
Faoin Ról
Tá freagrachtaí a bhaineann le roinnt réimsí, go háirithe leis an mbeartas poiblí, san áireamh i ról mar Thríú Rúnaí nó mar Oifigeach Speisialtóra Forbartha laistigh den Roinn Gnóthaí Eachtracha. Bíonn na nithe seo a leanas san áireamh: páipéir anailíse agus taighde a ullmhú, nótaí eolais a ullmhú d’Airí agus d’oifigigh shinsearacha, teagmháil a dhéanamh le hAmbasáidí Éireannacha, Consalachtaí agus oifigí taidhleoireachta eile thar lear agus le Ranna Rialtais agus eagraíochtaí eile.
Is gné thábhachtach den ról seo an obair thar lear agus, mar sin, beidh ar thaidhleoirí
tréimhsí fada a chaitheamh i ról ionadaíochta i dtíortha éagsúla. Ní mór d’iarrthóirí a n-éireoidh leo, mar sin, a bheith solúbtha, acmhainneach agus tiomanta do bheith ag obair i dteangacha iasachta.
San áireamh sna dúshláin laethúla a bhaineann le bheith ag obair i misean thar lear, tá: cuairteanna ard-leibhéil de chuid Rialtas na hÉireann a eagrú, an trádáil a chur chun cinn, cabhrú le saoránaigh Éireannacha atá i dtrioblóid agus buiséid agus cláir forbartha misin a bhainistiú.
Saoire Bhliantúil: 25 Lá
Ionad: Baile Átha Cliath, Luimneach, Ionaid Idirnáisiúnta
Dáta Oscailte: 29/07/2022
Dáta dúnta: 18/08/2022
Taithí mar Thríú Rúnaí

Edith Delaney
Oifigeach Deisce, Tríú Rúnaí
Rinne mé staidéar ar an Dlí agus ar an nGnó agus cháiligh mé mar Aturnae sular thosaigh mé sa Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála.
Tá an-éagsúlacht ag baint le mo ról; tugaim tacaíocht maidir lenár gcaidrimh dhéthaobhacha le háiteanna san Afraic Thiar ina labhraítear an Béarla agus an Phortaingéilis bhainistiú. Ciallaíonn an ról go gcaithfidh mé a bheith ar an eolas faoin suíomh polaitiúil, eacnamaíoch, slándála agus daonnúil agus cruinnithe eolais a ullmhú. Le déanaí, táimid ag obair go dlúth leis an bhfoireann sa Nigéir agus ag ullmhú do thréimhse oifige na hÉireann ar Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe.
Tá feidhmiú eacnamaíoch agam chomh maith maidir le cuspóirí trádála agus eacnamaíocha na hÉireann a chur chun cinn san Afraic fho-Shahárach. Sa chéad 12 mhí a chaith mé sa phost, thug mé cuairt ar an Nigéir agus ar an tSín agus mé i mbun oibre.
Tá an-chuid foghlamtha agam faoi na caidrimh pholaitiúla, eacnamaíocha agus chultúrtha atá ag Éirinn leis an Afraic agus faoin gcaoi a gcuirimid leis an tsíocháin, leis an rathúnas agus leis an bhforbairt inbhuanaithe thar lear. Beidh mé ag bogadh go dtí an Indinéis go luath chun a bheith mar Leascheann Misin ag an Ambasáid Éireannach in Iacárta. Tar éis dhá bhliain!

Paul Dean
Leaschomhfhreagraí Eorpach
Bíonn cruinnithe míosúla againn leis an AE agus ciallaíonn sé sin go bhfuil ábhair eolais chruinne ag teastáil ón Aire agus in am. Déanaim na hábhair seo a eagrú agus a dhréachtú, mar aon le tionscadail eile a bhaineann le beartas coitianta iasachta agus slándála an AE. Bíonn tionchar ag mo rannán chomh maith ar agus cuirimid leis an bpleánáil ghnó, an scála tomhais feidhmíochta agus ráitis straitéise.
Níor thosaigh mé ag obair anseo go dtí 2019 agus, ó shin, bhí an t-ádh orm a bheith ag obair i róil iontacha agus ar thionscadail thábhachtacha.
Tá mo ról tar éis léargas fíorshuimiúil a thabhairt dom ar an gcaoi a n-oibríonn an taidhleoireacht.
Tá caidrimh cothaithe agam le han-chuid comhghleacaithe éagsúla agus bhí mé in ann foghlaim faoin obair a bhíonn ar siúl i rannáin seachas mo rannán féin. Tá an-chuid foghlamtha agam in achar an-ghearr faoin tionchar a imríonn tosaíochtaí beartais forbartha na hÉireann.

