Mar chuid den ghníomhaíocht urraíochta, óstálfaidh Publicjobs.ie Seomra do Chleachtóirí, ina ndíreofar ar an gcaoi ar féidir buíon tallainne, a bhfuil éagsúlacht inti, a mhealladh i dtreo na hearnála poiblí agus déanfaidh Sandra Healy, Stiúrthóir an Ionaid Bairr Feabhais don Éagsúlacht agus don Chuimsiú in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath modhnóireacht air. Glacfaidh roinnt cainteoirí páirt sa díospóireacht: POF Publicjobs.ie Shirley Comerford, Charmaine De Souza - Stiúrthóir Cúnta na nAcmhainní Daonna agus na Forbartha Eagraíochta in Údarás Mhórcheantar Londain, Yazmine Laroche - Rúnaíocht Bhord Státchiste Cheanada, Paul Franey - Ceannfort i gCeantar Bhaile Brigín, An Garda Síochána, agus Karen Davis - Bainisteoir Aimsithe Tallainne i mBSL.
Cuirfear béim agus déanfar plé sa seisiún ar shamplaí de chuir chuige fhorásacha agus nuálacha i seirbhís phoiblí na hÉireann, agus ag leibhéal idirnáisiúnta, le buíon tallainne ina bhfuil éagsúlacht le brath a mhealladh agus a earcú. Déanfaidh na cainteoirí plé ar an gcaoi ar féidir le cleachtais agus straitéisí ionchuimsitheacha earcaíochta cabhrú le háiteanna oibre ina bhfuil níos mó éagsúlachta le brath a chothú, mar aon le scrúdú a dhéanamh ar threochtaí, ar chonstaicí, ar dheiseanna agus ar dhea-chleachtas maidir le lucht saothair a mhealladh ar léiriú é ar na pobail a bhfreastalaíonn an earnáil phoiblí orthu.
Agus í ag labhairt ag an gcomhdháil, bhí an méid seo a leanas le rá ag Shirley Comerford, POF na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí:
“Tá a fhios againn uilig go gcabhraíonn seirbhís phoiblí a gcuireann fostaithe ó gach carn den tsochaí fuinneamh inti, agus a gcuireann fostaithe ó gach carn den tsochaí léi, linn seirbhísí poiblí atá níos freagrúla agus níos ionchuimsithí a chur ar fáil. Tá ról lárnach ag cultúir ina bhfuil an cuimsiú chun tosaigh in áiteanna oibre maidir le buíon tallainne a mhealladh agus a choinneáil, maidir le gnó agus feidhmíocht foirne a chur chun cinn agus maidir le tacú leis an gcomhoibriú agus leis an nuálaíocht.”
Ina theannta sin, bhí an méid seo a leanas le rá ag Sandra Healy, Stiúrthóir an Ionaid Bairr Feabhais in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath:
“Bliain ar leith a bhí sa bhliain 2020, inar tháinig dúshláin agus cíor thuathail nach bhfacthas riamh cheana chun cinn i roinnt eagraíochtaí, a raibh orthu dul i ngleic le hobair a dhéanamh le linn paindéime domhanda. Bhí ar eagraíochtaí athrú go sciobtha agus, níos mó ná riamh, tá sé riachtanach béim a chur ar an gcuimsiú agus ar an éagsúlacht, leis na torthaí is fearr a bhaint amach do ghnólachtaí, do dhaoine agus do chustaiméirí.”
“Cuirtear béim láidir in InclusionWorks2021 ar an gcaoi ar féidir éagsúlacht agus ar cuimsiú a chur i bhfeidhm san áit oibre ar bhealach praiticiúil - go háirithe toisc go bhfuil eagraíochtaí ag athrú ionas gur féidir leo iad féin a chur in oiriúint don saol oibre nua iar-COVID a bheidh ann.”
“Foghlaimímid óna cheile – agus tabharfaidh an chomhdháil an t-eolas is fearr dóibh siúd atá ag freastal uirthi maidir le ceannaireacht agus maidir le cuir chuige a chloíonn le dea-chleachtais. Beidh cleachtóirí in ann teacht ar an eolas atá riachtanach le pleananna don éagsúlacht agus don chuimsiú a chur chun cinn ar bhealach rathúil ina n-eagraíochtaí.”
Mar aon le hionchur Publicjobs.ie maidir le buíon tallainne ina bhfuil éagsúlacht le brath a mhealladh i dtreo na hEarnála Poiblí, glacfaidh ceannairí sinsearacha agus saineolaithe i réimse na héagsúlachta agus an chuimsithe ó eagraíochtaí éagsúla páirt sa chomhdháil, lena n-áirítear ceannairí agus saineolaithe ó Google, Pfizer, Indeed, Matheson, Banc na hÉireann, an Ghluaiseacht um Maireachtáil Neamhspleách, SmartRecruiters, Irish Life, AMCK Aviation, Fidelity Investments and Nestlé.
Lean an díospóireacht ar Twitter, trí úsáid a bhaint as an haischlib #inclusionworks2021.