Faoin Ról

Tá céimithe á n-earcú ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha do ról an Oifigigh Speisialtachta Forbartha i Seirbhís Eachtrach na hÉireann. Tá ról fíorthábhachtach ag Taidhleoirí na hÉireann maidir le polasaí iasachta na hÉireann a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm. Déanann siad ionadaíocht ar son na hÉireann thar lear, cuireann siad leas agus caighdeáin ár Stáit agus na saoránach chun cinn agus cosnaíonn siad an leas agus na caighdeáin seo.

Beidh obair thar lear i gceist sa ról seo agus beidh sé riachtanach tréimshí fada a chaitheamh ag obair mar ionadaí i dtíortha éagsúla.

Ní mór d’iarrthóirí a n-éireoidh leo, mar sin, a bheith solúbtha, acmhainneach agus tiomanta dona bheith ag obair trí theangacha iasachta​.

San áireamh sna dúshláin laethúla a bhaineann le bheith ag obair i misean thar lear, tá na dúshláin seo a leanas: cuairteanna ardleibhéil de chuid Rialtas na hÉireann a eagrú, an trádáil a chur chun cinn, cabhrú le saoránaigh Éireannacha atá i dtrioblóid agus buiséid agus cláir forbartha misin a bhainistiú.

Tuarastal:  c. €35,406

Saoire Bhliantúil:   25 Lá

Ionad:   Baile Átha Cliath, Luimneach, Ionaid Idirnáisiúnta

Dáta Oscailte:  20/01/2023

Dáta Dúnta:   09/02/2023

Cáilitheacht

Ní mór d’iarrthóirí na nithe seo a leanas a bheith acu roimh an dáta dúnta, Déardaoin an 9 Feabhra 2023:

  • Céim onóracha den chéad nó den dara grád (Leibhéal 8, ar a laghad, ar Chreat Náisiúnta na gCáilíochtaí) in ábhar a bhaineann le clár forbartha idirnáisiúnta na hÉireann.