Patrick Rooney
Rúnaí Pearsanta don Ard-Rúnaí
Tar éis dom céim sa Pholaitíocht agus san Eacnamaíocht (COBÁC) agus MSc sa Bhainistíocht a bhaint amach, thosaigh mé ag obair i Rannán na Seirbhísí Corparáideacha sular ghlac mé le ról mar Thríú Rúnaí. Baineann an ról atá agam faoi láthair le foireann a threorú agus a bhainistiú, dialann an Ard-Rúnaí, socruithe taistil agus imeachtaí laethúla a eagrú.
Táim tar éis a bheith ag obair le comhghleacaithe i níos mó ná 90 misean trasna sé ilchríoch
agus tá an obair seo tar éis léargas a thabhairt dom ar cheapadh beartais sa bhaile agus ag leibhéal idirnáisiúnta ach tá tuiscint agam anois ar nithe seachas an beartas eachtrach. Is slí bheatha fhoirfe é d’éinne a bhfuil suim mhór acu i gcaidreamh idirnáisiúnta.

Sally Bourne
Ceannasaí ar Sheirbhísí do Chustaiméirí, Oifig na bPasanna
Rinne mé staidéar ar an tSíceolaíocht i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus bhain mé MA amach i gCaidreamh Idirnáisiúnta ansin in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath - ní haon iontas é, mar sin, gur thosaigh mé ag obair le daoine in Oifig na bPasanna.
Thosaigh mé amach mar Oifigeach Deisce, ag ullmhú cruinnithe eolais idir Éire agus tíortha san Áis Thoir Theas, ag scríobh doiciméad beartais agus ag reáchtáil imeachtaí agus comhchainteanna.
Faoi láthair, déanaim 13 fhoireann de Ghníomhairí um Sheribhís do Chustaiméirí a bhíonn ag plé leis an bpobal an lá oibre ar fad a bhainistiú.
Thug an chéad ról a bhí agam taithí iontach dom ar an mbeartas agus ar an scríbhneoireacht, mar aon leis an deis a bheith ag obair le hAmbasáidí iasachta atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath agus i Londain, chomh maith lenár misin féin thar lear. Tá taithí iontach faighte agam ón ról atá agam faoi láthair ar an mbainistíocht agus ar an idirghabháil.
Cáilitheacht
Ní mór d'iarrthóirí na nithe seo a leanas a bheith acu ar an nó roimh an 18 Lúnasa 2022:
- céim onóracha den chéad nó den dara grád (Leibhéal 8, ar a laghad, ar Chreat Náisiúnta na gCáilíochtaí). Is féidir go dtabharfar aird ar cháilíochtaí cuí atá ar aon chéim leis sin, dar leis an tSeirbhís um Cheapacháín Phoiblí.
- Ní mór a bheith cáilithe mar Aturnae nó mar Abhchóide
- Eolas ar theangacha iasachta, go háirithe an Araibis, an Fhraincis, an Ghearmáinis, an tSeapáinis, an Mhandairínis, an Phortaingéilis, an Spáinnis agus an Rúisis.
- Taithí ar chaidreamh idirnáisiúnta, cur chun cinn eacnamaíoch agus trádála agus comhoibriú maidir le forbairt.
Ní mór d’iarrthóirí a roghnaítear a bheith in ann dul i mbun oibre go luath sa bhliain 2023
Beidh ar dhaoine a chuirfear faoi mheas do phost dearbhú sláinte agus carachtair a shíniú. Lorgófar teistiméireachtaí. Tá imréiteach slándála speisialta ag teastáil do phoist áirithe agus ní mór foirm a chomhlíonadh chun go scrúdóidh na Gardaí é. Sa chás go mbeadh coinbhleacht leasa ann, is féidir nach gcuirfí iarrthóirí faoi mheas do phoist áirithe.
Níl an comórtas seo oscailte ach amháin dóibh siúd a bhfuil Saoránacht Éireannach acu ar an nó roimh an dáta dúnta, 18 Lúnasa 2022.