Dr. Steele

Tá an Dr Susan Steele ag feidhmiú mar Stiúrthóir Feidhmiúcháin Ghníomhaireacht an AE um Rialú ar Iascach faoi láthair . Roimhe seo, bhí Susan ina Cathaoirleach Feidhmiúcháin agus ina Ball den Údarás um Chosaint Iascaigh Mhara. San alt seo, labhraíonn Susan linn faoina ról agus faoin taithí a bhí aige agus í ag obair san Údarás um Chosaint Iascaigh Mhara, agus faoin obair a dhéanann siad.

Tá sásamh ar fáil i ngairm ina bhfuil tú ag tabhairt aire d’inbhuanaitheacht ár bhfarraigí móra, agus dóibh siúd atá brath orthu, trína chinntiú go ndéantar rialú cuí ar ár n-iascaigh mhara agus ar ár mbia mara agus is gairm dhúshlánach atá i gceist chomh maith.

Tugtar deis duit, agus tú i do bhall den bhainistíocht feidhmiúcháin, foireann atá bródúil as a ról i rialú na n-iascach mara agus shábháilteacht an bhia mara in Éirinn, a stiúradh. Toisc gur eagraíocht bheag go leor é an tÚCIM ina bhfuil beagnach 170 ball foirne, tá neart éagsúlachta sa ról; bíonn tú i dteagmháil le gach ceann de na hOifigí Poirt atá ar fáil ar fud na tíre agus bíonn tú i dteagmháil le feidhmeanna speisialatachta na Ceannoifige, lena n-áirítear Tacaíocht do Bhia agus d’Iascaigh, an tAonad um Shonraí a Bhainistiú agus Gnóthaí Corparáideacha. Cuireann deis ar leith ar fáil do bhall feidhmiúcháin den údarás dea-thionchar a imirt ar earnáil na hiascaireachta in Éirinn agus inbhuanaitheacht na hearnála amach anseo agus cur i bhfeidhm spriocanna Chomhbheartas Iascaireachta an AE a chinntiú.

Bhí gá le hobair foirne i ngach port agus i ngach aonad gnó in ÚCIM chun ullmhúchán a dhéanamh nuair a d’fhág an RA an tAE le déanaí. Táim an-bhródúil gur stiúir mé an tÚCIM, le tacaíocht ó mo chomhghleacaithe, tríd an eachtra seo, a raibh tábhacht náisiúnta ag baint léi, agus a raibh tionchar mór aici ar earnáil na hiasacaireachta in Éirinn. Is tréimhse dhúshlánach agus spreagúil í seo don ÚCIM agus is tréimhse í ina bhfuil athruithe dearfacha á gcur i bhfeidhm agus ina bhfuil roinnt deiseanna ar fáil.

Is ionad oibre a oireann do theaghlaigh é an tÚCIM agus tá polasaithe réamhghníomhacha i bhfeidhm maidir le solúbthacht agus forbairt ghairme. Is féidir le baill foirne atá ag obair san ÚCIM teacht ar thacaíocht d’fhostaithe, ar oiliúint ar ardchaighdeán agus ar dheiseanna gairme maithe. Tá Ceannoifig an ÚCIM lonnaithe i gCloich na Coillte, Contae Chorcaí, baile beomhar a oireann do theaghlaigh agus ina bhfuil ardchaighdeán beatha ar fáil mar go bhfuil sé gar do thírdhreach álainn agus do thránna Iarthar Chorcaí agus do Chathair Chorcaí. Léirítear é seo i gcuid de na duaiseanna a bronnadh ar Chloich na Coillte le blianta beaga anuas, lena n-áirítear an duais don bhaile is fearr sa RA agus in Éirinn agus don bhaile is fearr san Eoraip.