Tá Alan ina Speisialtóir TFC sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara.  Labhraíonn Alan linn faoina ról agus faoi na deiseanna atá curtha ar fáil aige ó thosaigh sé sa Státseirbhís.  Labhraíonn sé faoin mbród a bhraitheann sé mar gheall go bhfuil sé ag obair i réimse a bhfuil tábhacht ar leith ag baint leis, a oibríonn chun a chinntiú go gcosnaítear an tsláinte phoiblí agus an timpeallacht.

Inis dúinn faoi do ról?

Oibrím mar Anailísí Gnó i réimse na forbartha bogearraí. Tugaim tacaíocht do agus déanaim tástálacha ar fheidhmcháir scéime gnó don Chóras um Iniúchtaí agus Thástálacha Talmhaíochta a dhéantar sa ghort laistigh den Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara.

Mar Anailísí Gnó, caithfidh mé riachtanais tionscadal a aimsiú agus anailís a dhéanamh orthu, tascanna samhaltaithe a bhaineann le riachtanais a dhéanamh agus cáipéisí maidir le riachtanais a chur ar fáil.  Ina theannta sin, iarrtar orm anois is arís tástálacha a dhéanamh ag leibhéal gnó ar fheidhmchláir agus cabhrú le hoiliúint a chur ar pháirtithe leasmhara gnó.  Táim an-bhródúil as a bheith ag obair i réimse a bhfuil tábhacht ar leith ag baint leis, a chinntíonn go gcosnaítear an tsláinte phoiblí agus an timpeallacht.

Cad iad na deiseanna a chuir an ról seo ar fáil duit?

Cuireann mo roinn oiliúint bhreise agus cúrsaí ar fáil d’fhostaithe ionas gur féidir leo cur lena gcuid scileanna.   Tá Teastas ag Leibhéal 8 san Anailís Ghnó díreach críochnaithe agam, tá a lán ardchúrsaí gearra ar fáil chomh maith, mar shampla Feidhmchláir Ghnó, Ceannaireacht, Cumarsáid agus Bainistíocht Athruithe.  Chabhraigh na scileanna nua a d’fhoghlaim mé liom cur le mo chuid scileanna agus táim i m’Anailísí Gnó níos cumasaí dá bharr.

Cén chonair ghairme a lean tú chun a bheith i do Speisialtóir TFC sa státseirbhís?

Sular thosaigh mé sa Státseirbhís, fuair mé taithí luachmhar ag obair mar Fhorbróir Bogearraí i gcomhlacht beag nuálach san earnáil phríobháideach.  Chuir mé isteach ar an ról mar Speisialtóir TFC tríd an tsraith don Fhorbairt Bogearraí trí fheachtas earcaíochta ar Publicjobs.ie in 2019.  Ag deireadh an phróisis earcaíochta, thairg an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara ról mar Speisialtóir TFC dom ag grád an Oifigigh Feidhmiúcháin.

Cén fáth ar chuir tú isteach ar ról TFC san earnáil phoiblí?

I mo thuairim, tá deiseanna iontacha ar fáil d’fhostaithe san earnáil phoiblí agus cuirtear béim inti ar an gcothromaíocht oibre agus saoil.  I mo roinn féin, táthar ag súil leis go ndéanfaimid obair chrua, an cineál oibre céanna a bhíonn le déanamh san earnáil phríobháideach, ach tá coinníollacha oibre i bhfad níos fearr againn i gcomparáid le formhór na ról atá ar fáil san earnáil phríobháideach.  

Mar Státseirbhíseach, bíonn deiseanna éagsúla fostaíochta os mo chomhair amach, mar shampla uaireanta agus socruithe solúbhta, cianobair agus deiseanna maidir le sos gairme a ghlacadh.