Tá Ben ina Oifigeach Cléireachais in Oifig na bPasanna i gCorcaigh, atá mar chuid den Roinn Gnóthaí Eachtracha agsu Trádála. Labhraíonn sé linn faoin taithí iontach atá faighte aige sa ról, idir aire a thabhairt do phiardaí ón nGrúpa do Stáit na nOileán Beag sna NA atá i mbéal Forbartha nuair a thug siad cuairt ar Éirinn agus cathaoirleacht a dhéanamh ar choiste éagsúlachta na Roinne Gnóthaí Eachtracha agsu Trádála.
Inis dúinn faoi do ról mar Oifigeach Cléireachais
Tá an-chuid is mó den am atá caite agam sa roinn caite agam ag obair chun a dheimhniú an bhfuil sé de cheart ag duine pas a bheith acu agus caithfidh mé dul trí fhianaise dhoiciméadach chun pasanna a chur ar fáil do shaoránaigh thar lear. Tugaim cabhair chomh maith maidir le baill foirne nua a oiliúint.
Cad iad na deiseanna a chuir an ról seo ar fáil duit go dtí seo?
Thug mé cabhair maidir le haire a thabhairt do phiardaí ón nGrúpa do Stáit na nOileán Beag sna NA atá i mbéal Forbartha agus bhraith mé go raibh sé sin an-tairbheach, go háirithe tar éis d’Éirinn áit a fháil ar Chomhairle Slándála na NA.
Táim i mo bhall den choiste folláine agus táim i mo thacadóir nuálaíochta agus, mar sin, caithim roinnt ama san ionad oibre ag iarraidh ionad oibre níos fearr a chruthú dom féin agus do mo chomhghleacaithe, sa bhaile agus timpeall an domhain.
Le déanaí, thosaigh mé ag feidhmiú mar chomh-chathaoirleach ar an ngrúpa oibre don éagsúlacht. Is cosúil gur ceann de na ranna rialtais is ilchineálaí í an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála ó thaobh eitneachta de, ach caithfimid níos mó oibre a dhéanamh chun tallann a mhealladh ó ghrúpaí mionlaigh.
Cén fáth ar roghnaigh tú gairm san Earnáil Phoiblí?
Bhí daoine a raibh aithne agam orthu ag obair san earnáil phoiblí agus thug mé faoi deara go raibh comrádaíocht mhór i gceist. Mheall an chomrádaíocht sin mé mar gheall nár bhraith mé sin sa ról ina raibh mé roimhe seo. Mheall na deiseanna atá ann bogadh timpeall, rudaí nua a fhoghlaim agus cothromaíocht oibre agus saoil níos fearr a bhaint amach mé chomh maith.
Cén chomhairle a thabharfá do dhuine atá ag smaoineamh ar iarratas a dhéanamh ar ról an Oifigigh Chléireachais?
Ar aghaidh leat. Bíonn sé dúshlánach ó am go ham, ach is post an-tairbheach é, agus tá deiseanna ann ní hamháin chun do rian féin a fhágáil ar an ról agus chun bogadh chuig ról iomlán difriúil i roinn eile.