Tugann Emer eolas dúinn faoin ról atá aici maidir le cúrsaí TF a bhainistiú do Bhuanionadaíocht na hÉireann chuig an AE. Oibríonn sí le Ranna uilig na hÉireann agus lena n-ionadaithe san AE. Creideann sí gur deis den chéad scoth í an deis a bheith ag obair sa státseirbhís agus ag freastal ar shaoránaigh na hÉireann.
Inis dúinn faoi do ról mar Oifigeach Feidhmiúcháin
Táim i bpost thar lear sa Bhruiséil chun cúrsaí TF a bhainistiú do Bhuanionadaíocht na hÉireann chuig an Aontas Eorpach. Tá an-éagsúlacht le brath i mo ról; ní mar a chéile aon dá lá. Oibrím inár n-oifgí sa Chomhairle Eorpach ó am go ham chomh maith maith, chun tacaíocht a thabhairt d’airí agus don Taoiseach nuair a fhreastalaíonn siad ar chomhairlí.
Oibrím le Ranna uilig na hÉireann agus lena n-ionadaithe san AE. Bhí an deis agam tairiscintí a reáchtáil agus fearas a shuiteáil.
Cad iad na deiseanna a thug an ról mar Oifigeach Feidhmiúcháin duit?
Bhí an deis agam foghlaim faoi Institiúidí Eorpacha agus faoi ról na hÉireann iontu. Bhain mé leas as an scéim um aisíoc táillí chun mo chéim sa Bhainistíocht Córas Faisnéise a chríochnú. D’fhreastail mé ar chúrsaí bunaithe ar an mbainistíocht tionscasal, ar an mbainistíocht daoine agus ar an mbainistíocht athruithe.
Bhí an deis agam cúrsaí teanga a dhéanamh sa roinn, sa Ghaeilge agus sa Fhraincis. Tá deiseanna éagsúla ann maidir le scileanna a fhorbairt, is cuma cén réimse scileanna atá i gceist.
Tá cónaí orm sa Bhruiséil le trí bliana anois mar chuid de mo ghairm sa státseirbhís.
An féidir leat labhairt linn faoi bhuaicphointe i do ghairm sa Státseirbhís?
Bhí an deis agam obair a dhéanamh ar an gClár um Athchóiriú ar an gCóras Pasanna nuair a bhí an córas ar líne á fhorbairt. Tionscadal mór a bhí ann agus bhí sé ag brath ar réimse leathan d’aonaid ghnó laistigh den tionscadal agus ar roinnt páirtithe leasmhara seachtracha. Tháinig laghdú mór ar na tréimhsí próiseála do phasanna de bharr na bhforbairtí ollmhóra a rabhamar ag obair orthu, agus lig na forbairtí seo do shaoránaigh iarratas a chur isteach ó thíortha ar fud an domhain. Cuireann Oifigigh Feidhmiúcháin torthaí follasacha ar fáil don saoránach agus bhí sé go hiontach an deis a fháil obair a dhéanamh ar an bhforbairt seo.
Cén fáth ar roghnaigh tú gairm san Earnáil Phoiblí?
Bhí a fhios agam go raibh fonn orm obair a dhéanamh i réimse na seirbhísí do chustaiméirí toisc gur duine sochaideartha mé. Is deis den chéad scoth í an deis a bheith ag obair sa státseirbhís agus ag freastal ar shaoránaigh na hÉireann. Mar thuismitheoir, tuigim cé chomh tábhachtach is atá an chothromaíocht oibre agus saoil agus mheall an státseirbhís mé dá bharr.
Cuireann an Roinn Gnóthaí Eachtracha teicneolaíocht den chéad scoth ar fáil ionas gur féidir obair hibrideach/ó chian a dhéanamh. Bhí fonn orm chomh maith deis a fháil oibriú le haonaid ghnó éagsúla agus fiú le ranna rialtais éagsúla.
Cén chomhairle a thabharfá do dhuine atá ag smaoineamh ar iarratas a dhéanamh ar ról an Oifigigh Feidhmiúcháin?
Má bhaineann tú taitneamh as obair ina bhfuil éagsúlacht, má tá deiseanna ardaithe céime agus deiseanna oideachais uait, d’oirfeadh ról an Oifigigh Feidhmiúcháin duit. Ní bheadh drogall orm; bainim sult as mo chuid oibre agus tá am le caitheamh agam ar mo shaol pearsanta. Tá an státseirbhís á forbairt i gcónaí agus, mar Oifigeach Feidhmiúcháin, bíonn ról fíorthábhachtach agat maidir leis na hathruithe seo.
Is cuma cén réimse a bhfuil taithí agat ann, beidh an státseirbhís ina bhuntáiste duit mar gheall go bhfuil obair fhairsing le déanamh inti agus mar gheall go bhfuil sí á nua-aoisiú i gcónaí.