Thosaigh Stephen mar Oifigeach Feidhmiúcháin tar éis dó ardú céime a fháil in 2005, tar éis dó tosú amach mar Oifigeach Cléireachais in Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim in 2001. Tá sé ag obair leis an Roinn Dlí agus Cirt ó shin, ach chaith sé dhá thréimhse ar iasacht sa Roinn Gnóthaí Eachtracha, inar oibrigh sé mar Thaidhleoir in Ambasáidí na hÉireann thar lear. Tá sé ag obair anois mar Bhainisteoir na hOifige Víosa i Londain, tar éis dó ardú céime a fháil. Tá an méid seo a leanas le rá ag Stephen: “is pribhléid agus deis é seo nach mbeadh faighte agam gan an taithí a fuair mé mar Oifigeach Feidhmiúcháin”.
Inis dúinn faoi do chonair ghairme ó bhí tú i d’Oifigeacch Feidhmiúcháin go dtí gur thosaigh tú sa ról ina bhfuil tú faoi láthair
Thosaigh mé ag obair mar Oifigeach Feidhmiúcháin tar éis dom ardú céime a fháil in 2005, tar éis dom tosú amach mar Oifigeach Cléireachais in Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim in 2001. Táim ag obair leis an Roinn Dlí agus Cirt ó shin, ach chaith mé dhá thréimhse ar iasacht sa Roinn Gnóthaí Eachtracha, inar oibrigh mé mar Thaidhleoir in Ambasáidí na hÉireann thar lear.
Bhí mé ag obair ar dtús i rannóg na nAcmhainní Daonna sa Roinn Dlí agus Cirt agus d’oibrigh mé i reimse na hOiliúna agus na Forbartha. D’éirigh mé níos muiníne maidir leis an gcumarsáid trí chabhrú le cúrsaí a fhorbairt agus a chur ar fáil do bhaill foirne sa Roinn Dlí agus Cirt, go háirithe do bhaill foirne nua. Ina dhiaidh sin, chaith mé roinnt blianta ag obair i bhfeidhm Inimirce na Roinne. D’oibrigh mé ar a lán tascanna éagsúla agus suimiúla ansin, m.sh. rolladh amach oiliúna a fhorbairt agus a sholáthar do bhunachar inimirce an AISIP, seasamh an Stáit a chosaint i roinnt cásanna iomráiteacha san Ard-Chúirt. Rinne mé daoine a bhainistiú agus a fhorbairt i rith na tréimhse a chaith mé mar Oifigeach Feidhmiúcháin. Ba í an tréimhse a chaith mé ag obair in Ambasáid na hÉireann san India, inar oibrigh mé mar Oifigeach Feidhmiúcháin/Ataisé Víosa agus inar thug mé cabhair maidir le foireann mhór de bhaill foirne a earcaíodh go háitiúil a bhainistiú, an bhuaicphointe sa tréimhse a chaith mé i réimse na hinimirce. Bhí taithí den chéad scoth agam féin agus ag mo theaghlach nuair a bhíomar ann, ag leibhéal gairmiúil agus pearsanta. De bharr na taithí a bhí faighte agam mar oifigeach thar lear, mar aon leis an taithí a fuair mé in áiteanna eile mar Oifigeach Feidhmiúcháin, bhí mé in ann iarracht a dhéanamh ardú céime a fháil go grád an Ardoifigigh Feidhmiúcháin.
Ó fuair mé ardú céime go grád an Ardoifigigh Feidhmiúcháin, bhí mé ag obair arís i réimse na nAcmhainní daonna agus, ina dhiaidh sin, thosaigh mé ag obair i bpost eile thar lear, mar Cheannasaí Fheidhm Víosa Ambasáid na hÉireann i Londain. Agus mé ag obair i réimse na nAD mar Ardoifigeach Feidhmiúcháin, chaith mé tréimhse i ról gníomhach mar Phríomhoifigeach Cúnta.
