Faoin ról

Cuirtear fáilte roimh chéimithe i ngach disciplín cur isteach ar an tsraith Ghinearálta do chéimithe ina dtiocfaidh deiseanna chun cinn, is cosúil, i roinnt Ranna agus Oifigí Rialtais sa Státseirbhís. Mar chuid den ról seo, bheadh ról ríthabhachtach agat i bhfoirmiú polasaithe agus straitéise a bhaineann le ceisteanna eacnamaíochta, airgeadais, idirnáisiúnta, timpeallachta agus sóisialta.

Beidh deis ag na hiarrthóirí a cheapfar athruithe a chur i bhfeidhm sa Státseirbhís agus cabhrú le tír atá ag athrú a mhúnlú. Is féidir go dtiocfadh róil chun cinn d’fheidhmeanna tacaíochta cosúil le Bainistíocht Saoráidí agus Gnóthaí Corparáideacha.

Salary:  Approx. €33,889

Annual Leave:   25 Days

Opening Date:   16/09/2022

Closing Date:   06/10/2022

Táithí an Chéimí

Catherine Egan
Oifigeach Riaracháin
An Oifig um Bhainistiú Athruithe Straitéiseach, An Garda Síochána

Sula ndeachaigh mé isteach sa Gharda Síochána, bhain mé céim agus dhá Mháistreacht amach agus bhí mé ag staidéar i mBaile Átha Cliath, i Manchain agus in Birmingham. Tá mo ról an-suimiúil. Déanaim prionsabail fhollasacha de mholtaí ardleibhéil le póilíneacht éifeactach a chinntiú agus lena chinntiú go gcloítear le cearta daonna. Ina a theannta sin, cuirim tuairiscí ar fáil d’fhorais maoirseachta póilíneachta, déanaim anailís ar chreataí dlí agus ullmhaím páipéir eolais, agus déanaim seo ar fad agus mé ag cur dea-chleachtais chun cinn san eagraíocht. Ní stopann an obair riamh, ach is aoibhinn liom í.

Déanaim difríocht i mo phost, rud a thugann sásamh dom, ach bíonn an deis agam cur le mo chuid scileanna féin chomh maith. Tá cláir taighde á stiúradh agam anois le fianaise dár modhanna a chur le chéile; ag obair le ranna rialtais agus comhlachtaí reachtúla eile, ag cur le m’eolas ar chearta daonna agus ar an míchumas.

Táim ag obair laistigh d’fheidhmiú inmheánach an daonlathais in Éirinn. Rachadh sé crua orm teacht ar áit níos fearr chun a bheith ag foghlaim faoin gcomhionannas agus faoi chearta daonna agus chun fíorathruithe a chur i bhfeidhm ar an talamh.

 

Cáilitheacht

Ní mór d’iarrthóirí ar na poist seo na cáilíochtaí seo a bheith acu ar an nó roimh an 6 Deireadh Fómhair 2022:

  • céim onóracha den chéad nó den dara grád (Leibhéal 8 ar a laghad ar Chreat Náisiúnta na gCáilíochtaí)
  • a bheith ag súil leis go mbeidh céim onóracha den chéad nó den dara grád (Leibhéal 8, ar a laghad, ar Chreat Náisiúnta na gCáilíochtaí) acu roimh 1 Meán Fómhair, 2023, ar a dhéanaí