Faoin ról

Tá Seirbhís Eacnamaíochta agus Mheastóireachta Rialtas na hÉireann (SEMRÉ)  ag earcú céimithe a bhfuil sé ar a gcumas tuiscint ar na huirlísí agus na teicnící a bhaineann leis an anailís beartais a léiriú. Bainfear úsáid as na scileanna seo le heolas le dul i bhfeidhm ar bheartais agus ar chinnteoireacht maidir leis an leas is fearr a bhaint as acmhainní ganna Riatlais ar fud na hÉireann.

Tá róil SEMRÉ ar fáil i roinnt Ranna Rialtais agus bíonn dualgais éagsúla ar na daoine a cheapfar, lena n-áirítear:

  • Cur le forbairt beartais náisiúnta
  • Uirlisí agus modhanna sonraí, cainníochtúla agus cáilíochtúla a úsáid le hanailís agus measúnú a dhéanamh ar bheartas
  • Measúnú a dhéanamh ar réimsí suntasacha caiteachais i gcomhréir leis an gCód Caiteachais Phoiblí
  • Samhaltú agus réamhaisnéisiú eacnamaíoch a dhéanamh
  • Eolas agus comhairle a thabhairt d’oifigigh shinsearacha agus d’Airí;
  • Comhairle agus treoir theicniúil a thabhairt le rialachas éifeachtach a chinntiú.
Tuarastal:  c. €33,889

Saoire Bhliantúil:   25 Lá

Dáta Oscailte:   30/09/2022

Dáta Dúnta:   21/10/2022

Foghlaim agus Forbairt

Tá an fhoghlaim agus an fhorbairt leanúnach tábhachtach maidir le forbairt bhall foirne SEMRÉ lena chinntiú go gcuirtear feabhas ar scileanna anailíseacha, eacnamíocha agus measúnachta. Cuirtear oiliúint ionduchtaithe ar fáil, mar aon leis an deis freastal ar mhodúil ardoiliúna agus ar mháistir-ranganna.

Glacann céimithe atá ina nAnailísithe Beartais/nEacnamaithe i SEMRÉ páirt chomh maith i gclár bliana do chéimithe, a chlúdaíonn na príomhinniúlachtaí atá riachtanach chun a bheith ag obair go héifeachtach sa Státseirbhís.

Taithí i SEMRÉ


Rinku Phulphagar
Anailísí Beartais agus Eacnamaít

Thosaigh mé sa Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe i mí an Mheithimh 2019 tar éis dom Máistreacht san Eacnamaíocht Fheidhmeach a bhaint amach i gCOBÁC. Táim tar éis obair a dhéanamh cheana féin ar pháipéir athbhreithnithe caiteachais, a chludaíonn deontais Ardoideachais, an margadh fostaíochta agus an t-iompar poiblí.

Is ról an-anailíseach é, ach bainim sult chomh maith as a bheith i dteagmháil le páirtithe leasmhara sinsearacha agus as tuairiscí a théann i bhfeidhm ar bheartas a scríobh. Tá sé suimiúil, tugann sé sásamh dom, tá sé spreagúil agus tacúil.

Bím ag obair ar thionscadail éagsúla ag an am céanna, le líon mór comhghleacaithe, agus déanaim é seo ar fad agus mé ag cur le mo chuid scileanna ag an obair agus trí chúrsaí a dhéanamh. Ghlac mé páirt i gClár Forbartha na Státseirbhíse agus sa Chúrsa i mBainistiú Caiteachais Phoiblí – tá mo chuid scileanna agus mo líonra ag fás i gcónaí.



Colm Farrell
Measúnóir Eacnamaíoch agus Anailísí Beartais

Thosaigh mé sa Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe i mí an Mhárta 2018 tar éis dom céim agus cúrsa iarchéime a dhéanamh i gCOBÁC.

Tá baint agam le monatóireacht a dhéanamh ar anailís, ar bheartas agus ar chaiteachas. Bhí mé i mo chomhúdar ar dhá athbhreithniú caiteachais ar an tithíocht shóisialta agus ar mheasúnuithe ar thionchar sóisialta. Ina theannta sin, cuirim anailís agus comhairle ar fáil don Aire agus don lucht ardbhainistíochta sa Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil.

Clúdaíonn sí seo réimsí éagsúla, cosúil leis an tithíocht agus an bpleanáil, cúrsaí airgeadais rialtais áititúil, Ervia agus Uisce Éireann.

Oibrím le réimse leathan scileanna agus daoine ó réimse leathan ranna rialtais éagsúla. Bíonn baint agam le hábhair mhóra cosúil le buiséid, ach le tascanna laethúla chomh maith. Tá an tuiscint atá agam ar na dúshláin atá roimh an Stát maidir leis an tithíocht ag méadú gach lá. Téann mo chuid anailíse i bhfeidhm ar dhíospóireachtaí faoi thodhchaí na sochaí, is mór an tionchar é sin.

 

Cáilitheacht

Moltar d’iarrthóirí féachaint ar an gcuid den Leabhrán Eolais a bhaineann le Cáilitheacht sula gcuireann siad isteach ar an ról seo.

Anuas air sin, ní mór d’iarratasóirí na nithe seo a bheith acu:

  • Bunchéim onóracha, 2.1 ar a laghad (Leibhéal 8, ar a laghad, ar Chreat Náisiúnta na gCáilíochtaí) in ábhair a bhfuil dlúthbhaint aige leis an anailís sonraí, mar shampla Eacnamaíocht, Eolaíocht Shóisialta/Anailís ar Bheartas nó Staidreamh ar an nó roimh an 31 Nollaig 2022.
  • Céim Mháistreachta (Leibhéal 9, ar a laghad, ar Chreat Náisiúnta na gCáilíochtaí) in ábhar a bhfuil dlúthbhaint aige leis an anailís sonraí, mar shampla Eacnamaíocht, Eolaíocht Shóisialta, Anailís ar Bheartas nó Staidreamh faoin 2 Meán Fómhair 2022 ar a dhéanaí;
AGUS
  • Na hinniúlachtaí don ról, atá leagtha amach i sonraí an duine a leagtar amach i Leabhrán Eolais an Iarrthóra, a léiriú.