Is Ardoifigeach Feidhmiúcháin (bainisteoir) é Fionnbharra sa Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta, ach thosaigh sé amach mar Oifigeach Cléireachais in aonad Airgeadais na Roinne Oideachais. Maidir lena chuid oibre, déanann sé maoirseacht ar ullmhú comhfhreagrais, ceisteanna parlaiminte, eolais d’airí agus óráidí agus oibríonn sé le páirtithe leasmhara chun a chinntiú go gcuirtear spriocanna agus tosaíochtaí beartais na roinne in iúl agus go mbaintear amach iad.
Inis dúinn faoi do chonair ghairme ó Oifigeacch Cléireachais go dtí an ról ina bhfuil tú faoi láthair
Thosaigh mé sa státseirbhís mar Oifigeach Cléireachais, tar éis dom roinnt tréimhsí a dhéanamh mar Oifigeach Cléireachais Sealadach, i ndiaidh tréimshe ar iomarcaíocht, i mí Eanáir 2016. Thosaigh mé amach in aonad Airgeadais na Roinne Oideachais agus chomhlíon mé dualgais leabharchoimeádta agus airgeadóra, mar aon le soláthraithe a shocrú, ar bhonn laethúil. I ndiaidh dhá bhliain, bronnadh ardú céime orm go grád an Oifigigh Feidhmiúcháin (maoirseoir) agus d’fhan mé san aonad Airgeadais ina ndearna mé bainistíocht ar a gcóras íocaíochta. Le linn na tréimhse sin, bhí ról tábhachtach agam i roinnt tionscadal, lena n-áirítear caoi a chur ar thaifid chóras bainistíochta airgeadais an aonaid Airgeadais, iniúchadh ar nósanna imeachta an aonaid Airgeadais agus córas íocaíochta leictreonach a fhorbairt. Ina theannta sin, rinne mé cáipéisí a bhain le nósanna imeachta an aonaid a nuashonrú agus chuir mé oiliúint ar roinnt ball foirne, bunaithe ar an gcóras íocaíochta ginearálta agus ar sholáthraithe a shocrú. Le linn na tréimhse sin, rinne mé teagmháil le comhghleacaithe ó rannóga eile sa roinn, ó ranna eile, ó fhorais faoi chúram na roinne agus le soláthraithe go minic. I samhradh na bliana 2019, bronnadh ardú céime orm go grád an Ardoifigigh Feidhmiúcháin (bainisteoir) agus bhog mé chuig an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta. Is aonad oibríochta é an t-aonad Airgeadais go príomha, ach tá réimse an Bhreisoideachais agus an Ardoideachais dírithe go príomha ar bheartas. Maidir le mo chuid oibre, déanaim maoirseacht ar ullmhú comhfhreagrais, ceisteanna parlaiminte, eolais d’airí agus óráidí agus oibrím le páirtithe leasmhara chun a chinntiú go gcuirtear spriocanna agus tosaíochtaí beartais na roinne in iúl agus go mbaintear amach iad. Is ról an-suimiúil é seo agus bím i dteagmháil le páirtithe leasmhara in Éirinn, san Eoraip agus go hidirnáisiúnta go han-mhinic.
Cad iad na deiseanna a thug an ról mar Oifigeach Cléireachais ar fáil duit?
Chaith mé fiche bliain ag obair mar léachtóir sular cuireadh ar iomarcaíocht mé in 2013. Chabhraigh an ról mar Oifigeach Cléireachais liom mo scileanna praiticiúla a fhorbairt agus a fheabhsú, agus chabhraigh sé liom féinmhuinín agus an tuiscint a bhí agam ar m’éifeachtúlacht a chothú i ndiaidh na tréimhse a chaith mé ar iomarcaíocht. D’oibrigh mé i rannóg ina raibh an-chuid tacaíochta ar fáil, inar spreag mo bhainisteoirí líne mé chun glacadh le tionscadail a bhí oiriúnach do na scileanna a bhí agam cheana féin agus inar tugadh cabhair dom scileanna nua a fhorbairt, ina ndearna mé teagmháil le comhghleacaithe sa roinn agus inar ullmhaíodh mé chun deiseanna dul chun cinn a thapú de réir mar a tháinig siad anuas. Chabhraigh an tacaíocht a fuair mé nuair a chuir mé isteach ar an ról mar Oifigeach Feidhmiúcháin (maoirseoir) go mór liom sa chomórtas sin. Mar Ardoifigeach Feidhmiúcháin, bainim leas as mo thaithí agus déanaim iarracht an cur chuige céanna a ghlacadh le mo bhaill foirne féin.
An féidir leat labhairt linn faoi bhuaicphointe i do ghairm sa Státseirbhís?
Mar Oifigeach Feidhmiúcháin (maoirseoir) a rinne bainistíocht ar a gcóras íocaíochta ginearálta don roinn, bhí ról lárnach agam maidir le córas leictreonach a fhorbairt chun duillíní comhairle íocaíochta a chur ar fáil d’íocaithe na roinne, in ionad an tseanchórais chostasaigh agus neamhéifeachtúil a bhí i bhfeidhm, inar seoladh duillíní comhairle amach trí mheán an phoist. Chuir mé tús leis an aistriú agus thug mé cabhair maidir leis na córais a bhí ag teastáil a fhorbairt, mar aon le maoirseacht a dhéanamh ar thástáil agus chur i bhfeidhm an tionscadail. Cé nach tionscadal an-mhór a bhí i gceist, mhothaigh mé go raibh rud éigin curtha i gcrích agam agus bhain mé sásamh as a bheith páirteach i dtionscadail ar éirigh go han-mhaith leis ó thús deireadh. Agus sábháladh thart ar €40,000 sa bhliain don Roinn!
Cén fáth ar roghnaigh tú gairm san Earnáil Phoiblí?
Ó thosaigh mé ag obair, bhí mé ag obair san earnáil phoiblí agus táim tiomanta do luachanna na hearnála poiblí. Thuig mé go mbeinn in ann na scileanna atá ag teastáil chun gairm a fhorbairt i réimse an riaracháin phoiblí a fhorbairt sa ról mar Oifigeach Cléireachais, agus thuig mé go mbeadh deiseanna iontacha ar fáil maidir le dul chun cinn a dhéanamh agus go mbeinn in ann leas a bhaint as an taithí oibre a bhí faighte agam cheana féin chun iad sin a thapú.
Cén chomhairle a thabharfá do dhuine atá ag smaoineamh ar iarratas a dhéanamh ar ról an Oifigigh Chléireachais?
Ar aghaidh leat. Déan do dhícheall. Cuir spéis san obair. Déan iarracht teacht ar dheiseanna, mar tiocfaidh siad anuas. Iarr ar na daoine mórthimpeall ort cabhrú leat agus comhairle a thabhairt duit agus bain leas as an gcabhair agus as an gcomhairle sin.