Tá an-áthas orainn a fhógairt gur bhronn Iris na Seirbhíse Poiblí Duais na Seirbhíse Poiblí um Bharr Feabhais i Seirbhísí Earcaíochta 2021 orainn.

Tá muid an-bhródúil gur tugadh aitheantas dúinn maidir le Barr Feabhais i Seirbhísí Earcaíochta, agus go háirithe maidir leis an stádas atá againn mar eagraíocht a bhí in ann athruithe a chur i bhfeidhm go sciobtha chun an chianobair agus agallaimh físe a chur i bhfeidhm de bharr phaindéim COVID-19.   De bharr na n-athruithe seo, cuireadh fostaithe ar fáil don státseirbhís agus don tseirbhís phoiblí ag am cinniúnach don earnáil.

“Leag an phaindéim béim ar an ról atá ag státseirbhísigh agus ar an obair luacmhar agus riachtanach a dhéanann siad,”, de réir Shirley Comerford, POF na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí.

 “Déanann an eagraíocht seo iarracht i gcónaí daoine éagsúla a earcú sa státseirbhís agus sa tseirbhís phoiblí, a bhfuil na scileanna, an dea-cháil agus an díograis acu chun freastal ar mhuintir na hÉireann,” a dúirt sí.

Agus trácht á dhéanamh aici ar an duais, dúirt Shirley an méid seo a leanas: “Tá béim á cur ar an athchóiriú digiteach agus sochtheicniúl chomh maith chun a chinntiú go gcuirtear le taithí an iarrthóra agus an chliaint i ngach réimse den phróiseas earcaíochta, m.sh. an mhargaíocht, iarrthóirí ionchasacha, an tástáil, an roghnú agus, ar deireadh, ionduchtú na bhfostaithe nua.” 

Tá an t-alt iomlán ar fáil san Eagrán ina ndírítear ar Dhuaiseanna do Bharr Feabhais Gnó 2021, agus is féidir é a léamh anseo