Tá muid ag súil go mór le freastal ar aonaigh ghairme éagsúla sna seachtainí atá amach romhainn chun an réimse deiseanna atá ar fáil againn do chéimithe sa Státseirbhís agus sa tSeirbhís Phoiblí a chur chun cinn.

Tá deiseanna do Chéimithe sa Státseirbhís agus sa tSeirbhís Phoiblí curtha in oiriúint le céad glúin eile cheannairí na Seirbhíse Poiblí a spreagadh, dúshlán a chur rompu agus tacaíocht a thabhairt dóibh.

Tá céimithe atá díograiseach, uaillmhianach agus tiomanta agus a bhfuil sé de chumas acu freagrachtaí ardleibhéil thar réimse seirbhísí poiblí a bhainistiú á lorg againn.

Tuigeann muid an luach a bhaineann le taithí dhifriúil, le cáilíochtaí agus dearcthaí éagsúla maidir le seirbhís phoiblí a fhreastalaíonn ar gach duine in Éirinn a chruthú.

Cuireann muid deiseanna ar fáil i ndisciplíní céime agus gairme éagsula, lena n-áirítear róil Ghinearálta (gach Disciplín), róil Ghnó agus an Airgeadais, róil i réimse na nAcmhainní Daonna, deiseanna d’Anailísithe Beartais Sláinte agus d’Eacnamaithe agus Anailísithe Beartais.

Freastalóidh muid ar na haonaigh ghairme ollscoile seo a leanas:

  • Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath – 28 Meán Fómhair 12-4i.n.
  • An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath – 28 Meán Fómhair 11r.n.-3i.n.
  • Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath – 30 Meán Fómhair 12-3i.n.
  • Ollscoil na hÉireann, Gaillimh – 5 Deireadh Fómhair 11r.n.-4i.n.
  • Coláiste na hOllscoile, Corcaigh – 6 Deireadh Fómhair 11r.n.-4i.n.
  • Ollscoil Luimnigh – 7 Deireadh Fómhair 11r.n.-3:30i.n.

Osclóidh an próiseas iarratais do róil do chéimithe ar an 1 Deireadh Fomhair 2021.  Tá tuilleadh eolais faoinár ndeiseanna do chéimithe ar fáil anseo

Tabhair faoi deara, le do thoil: Dúnfaidh na comórtais do róil Ghinearálta (gach Disciplín), róil Ghnó agus Airgeadais,  róil i réimse na nAcmhainní Daonna agus róil d’Anailísithe Beartais Sláinte ag 3i.n. ar an 7 Deireadh Fomhair 2021.  Dúnfaidh an comórtas do róil d’Eacnamaithe agus Anailísithe Beartais ag 3i.n. ar an 21 Deireadh Fómhair 2021.