag iarraidh dul chun cinn a dhéanamh i do réimse féin agus cén chaoi ar éirigh leat iad a shárú? 

De bharr gur réimse sách nua é réimse na gairmshíceolaíochta in Éirinn, ní fhógraítear a lán post mar phoist sa ‘ghairmshíceolaíocht’, ach is féidir le gairmshíceolaithe dul chun cinn iontach a dhéanamh i róil éagsúla, lena n-áirítear róil AD agus róil a bhaineann leis an bhFoghlaim agus an bhForbairt. Ní thuigeann roinnt mhaith fostóirí cad go díreach a dhéanann tú ná na buanna atá agat a dhéanfadh leas don eagraíocht. Mar ghairmshíceolaí, mar sin, caithfidh tú a bheith an-tiomanta agus do ghairm a bhainistiú ar bhealach cúramach. Lorg mé deiseanna agus oiliúint a chabhródh liom mo scileanna a fhorbairt agus leas mé mo CV le béim a leagan ar na buanna atá agam a bheadh oiriúnach do róil éagsúla. Ina theannta sin, tháinig mé ar mheantóirí i mo réimse a thug tacaíocht agus treoir dom, rud a bhí ina bhuntáiste mór, go háirithe nuair a thosaigh mé i mo ghairm ar dtús. 

7. Cé hiad na ceannairí baineanna a spreagann thú agus cén fáth?  

Mary Robinson, mar go gceapaim gur athraigh sí Éire nuair a toghadh í ina céad Uachtarán baineann sa bhliain 1990. Réitigh sí an bealach do mhná na hÉireann, maidir le cearta na mban agus maidir leis an gcothromaíocht inscne. Toisc go raibh uachtaráin bhaineanna ann agus mé ag fás aníos, thuig mé ó shin gur féidir le mná barr a ngairme a bhaint amach.

8. Cén teachtaireacht thábhachtach a roinnfeá le mná óga a bhfuil machnamh á dhéanamh acu ar a ngairmeacha? 

Mholfainn dóibh rud a bhfuil suim mhór acu ann a aimsiú agus dul sa tóir air ... agus gan ligean d’éinne a rá leat nach féidir leat é a dhéanamh!