Osclóidh an comórtas earcaíochta is déanaí do Ghardaí ar an Aoine 24 Márta 2023 anseo ag publicjobs.ie. Trí publicjobs.ie, reáchtálfaidh an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí an comórtas ar son An Gharda Síochána. Is í an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí an soláthraí lárnaithe seirbhísí earcaíochta don Státseirbhís. Cuirimid seirbhísí earcaíochta ar fáil chomh maith do na róil is sinsearaí in Údaráis Áitiúla, do phoist cheannaireachta agus do Chomhairligh Leighis d’FSS, don Gharda Síochána agus do phoist ghairimiúla agus theicniúla speisialtachta éagsúla san Earnáil Phoiblí.
Dúirt an Coimisinéir Harris an méad seo a leanas, “Is post iontach é post an Gharda. Bíonn an deis agat dea-thionchar a imirt ar dhaoine eile. Is gairm fhiúntach í an phóilíneacht agus tá sí nasctha le dea-shaoránacht. Gach lá, coinníonn Gardaí pobail agus daoine sábháilte trí chur chuige ar leith i leith na póilíneachta atá bunaithe ar chead
“Is post deacair é agus tá sé dúshlánach, ach tá an-sásamh le fáil sa phost, rud a chiallaíonn gur mó na buntáistí ná na míbhuntáistí.
“Is eagraíocht é an Garda Síochána ina bhfuil an éagsúlacht ag teacht chun tosaigh. Tá ceann de na rátaí is airde san Eoraip againn maidir le líon na n-oifigeach baineann agus, sa chomórtas is déanaí do Ghardaí a reáchtálamar, tháinig os cionn 20% de na hiarrthóirí ó phobail mhionlaigh.
“Aithnímid, áfach, go bhfuil níos mó oibre le déanamh againn chun an aidhm atá againn léiriú a thabhairt ar na daoine ar a bhfreastailímid a bhaint amach. Ba mhaith linn daoine ó gach cúlra agus ó gach pobal a spreagadh chun a bheith ina nGardaí, tá na daoine sin ag teastáil uainn, agus d’iarrfainn orthu iarratas a chur isteach. Ní bheimid in ann an éagsúlacht atá ag teastáil ó phobail agus atá ag dul dóibh a chinntiú gan iad.
“Ina theannta sin, ba mhaith linn daoine a chuaigh thar lear a mhealladh ar ais agus a spreagadh chun a bheith ina nGardaí. Is deis iontach í seo dea-thionchar a imirt ar an tír inár fhás tú aníos.
“Mar a dúirt mé cheana, ba mhaith linn sprioc an Rialtais maidir le 15,000 Garda a earcú a bhaint amach, ach, ina theannta sin, de bharr fhás an daonra agus athruithe déimeagrafacha, mar aon leis an gcaoi a mbíonn an choireacht ag athrú go sciobtha, ba mhaith linn níos mó ná 15,000 Garda a earcú.”
Tá sé beartaithe comórtais earcaíochta a reáchtáil do Ghardaí gach bliain.
Chun an comórtas earcaíochta a chur chun cinn, beidh feachtas bolscaireachta de luach €550,000 (gan CBL san áireamh) dar teideal “Is Post Fiúntach É” beo ar an teilifís, ar an raidió, ar líne agus ar na meáin shóisialta ón 24 Márta 2023 ar aghaidh, ag leibhéal náisiúnta agus áitiúil. Díreoidh an feachtas chomh maith ar Éireannaigh a bhfuil cónaí orthu i dtíortha éagsula, m.sh. An Ríocht Aontaithe, na Stáit Aontaithe, Ceanada, an Astráil agus an Nua-Shéalainn.
Tá an feachtas bunaithe ar eolas ó Ghardaí agus tugann Gardaí aonair samplaí a léiríonn an chaoi ar chabhraigh siad le daoine agus le pobail.
Tá sé mar aidhm ag an bhfeachtas an cineál oibre a dhéanann Gardaí a léiriú – ag obair ag a 4r.n., daoine a ghabháil, a bheith aclaí, mar aon leis na buntáistí suntasacha pearsanta agus sóisialta, m.sh. teagmháil le pobail, coirpigh a ghabháil, cabhrú le híospartaigh choireachta, agus cairdeas i measc comhghleacaithe.
Dúirt an Coimisinéir Harris an méad seo a leanas, “Ní oirfeadh post mar Gharda do gach duine. Bíonn ar Ghardaí obair oíche a dhéanamh agus obair a dhéanamh go luath ar maidin. Bíonn orthu páirt a ghlacadh i gcoimhlint fhisiceach. Bíonn orthu a bheith aclaí. Ba mhaith linn é sin a rá do dhaoine ón tús ionas gur féidir linn iarrthóirí ar ardchaighdeán a mhealladh, a n-oirfeadh gairm mar Gharda dóibh. Táim lánchinnte go bhfuil a lán daoine amuigh ansin a bhfuil na scileanna agus an meon acu chun feidhmiú mar Ghardaí den chéad scoth, agus is deis iontach í seo teacht ag obair linn agus difríocht a dhéanamh.”
Is féidir le hiarrthóirí iarratas a chur isteach ar an gcomórtais do Ghardaí faoi Oiliúint sa Gharda Síochána ón Aoine 24 Márta 2023 go dtí an Aoine 14 Aibreán 2023.