Creidim go láidir go ndéantar cuid mhaith de na príomhscileanna atá tábhachtach do Státseirbhíseach a fhorbairt ag leibhéal an Oifigigh Feidhmiúcháin, m.sh. baill foirne eile a bhainistiú, cumhacht a bheith agat agus a bheith freagrach as do chinntí, agus scileanna éifeachtacha cumarsáide scríofa agus labhartha a fhorbairt. Ag leibhéal an Oifigigh Feidhmiúcháin i Roinn Rialtais, is féidir leat cur go mór le hobair oibríochta agus le polasaithe a chur le chéile. Is féidir leat sásamh a bhaint as an gcaoi a gcuireann tú le polasaí nó as an gcaoi a n-úsáideann d’Aire freagra a thug tú ar Cheist Pharlaiminte mar chuid den fhreagra a thugann siad i nDáil Éireann!
Is féidir an-sásamh a bhaint as gairm mar Státseirbhíseach ag leibhéal an Oifigigh Feidhmiúcháin, agus beidh mé bródúil go deo as a bheith ag obair le daoine iontacha chun seirbhís a chur ar fáil ar son mhuintir na hÉireann, agus as an gcaoi a ndéanaim mó dhícheall mé féin, mo Roinn agus mo thír a chur chun cinn.
Cad iad na deiseanna a thug an ról mar Oifigeach Feidhmiúcháin duit?
Cuireadh deiseanna den chéad scoth ar fáil dom mar Oifigeach Feidhmiúcáin, ag leibhéal gairmiúil agus pearsanta.
Bhí sé de phribhléid agam páirt a ghlacadh sa Chlár d’Fheidhmeannaigh Shinsearacha Éireannacha sa Bheartas Dlí i gColáiste an Dlí Choiriúil in Ollscoil an Oirthuaiscirt (NEU) i mBostún. Dianchúrsa cónaithe a bhí i gceist a rinneadh thar roinnt seachtaine agus bhí mé sna Stáit Aontaithe le linn thoghchán Uachtaránachta stairiúil na bliana 2008.
Le déanaí, chríochnaigh mé Dioplóma Iarchéime sa Dlí Tionsclaíochta agus Fostaíochta in Institiúid an Riaracháin Phoiblí, agus thug mo Roinn maoiniú dom.
Cuireadh ag obair thar lear mé faoi dhó, lena n-áirítear uair amháin don ról ina bhfuilim faoi láthair. Cuireadh ag obair mé in Ambasáid na hÉireann in Delhi san India mé idir 2015 agus 2018 agus chuaigh mo theaghlach liom. Ba í an deis a fuair mé taisteal a dhéanamh ar fud na hIndia chun Éire a chur chun cinn mar áit mhealltach maidir le Staidéar, Turasóireacht agus Gnó, dul i dteagmháil le mic léinn ionchasacha agus le Turasóirí, agus cabhrú leo agus iad ag taisteal chun cur lenár dtír, an ghné den ról seo ab fhearr liom.
Tá mé ag obair anois mar Bhainisteoir na hOifige Víosa i Londain, tar éis dom ardú céime a fháil. Is pribhléid agus deis é seo nach mbeadh faighte agam gan an taithí a fuair mé mar Oifigeach Feidhmiúcháin.
An féidir leat labhairt linn faoi bhuaicphointe i do ghairm sa Státseirbhís?
Bhain mé an-taitneamh as an deis a fuair mé Stainnín na hÉireann a reáchtáil ag an Aonach Bia Idirnáisiúnta in Delhi ar son Ambasáid na hÉireann.
