Tá sé mar aidhm ag Mí na hÉagsúlachta de chuid an AE feasacht a mhúscailt maidir leis an tábhacht a bhaineann leis an éagsúlacht agus leis an gcuimsiú san ionad oibre agus sa tsochaí. Tá an mhí seo dírithe ar ionadaíocht agus feiceálacht a chinntiú do ghrúpaí éagsúla, ina bhfuil meas ar dhearcthaí éagsúla agus ina mbaintear leas as dearcthaí éagsúla san ionad oibre.
Le linn Mhí na hÉagsúlachta de chuid an AE, déantar na hiarrachtaí a dhéanann eagraíochtaí chun timpeallachtaí cothroma agus ionchuimsitheacha a fhorbairt do chuile dhuine a cheiliúradh. Is cuid de ghealltanas an Choimisiúin Eorpaighmaidir le haghaidh a thabhairt ar an leithcheal agus maidir le hionaid oibre ionchuimsitheacha ina bhfuil éagsúlacht a chur chun cinn.
Ag publicjobs.ie, chuireamar clár eachtraí, seisiúin plé, agus seisiúin oiliúna ar fáil dár mbaill foirne le linn na míosa, a thagann leis an aidhm atá againn “daoine éagsúla a bhfuil an tallann, an dea-cháil, agus an tiomantas acu soláthar ar son na hÉireann a earcú”.
Tugann Róisín Walsh, Ceannasaí Aonad na nDaoine agus an Chultúir ag Publicjobs.ie eolas dúinn faoin méid a bhí ar siúl le linn Mhí na hÉagsúlachta de chuid an AE.
1. An féidir leat eolas a thabhairt dúinn faoin méid a bhí ar siúl ag Publicjobs.ie le linn Mhí na hÉagsúlachta de chuid an AE chun feasacht a mhúscailt maidir le tábhacht na héagsúlachta agus an chuimsithe san ionad oibre?
D’éirigh linn feachtas maith a eagrú do Mhí na hÉagsúlachta de chuid an AE anuraidh, agus bhíomar ag súil go mór le Mí na hÉagsúlacht a cheiliúradh lenár gcomhghleacaithe ón Eoraip arís i mbliana, mar sin. Chuireamar réimse leathan eachtraí istigh san fhéilire, lena n-áirítear ceardlanna agus gníomhaíochtaí éagsúla, agus cuireadh ar siúl iad le linn Mhí na Bealtaine. San áireamh sa réimse leathan eachtraí a cuireadh ar siúl, bhí seisiúin a stiúir baill foirne ar thopaicí éagsúla, m.sh. dearbhú colainne, feasacht chultúrtha agus éagsúlacht idirghlúine, seimineáir ghréasáin dírithe ar an gcuimsiú, agus gníomhaíochtaí spraíúla, m.sh. tráth na gceist dar teideal Pride@PAS, atá ar siúl an tseachtain seo. Is féidir le baill foirne seisiúin a bhfuil suim acu iontu a roghnú, agus tá sé mar aidhm againn feasacht a mhúscailt maidir leis an gcaoi ar féidir linn ionaid oibre níos ionchuimsithí a chruthú do chuile dhuine.
2. Is é ‘Caidreamh a Chothú’ téama Mhí na hÉagsúlachta de chuid an AE i mbliana. I do bharúil féin, cén bhaint atá ag an téama seo le d’eagraíocht agus cén chaoi ar féidir leis cabhrú le d’eagraíocht ionad oibre ina bhfuil éagsúlacht le brath a fhorbairt?
Mar eagraíocht earcaíochta, oibrímid go dlúth le réimse leathan comhpháirtithe agus páirtithe leasmhara chun seirbhís earcaíochta ghairmiúil agus ionchuimsitheach a chur ar fáil. De réir mar a thagann borradh ar an eagraíocht, tá sé fíorthábhachtach dúinn teagmháil ghníomhach a dhéanamh lenár gcustaiméirí chun tuiscint a fháil ar a riachtanais éagsúla. Má chuirimid dearcthaí éagsúla san áireamh, is féidir linn a chinntiú go bhfuil luach ag baint leis na seirbhísí a chuirimid ar fáil do pháirtithe leasmhara.
