picture of man in coastguard uniform against a blurred background with a ship to the left of the picture and a picture of a radio control to the right of the picture

Is Oifigeach Stáisiúin é Jason leis an Ionad Comhordaithe Tarrthála Mara, a chuireann cabhair mhara ar fáil go náisiúnta agus a thugann freagairt ar thimpistí loinge agus ar éigeandálaí mara. Tugann sé léargas dúinn ar ról an Oifigigh Faire nuair a tharlaíonn éigeandáil ar an bhfarraige.

Cén chonair ghairme a ghlac tú chun a bheith i d’Oifigeach Faire? ?

Sular thosaigh mé i nGarda Cósta na hÉireann, fuair mé taithí luachmhar i Seirbhís Chabhlaigh na hÉireann, ag obair ar an bhfarraige ar Árthaí Cabhlaigh éagsúla. Bhí ról agam sa Bhrainse Chumarsáide mar Theicneoir Radair Raidió agus, mar chuid den ról sin, bhí mé freagrach as gach cumarsáid agus fearas leictreonach mara ar an árthach. Tá Céim san Innealtóireacht Leictreonach agam ó ITBÁC (Sráid Chaoimhín) agus Céim sa Leictreonaic Mhara ó Institúid Teicneolaíochta Luimnigh.

Cad atá i gceist i do ról mar Oifigeach Faire?

Is Oifgeach Stáisiúin mé san Ionad Comhordaithe Tarrthála Mara (ICTM) i mBaile Átha Cliath, agus is ról maoirseachta é seo. Táim freagrach as eachtraí Cuardaigh agus Tarrthála a chomhordú laistigh de cheantar Cuardaigh agus Tarrthála na hÉireann. Is é an ról atá agam a chinntiú go bhfuil an tIonad Comhordaithe Tarrthála ullmhaithe i gcónaí agus maoirseacht a dhéanamh ar agus oiliúint a chur ar bhaill foirne, de réir mar is gá. Cinntíonn an tICMT faire go ndéantar faire éisteachta leanúnach ar mhinicíochtaí guaise mara, craolann sé eolas sábháilteachta agus cuireann sé cabhair mhara ar fáil go náisiúnta agus tugann sé freagairt ar thimpistí loinge agus éigeandálaí mara. Déanann an tIonad monatóireacht ar LEE agus déanann sé idirghabháil chun damáiste don timpeallacht mhara a sheachaint/a laghdú. Ina theannta sin, cuireann sé tacaíocht, de réir mar is cuí, do chomhlachtaí nó do ghníomhaireachtaí reachtúla le linn freagartha éigeandála.

Cad iad na deiseanna a chuir an ról seo ar fáil duit?

Ó thosaigh mé sa ról, bhí an deis agam forbairt ghairmiúil a dhéanamh. Rinne mé cúrsaí agus oiliúint sa bhaile agus thar lear, a chlúdaigh réimse leathan topaicí sa riarachán cuardaigh agus tarrthála. Thug an ról an deis dom teagmháil a dhéanamh le gníomhaireachtaí éigeandála go háitiúil agus go hidirnáisiúnta.

Cén fáth ar chuir tú isteach ar an ról mar Oifigeach Faire?

Thug an ról an deis dom leas a bhaint as an taithí a fuair mé ar an bhfarraige ar tír agus tá cothromaíocht oibre/saoil níos fearr bainte amach agam dá bharr. Mar sheirbhís éigeandála, oibrímid ar bhonn 24/7, 365 lá sa bhliain, déanaimid sealobair agus bíonn saoire mhaithe againn le linn na bliana

Mar Oifigeach Faire, is féidir go bhfeidhmeofá mar an gcéad phointe teagmhála nuair a tharlaíonn éigeandáil ar an bhfarraige. An féidir leat a mhíniú dúinn an bhaint a bhíonn ag do ról le misin tarrthála agus an tionchar atá aige ar shochaí na hÉireann?

Nuair a fhaightear glao gluaise trí VHF nó glao 999 / 112, tá sé tábhachtach, mar Oifigeach Faire, an méid is mó eolais is féidir a fháil ón nglaoitear. Is féidir leis an eolas seo cabhrú linn ullmhúchán a dhéanamh agus leas a bhaint as na hacmhainní cuardaigh agus tarrthála (CAT) is oiriúnaí don eachtra. San áireamh, caithfidh tú eolas cúlra a bhailiú, lena n-áirítear na nithe seo a leanas: réamhaisnéisí aimsire áitiúla a fháil, suíomhanna tuirlingthe a ullmhú, leas a bhaint as acmhainní CAT agus eolas a thabhairt do bhaill foirne. Déanann duine sa ról comhordaithe seo a lán oibre nach bhfeiceann an pobal, ach cinntíonn siad go dtugtar freagairt éasca agus phras ar eachtra. Déantar monatóireacht agus ullmhúchán sa bhreis de réir mar a théann an eachtra ar aghaidh. Tá scileanna maithe comhoibrithe agus cumarsáide ag teastáil sa ról. Is í an chabhair a thugaimid do dhaoine atá i mbaol agus an chaoi a ndéanaimid daoine a tharrtháil an ghné is tábhachtaí den ról, agus tá an-sásamh le fáil ann. Nuair a bhaintear toradh maith amach, baintear sásamh as an bpost.

An molfá gairm san earnáil phoiblí do dhaoine eile?

I mo thuairim, tá deiseanna iontacha ar fáil d’fhostaithe san earnáil phoiblí, go háirithe dóibh siad a chuireann béim ar an gcothromaíocht oibre agus saoil. Cuireann Garda Cósta na hÉireann fostaíocht sheasmhach ar fáil agus deiseanna dul chun cinn a dhéanamh i do ghairm.