Is Oifigeach Faire é Stephen san Ionad Comhordaithe Tarrthála Mara. Labhraíonn sé linn faoin gconair ghairme a ghlac sé chun a bheith ina Oifigeach Faire agus faoi na deiseanna chuir an ról ar fáil dó, lena n-áirítear an deis tabhairt faoi Chéim Mháistreachta.
Cén chonair ghairme a ghlac tú chun a bheith i d’Oifigeach Faire?
Bhain mé B.Sc. san Eolaíocht Loingseoireachta amach i gColáiste Mara na hÉireann agus bhain mé teastais inniúlachta STCW amach chomh maith. Chaith mé roinnt blianta ar longa tráchtála sa chabhlach trádála ag dul timpeall an domhain go dtí gur thosaigh mé i nGarda Cósta na hÉireann. Nuair a thosaigh mé, chaith mé treimhse fhada faoi oiliúint ar an láthair sular cháiligh mé mar Oifigeach Faire Raidió agus, níos déanaí, mar Chomhordaitheoir ar Mhisin Chuardaigh. Ina dhiaidh sin, bhog mé ar aghaidh go céim an Oifigigh Stáisiúin agus is ról maoirseachta é seo.
Cad atá i gceist i do ról mar Oifigeach Faire?
Mar Oifigeach Faire Raidió san Ionad Comhordaithe Tarrthála Mara, cinntímid go ndéantar faire éisteachta leanúnach ar mhinicíochtaí guaise mara. Cuirimid Foláirimh Loingseoireachta Raidió le chéile agus craolaimid iad dár gcustaiméirí, bunaithe ar chontúirtí loingseoireachta a aithnítear, i gcraoltaí maidir le hEolas Sábháilteachta Mara ar oiléan na hÉireann. Cuirimid acmhainní ar fáil do agus déanaimid comhordú ar mhisin chuardaigh agus tarrthála lenár n-acmhainní Cuardaigh agus Tarrthála (CAT), m.sh. Héileacaptair Sikorsky S92A, Aonaid Dheonacha den Gharda Cósta agus árthaí Cuardaigh agus Tarrthála, m.sh. báid tarrthála de chuid Institiúid Náisiúnta Ríoga na mBád Tarrthála. Déanaimid teagmháil le Príomhghníomhaireachtaí Freagartha eile agus le Príomhsheirbhísí Éigeandála an stáit, mar aon le hÓglaigh na hÉireann agus gníomhaireachtaí tarrthála idirnáisiúnta chun misin tarrthála chomhroinnte a chomhordú. Feidhmímid mar an gcéad phointe teagmhála agus cuirimid seirbhísí mara CAT idirnáisiúnta H24 ar fáil do bhunachair do Rabhcháin Raidió lena léirítear Suíomh Éigeandála, Thrasfhreagróirí lena léirítear Suíomh Éigeandála agus Rabhcháin lena léirítear Suíomh Duine. Mar Sheirbhís ainmnithe Éigeandála, déanann na hionaid chomhordaithe tarrthála glaonna a thagann isteach ó bhaill den phobal tríd an gcóras 112/999 do ghlaonna éigeandála a phróiseáil. Is é an tICTM i mBaile Átha Cliath an príomhchomhordaitheoir freagartha d’eachtraí a bhaineann le truailliú mara laisitigh de Limistéar Eisiach Eacnamaíoch na hÉireann chun tacaíocht a thabhairt d’údaráis áitiúla agus d’údaráis chuí eile maidir le bearta i gcoinne an truaillithe. .
Cad iad na deiseanna a chuir an ról seo ar fáil duit?
Mar aon leis na dúshláin a thagann chun cinn ó lá go lá agus misin Chuardaigh agus Tarrthála (CAT) nó misin i gcoinne an truaillithe ar siúl, thug an ról an deis dom teagmháil a dhéanamh le comhghleacaithe san Aontas Eorpach sa phobal CAT, m.sh. an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Muirí (GESM), agus an tArd-Stiúrthóireacht um Oibríochtaí Cosanta Sibhialta agus Cabhrach Daonnúla na hEorpa (AS-OCSCDE). Dá bharr sin, aithnítear mé mar shaineolaí teicniúil in eachtraí mara agus táim oiriúnach chun obair a dhéanamh i suíomhanna éigeandála. Thug an ról an deis dom tabhairt faoi Chéim Mháistreachta ó chian chomh maith.
Cén fáth ar chuir tú isteach ar an ról mar Oifigeach Faire?
Nuair a fógraíodh ról mar Oifigeach Faire, bhí mé sa bhaile ar saoire agus, mar sin, bhí mé san áit cheart ag an am ceart! Ag an bpointe sin, bhí dúshlán nua agus éagsúil ag teastáil uaim. Tá buntáistí ag baint le hobair a dhéanamh níos cóngaraí don bhaile agus bhí an-mheas agam i gcónaí ar obair Gharda Cósta na hÉireann mar mharaí gairmiúil, mar gur thuig mé go bhfuil cabhair ar fáil go héasca i gcónaí má tá sí ag teastáil.
Mar Oifigeach Faire, is féidir go bhfeidhmeofá mar an gcéad phointe teagmhála nuair a tharlaíonn éigeandáil ar an bhfarraige. An féidir leat a mhíniú dúinn an bhaint a bhíonn ag do ról le misin tarrthála agus an tionchar atá aige ar shochaí na hÉireann?
Agus freagairt á tabhairt ar aon ghlao éigeandála, caithfidh an tOifigeach Faire a bheith soiléir agus cruinn agus eolas á ghlacadh agus á thabhairt acu agus caithfidh siad daoine a chur ar a suaimhneas agus a chur in iúl dóibh go bhfaighidh siad cabhair go luath. Caithfidh Oifigigh Faire tuiscint shoiléir a fháil ar na cúinsí, ar an áit ina bhfuil an éigeandáil agus ar aon chonstaicí atá ann agus ar an tionchar a bheidh ag na cúinsí sin ar an bhfreagairt. Tá ról fíorthábhachtach ag Comhordaitheoir ar Mhisin Chuardaigh maidir le cinntí a dhéanamh faoi na hacmhainní a bheidh oiriúnach d’aon mhisean. Bíonn ról fíorthábhachtach ag an gComhordaitheoir maidir le bearnaí cumarsáide idir na páirithe leasmhara éagsúla atá ag obair ar mhisean a líonadh. Caithfidh an Comhordaitheoir cumarsáid shoiléir a dhéanamh leis na hacmhainní uilig agus paraiméadair an mhisin agus na torthaí a bhfuiltear ag súil leo a chur in iúl dóibh. Caithfidh siad a bheith solúbtha chun dul i ngleic le hathruithe a thagann ar mhisean agus a bheith in ann measúnú sciobtha a dhéanamh ar mhisean pleanáilte agus é a uasdáta de réir mar a théann an éigeandáil ar aghaidh. Laistigh d’aon phobal ar domhan, tá cuardach do dhuine atá ar iarraidh an-chorraitheach agus tá dúshláin mhóra ag baint le misin éifeachtacha a chomhordú, ach tá sásamh ar fáil ón bpost chomh maith.
An molfá gairm san earnáil phoiblí do dhaoine eile?
Gan amhras, is gairm fhiúntach í gairm san earnáil phoiblí d’éinne a dtaitníonn dúshláin leo. Tá sásamh mór ar fáil sa phost mar aon le deiseanna thabhairt faoi oideachas sa bhreis agus fhorbairt phearsanta.