Tá an cuimsiú mar phríomhluach eagraíochta ag Publicjobs.ie agus déanaimid ar ndícheall chun ionad oibre a thugann tacaíocht do gach ball foirne barr a gcumais a bhaint amach a chruthú.
Cuireadh dúshláin romhainn le cúpla bliain anuas mar go raibh orainn iarracht a dhéanamh fanacht i dteagmháil lena chéile nuair a bhí daoine scaipthe ar fud na tíre. Chuaigh ár ndaoine i ngleic leis na dúshláin, áfach, agus léirigh siad misneach agus comhbhá, ag obair go dlúth lena chéile chun ár seirbhísí a chur ar fáil ar ardchaighdeán agus chun tacaíocht a thabhairt dá chéile le linn an phróisis. Maidir liomsa, ciallaíonn an frása sin ‘caidreamh a chothú’, dar liom, go gcaithfimid fanacht i dteagmháil le comhghleacaithe agus le custaiméirí, éisteacht go gníomhach leo agus a ndearcthaí a thuiscint, agus oibriú le chéile chun spriocanna comhroinnte a bhaint amach.
3. I do bharúil féin, cén fáth a bhuil sé tábhachtach go bhfuil eagraíochtaí tiomanta don éagsúlacht agus don chuimsiú a chur chun cinn san ionad oibre?
Ní hamháin go dtugann daoine éagsúla cúlraí éagsúla, cultúir éagsúla, agus taithí éagsúil leo chuig an ionad oibre, tugann siad modhanna nua leo maidir le fadhbanna a réiteach agus leibhéil níos airde rannpháirtíochta chomh maith. Tá sé le feiceáil sa taighde atá á dhéanamh anois go bhfuil an éagsúlacht tábhachtach maidir le foirne éifeachtacha agus rathúla a fhorbairt. Bíonn dea-thionchar ag tuairimí agus dearcthaí éagsúla ar an nuálaíocht agus tá sé fíorthábhachtach, mar sin, cultúr ionchuimsitheach a chur chun cinn, ina gcuirtear fáilte roimh agus ina bhfuil meas ar gach tuairim. Léirigh staidéar a rinne Gartner le déanaí gur féidir le timpeallacht ina bhfuil an éagsúlacht go mór chun cinn feidhmíocht foirne a fheabhsú (suas le 30%). Léiríonn sé seo nach amháin go bhfuil sé ‘go deas’ nuair a bhíonn éagsúlacht agus cuimsiú chun cinn in ionad oibre, ach go bhfuil sé an-tábhachtach, agus go mbíonn tionchar díreach ag lucht saothair níos éagsúla agus níos ionchuimsithí ar fheidhmíocht ghnó.
4. An féidir leat a rá linn cad ba maith leis an eagraíocht a bhaint amach trí pháirt a ghlacadh i Mí na hÉagsúlachta de chuid an AE?
Le linn Mhí na hÉagsúlachta de chuid an AE, bhí sé mar aidhm againn an éagsúlacht shaibhir atá ar fáil inár n-eagraíocht a cheiliúradh agus, ina theannta sin, feasacht a mhúscailt maidir le príomhthéamaí agus príomhthopaicí a bhaineann leis an éagsúlacht agus a mbíonn tionchar acu ar ár gcuid oibre agus ar ár saol, ó lá go lá. Trínár gclár eachtraí, tá sé mar aidhm againn béim a leagan ar ár dtiomantas maidir le hionad oibre ionchuimsitheach a chruthú do chuile dhuine agus tá súil againn go gcuirfear na ceardlanna agus na seimineáir ghréasán leis an eolas agus leis an tuiscint atá againn mar earcaitheoir ionchuimsitheach don tseirbhís phoiblí.