Roinneann Mario, atá ag obair sa Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe mar Phrintíseach TFC faoi láthair, an chaoi ar chuir an phrintíseacht deis iontach ar fáil dó scileanna nua a fhoghlaim agus bogadh chuig réimse na TFC.  Nuair a thosaigh sé, ní raibh eolas ar bith aige ar an réimse agus ní raibh taithí ar bith aige sa réimse, ach, de réir a chéile, bhí sé in ann cur le Straitéis TFC náisiúnta a sholáthar agus oibriú ar chuid de na tionscadail is mó san earnáil phoiblí.

 

Cén chonair ghairme/oideachais a bhí agat sular thosaigh tú mar Phrintíseach TFC?

Tá cúlra agam sna daonnachtaí agus san eolaíocht shóisialta.  Tá céim mháistreachta agam san Fhealsúnacht agus sa tSocheolaíocht, ach d’oirbigh mé i bpoist éagsúla le linn mo ghairme.  Bhí an post deireanach a bhí agam sular thosaigh mé ar an gclár printíseachta i réimse na haíochta.

 

Cén fáth ar chuir tú isteach ar ról mar Phrintíseach TFC sa Státseirbhís? 

Bhí suim agam sa dearadh grafach, UI agus léiriúchán le tamall.  Mhúscail sé seo suim ionam san fhorbairt ghréasáin chomh maith thosaigh mé ag léamh eolais faoi HTML, CSS agus JavaScript bunúsach.   cThart ar an am céanna, chonaic mé fógra don fheachtas don phrintíseacht TFC, agus cheap mé go dtabharfadh sé seo deis dom dul isteach i ról i réimse na TFC.

 

Cad é an rud is mó ar bhain tú sult as ar an gclár Printíseachta TFC sa Státseirbhís? 

Bhain mé féin an-sult as an gcaoi a bhfuair mé an deis taithí phraiticiúil a fháil ar fheidhmchláir agus chórais mhóra san fhíorshaol, mar aon le léachtaí agus tionscadail a dhéanamh mar mhac léinn ag an am céanna.  Chabhraigh na comhghleacaithe eolacha, ag a raibh taithi, agus a bhí sásta a gcuid eolais a roinnt, go mór liom.

 

Cad atá i gceist sa ról ina bhfuil tú faoi láthair mar OF i réimse na TFC?

Tá éagsúlacht i mó ról agus bíonn baint agam le tascanna éagsúla a bhaineann le tionscadail éagsúla, m.sh. tacaíocht a chur ar fáil, anailís ghnó, tástáil agus forbairt bogearraí. Baineann mo chuid oibre den chéad is mó leis an tsraith feidhmchlár coitianta a forbraíodh mar chuid de thionscnamh dar teideal Tógáil le Roinnt (aipeanna cosúil le ePQ, ríomhaighneachtaí, ríomhcháipéisí srl.).  Maidir leis an bhforbairt, oibrím den chuid is mó le SQL, stórtha sonraí agus tógáil tuairiscí.

 

Cén deiseanna a chuir an clár printíseachta agus an ról ina bhfuil tú anois ar fáil duit? 

Thug an phrintíseacht deis iontach dom scileanna nua a fhoghlaim agus bogadh go réimse na TFC.  Nuair a thosaigh mé, ní raibh eolas ar bith agam ar an réimse agus ní raibh taithí ar bith agam sa réimse, ach, de réir a chéile, bhí mé in ann cur le Straitéis TFC náisiúnta a sholáthar agus oibriú ar chuid de na tionscadail is mó san earnáil phoiblí.

 

An molfá gairm san earnáil phoiblí do dhaoine eile?

Mholfainn, cinnte.  Tá sé an-deas nuair a thuigeann tú go mbíonn tionchar díreach ag do chuid oibre ar chaighdeán na seirbhísí a chuirimid ar fáil do shaoránaigh agus do ghnólachtaí.  Tá an cultúr oibre thar barr, agus tugann chuile dhuine tacaíocht dá chéile.  Tá a lán deiseanna iontacha ann maidir le hoiliúint agus forbairt ghairmiúil.