Bhí a stainnín féin ag gach Misean chun táirgí agus bia óna thír dhúchais a dhíol. Bhí stobhach Éireannach againn féin, ar ar chuireamar casadh masala, agus bhí custaiméirí in ann té, Leann dubh nó Uisce Beatha Éireannach a ól. Ba mhaith liom a cheapadh go raibh an lá againne mar gheall ar na gnéithe idirghníomhacha as ar bhaineamar úsáid, agus a bhain leis an gCLG agus le tionscal na scannánaíochta. Bhí an deis ag custaiméirí a gcuid scileanna iománaíochta agus peile a thástáil inár gclós, a bhí bunaithe ar Pháic an Chrócaigh, nó grianghraf díobh féin mar Jedi ar Sceilg Mhichíl nó ina suí ar an Ríchathaoir Iarainn ó Chluiche na Corónach, a fháil a bhuí leis na prapaí iontacha a chuir ár gcomhghleacaithe i dTurasóireacht Éireann ar fáil. Deireadh seachaine spraíúil a bhí ann, agus chuireamar Éire chun cinn mar áit mhealltach do thurasóirí agus chuireamar an méid atá le tairiscint againn mar áit mhealltach do bhia, spórt, scannánaíocht agus thurasóirí chun tosaigh.
Nuair a bhí mé ann, fuair mé an deis imirt d’fhoireann na hIndia ag Leibhéal Idirnáisiúnta nuair a bhí Craobh CLG na hÁise ar siúl in Kuala Lumpur in 2019 agus a bheith mar aisteoir breise in Victoria & Abdul, Scannán Hollywood a bhí á dhéanamh in Agra in 2017, toisc go raibh mé ag obair san India mar Oifigeach Feidhmiúcháin!
Cén fáth ar roghnaigh tú gairm san Earnáil Phoiblí?
Thosaigh mé sa Státseirbhís mar gheall ar na deiseanna a bhíonn agat dul chun cinn a dhéanamh i do ghairm, na deiseanna oideachais agus an deis oibriú thar lear ar son an Stáit. Bhí mé an-tógtha leis an deis a bheadh agam oibriú ar son mhuintir na hÉireann, seachas a bheith dírithe go príomha ar bhrabúis.
Níos déanaí i mo ghairm, nuair a bhí clann agam, bhí an chothromaíocht oibre agus saoil fíorthábhachtach, agus bhain mé leas as roinnt tionscnamh maidir leis sin, m.sh. Fleisc-am.
Tá an Státseirbhís ag obair ar bhealach an-nuálach agus an-éifeachtach agus muid ag bogadh i dtreo na hoibre ó chian/hibridí, cé gur chuir an dianghlásáil brú orainn glacadh leis an gcineál seo oibre – chuir an chaoi ar éirigh leis an Státseirbhís leibhéil seirbhíse a choinneáil mar aon le tiomantas na mball foirne leanúint ar aghaidh lena gcuid oibre, ionadh orm agus chuir sé sin go mór leis an tuiscint atá agam ar Státseirbhísigh, .i. gur oibrithe den chéad scoth atá iontu.
Tá an pinsean agus an chinnteacht an-tábhachtach chomh maith, ach nuair a thosaigh mé, níor smaoinigh mé mórán ar na buntáistí sin.
Cén chomhairle a thabharfá do dhuine atá ag smaoineamh ar iarratas a dhéanamh ar ról an Oifigigh Feidhmiúcháin?
Déan dearmad ar na steiréitíopaí atá cloiste agat faoi Státsheirbhísigh! Rinneadh athchóiriú mór ar an Státseirbhís thar na blianta. Is ionad oibre gairmiúil, dinimiciúil, freagrach agus trédhearcach í an Státseirbhís. Beifear ag súil leis go n-oibreoidh tú go dian, ach beidh sásamh le baint as an gcaoi a gcuirfidh tú le leas na tíre. Oibreoidh tú le comhghleacaithe éagsúla, agus beidh an deis agat dul i dteagmháil le comhpháirtithe ón earnáil phoiblí, ón earnáil phríobháideach agus ón earnáil neamhrialtasach, mar aon le comhghleacaithe ó stáit eile san AE.
Cuirfear deiseanna den chéad scoth ar fáil duit maidir le forbairt oideachais agus ghairme. Go bunúsach, má dhéanann tú do dhícheall sa Státseirbhís, gheobhaidh tú an-sásamh as do ghairm agus beidh buntáistí móra ar fáil duit.