Ó bhall den chriú ar Bhád Tarrthála áitiúil i mBaile Chaisleáin Bhéarra go post mar Oifigeach Faire san Fho-Ionad Tarrthála Mara, Dairbhre. Labhraíonn David linn faoina ról suimiúil agus dinimiciúil agus faoi ghnáthlá oibre.
Inis dúinn faoi ghnáthlá mar Oifigeach Faire i nGarda Cósta na hÉireann.
Déanaimid sealanna 12 uair an chloig. De ghnáth, bíonn triúr ball foirne ar dualgas. Bíonn Oifigeach Stáisiúin, Comhordaitheoir Misean Cuardaigh agus Tarrthála (SMC) agus Oifigeach Faire i gceist. Cuireann Garda Cósta na hÉireann oiliúint ar Oifigigh Faire chun gur féidir leo feidhmiú mar SMC agus chun a chinntiú gur féidir le baill foirne éagsúla sealaíocht a dhéanamh sa ról agus chun a chinntiú go bhfaigheann gach ball foirne oiliúint ar ardchaighdeán.
Ar ghnáthlá, déanaimid monatóireacht ar na minicíochtaí guaise, déanaimid freagairtí ar eachtraí Cuardaigh agus Tarrthála a chomhordú, glacaimid le tuairiscí ar thrácht ó árthaí, déanaimid an réamhaisnéis don cheantar mara agus foláirimh loingseoireachta raidió a chraoladh. Pléimid le glaonna 999/112 agus tugaimid freagairt orthu trí leas a bhaint as acmhainní tarrthála, lena n-áirítear héileacaptair, de réir mar is gá, chun freastal ar eachtraí a tharlaíonn laistigh de limistéar Cuardaigh agus Tarrthála na hÉireann, agus, anois is arís, in áiteanna lasmuigh den limistéar sin, toisc go n-oibríonn an Garda Cósta go dlúth leis an RA.
Is ról iontach agus dinimiciúil é ról an Oifigigh Faire agus oireann sé do dhaoine a bhíonn socair agus suaimhneach i gcásanna deacra agus a bhfuil feasacht mhaith suímh acu.
Cén chonair ghairme a ghlac tú chun a bheith i d’Oifigeach Faire?
Chaith mé cúpla bliain mar bhall den chriú ar an mBád Tarrthála áitiúil i mBaile Chaisleáin Bhéarra nuair a bhí mé sna blianta deiridh sa mheánscoil, sular thosaigh mé m’oiliúint mar Oifigeach Deice sa Chabhlach Trádála in 2016. Rinne mé staidéar ar an Eolaíocht Loingseoireachta i gColáiste Náisiúnta Mara na hÉireann. Mar chuid de mo chéim, rinne mé oiliúint mar dhalta le Carnival UK ar bord Longa Crúsála P&O agus le Cuideachta Loingseoireachta Cunard. Agus mé faoi oiliúint, bhí an deis agam taisteal ar fud an domhain, chuig réigiún na Meánmhara, chuig Críoch Lochlann, chuig na Stáit Aontaithe, chuig Ceanada, chuig réigiún Mhuir Chairib, agus chuig an Eoraip. Cháiligh mé mar Oifigeach Faire in 2020 agus thosaigh mé ag obair go lánaimseartha le Cuideachta Crúsála P&O. D’oibrigh mé le Castletownbere Marine, ag déanamh oibre tuga mar aon le hobair a dhéanamh ar feadh tréimhse giorra le INFOMAR ar thurais suirbhéireachta timpeall chósta an deiscirt agus an iarthair. Ón gclár a chomhlíon mé sa Staidéar Loingseoireachta, fuair mé na cáilíochtaí a bhí ag teastáil chun dul ag obair le Garda Cósta na hÉireann.
Nuair a thosaigh mé le Garda Cósta na hÉireann, chomhlíon mé próiseas oiliúna fada, inar áiríodh oiliúint san Ionad Comhordaithe Tarrthála Mara i mBaile Átha Cliath agus, ansin, oiliúint sa dá Fho-Ionad Tarrthála Mara i gCionn Mhálanna agus i nDairbhre. Rinne mé Cúrsa trí seachtaine sa Chomhordú Misean Cuardaigh agus Tarrthála i gColáiste Náisiúnta Mara na hÉireann, a thug na príomhscileanna atá ag teastáil chun feidhmiú mar SMC dom.
Tá Cúrsa coicíse sa Tascáil agus Chomhordú Eitlíochta Cuardaigh agus Tarrthála mar chuid den oiliúint chomh maith.
Tá leabhar tascanna cuimsitheach mar bhonn faoin oiliúint d’Oifigigh Faire, ina gcaithfidh Oifigigh Faire tascanna a chomhlíonadh agus cumas ardleibhéil a bhaint amach. Aithníonn Dearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann an oiliúint d’Oifigigh Faire agus aithnítear í mar Ghradam Sainchuspóra.
Cad iad na príomhdhualgais a chomhlíonann tú mar Oifigeach Faire?
Mar Oifigeach Faire san Fho-Ionad Comhordaithe Tarrthála Mara i nDairbhre, cinntímid go ndéantar faire éisteachta leanúnach ar mhinicíochtaí guaise mara. Craolaimid an réamhaisnéis don cheantar mara, an réamhaisnéis do lochanna intíre, fóláirimh d’árthaí beaga, do ghalaí agus stoirmeacha a eisíonn Met Éireann. Cuirimid foláirimh loingseoireachta raidió le chéile agus craolaimid iad do mhairnéalaigh chun béim a leagan ar chontúirtí loingseoireachta.
Tugaimid freagairt ar thimpistí loinge agus tubaistí mara trí mhisin chuardaigh agus tarrthála a tháscáil agus a chomhordú le hacmhainní éagsúla, m.sh. Héileacaptair Tarrthála an Gharda Chósta, ár nAonaid Dheonacha sa Gharda Cósta, Báid Tarrthála INRBT agus báid Tarrthála Chósta Cladaigh ar fud na hÉireann.
Oibrímid le Príomhghníomhaireachtaí Freagartha eile agus le Príomhsheirbhísí Éigeandála, mar aon le hÓglaigh na hÉireann agus Gníomhaireachtaí Tarrthála Idirnáisiúnta eile chun Misin Tarrthála Chomhroinnte a chomhordú. Déanaimid comhairle Teilimíochaine do longa a chomhordú i gcomhar le Medico Chorcaí.
Tugaimid freagairt ar fholáirimh ó Rabhcáin Raidió lena léirítear Suíomh Éigeandála, ó Thrasfhreagróirí do Shuíomhanna Éigeandála agus ó Rabhcáin lena léirítear Suíomh an Duine.
Mar cheann de Phríomhsheirbhísí Éigeandála na hÉireann, pléann Garda Cósta na hÉireann le glaonna 112/999 ó bhaill den Phobal a bhfuil cabhair uathu.
Cén fáth ar chuir tú isteach ar an ról mar Oifigeach Faire?
Chuir mé isteach ar an ról mar Oifigeach Faire ar chúiseanna éagsúla. Tá réimse an Chuardaigh agus na Tarrthála an-tábhachtach dom toisc go bhfuil baint láidir ag mo theaghlach le misin tarrthála leis na blianta. Bhí m’athair agus mo sheanathair ina Liagóirí ar na báid tarrthála i mBaile Chaisleáin Bhéarra agus i nDún na Séad, faoi seach, agus d’oibrigh agus oibríonn a lán ball de mo theaghlach le hINRBT, lena n-áirítear mo dheartháireacha agus dheirfiúracha mar bhaill den chriú, agus mo sheanmháthair mar Rúnaí Tiomsaithe Airgid. Is Bainisteoir Ceantair Tarrthála INRBT é m’athair i gceantar oibríochta Dhairbhre de chuid an Gharda Chósta. Tá iascairí sa teaghlach sínte agus tá naisc le tionscal na hiascaireachta ag roinnt cairde de mo chuid. Ciallaíonn sé sin go mbraitheann ár bpobal agus pobail eile timpeall an chósta ar Gharda Cósta na hEireann chun freagairt ar Éigeandálaí a tharlaíonn agus iad ag obair ar muir a chomhordú. Tugann an post mar Oifigeach Faire deis dom tionchar díreach a bheith agam ar na pobail sin, nuair is gá. Le linn na blianta, tá neart eolais foghlamtha agam faoin nGarda Cósta, agus bhí suim agam i gcónaí a bheith ag obair san Ionad Comhordaithe Tarrthála Mara i nDairbhre, a chlúdaíonn mo phobal féin, agus neart pobal eile idir Baile Choitín, Co. Chorcaí, agus Ceann Léime, Co. na Gaillimhe agus áiteanna ar an bhfarraige mhór.
An molfá gairm san earnáil phoiblí do dhaoine eile?
Mholfainn post san Earnáil Phoiblí go láidir, go háirithe do mhairnéalaigh a bhfuil fonn orthu teacht i dtír agus cothromaíocht níos fearr oibre agus saoil a bhaint amach. Cuireann an Earnáil Phoiblí fostaíocht sheasmhach agus deiseanna i dtaca le hoideachas sa bhreis agus dul chun cinn gairme ar fáil.