Oifigeach Feidhmiúcháin (Baile Átha Cliath)

Comórtas oscailte do cheapacháin i bpo(i)st mar: Oifigeach Feidhmiúcháin (Baile Átha Cliath) sa Státseirbhís. Beidh an deis agat mar Oifigeach Feidhmiúcháin a bheith ag obair ar thionscadail a chuideoidh le forbairt shóisialta agus gheilleagrach na hÉireann.

Má thaitníonn obair dhúshlánach leat agus má tá tú tiomanta do sheirbhís phoiblí a thabhairt, bheadh post mar Oifigeach Feidhmiúcháin an-oiriúnach duitse.

Is fostóir comhdheiseanna an tseirbhís phoiblí. Fáiltímid roimh iarratais ó iarrthóirí le cúlraí éagsúla. Aithnímid go ndéanann lucht saothair a léiríonn an pobal i gcoitinne obair dhearfach san áit oibre agus go gcuireann siad leis an obair a bhíonn ar siúl againn.

Faoin ról

Is féidir leat a bheith ag súil go mbeidh deis agat mar Oifigeach Feidhmiúcháin do ghairm bheatha a fhorbairt trí réimse leathan ról agus freagrachtaí ar fud na státseirbhíse. Is féidir Oifigeach Feidhmiúcháin a chur isteach in aon Roinn Rialtais. D’fhéadfadh freagrachtaí den chineál seo a bheith i gceist: taighde a dhéanamh agus moltaí a dhréachtú maidir le ceisteanna polasaí agus reachtaíocht, gníomhú mar bhainisteoir sóisearach ar thionscadail straitéiseacha thábhachtacha.
Is féidir, freisin, go mbeidh tú ag déileáil go díreach leis an bpobal agus tú ag tacú le seirbhísí a chuireann an Státseirbhís ar fáil dóibh.

Tá Oifigigh Fheidhmiúcháin fostaithe i ngach Roinn Rialtais agus tá réimse leathan dualgas i gceist maidir le feidhmeanna. Is é an post mar Oifigeach Feidhmiúcháin an leibhéal iontrála chuig bainistíocht shóisearach inmheánach sa Státseirbhís.

Tuarastal:Ó €33,812 ag tosú duit

Saoire Bhliantúil:  23 Lá

Láthair:  Baile Átha Cliath

Dáta Oscailte:  30/06/2023

Dáta Dúnta:  3pm, 17/07/2023

Oifigeach Feidhmiúcháin

  • Executive Officer Video

    Gaëlle O’Flynn
    Department of Agriculture, Food and Marine

  • Executive Officer Video

    Dr. John McGee
    Department of Communications, Climate Action and Environment

  • Executive Officer Video

    Laila Tamosune
    Department of Revenue, Irish Tax & Customs

  • Executive Officer Video

    Sarah Whiteley
    Department of Defence

  • Executive Officer Video

    Ryan Higgins
    Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

  • Executive Officer Video

    Rajani Senapathy
    Office of Public Works

  • Executive Officer Video

    Mairéad Ní Chonghaile
    An Roinn na Meán, Turasóireachta, Ealaíne, Cultúir, Spóirt agus na Gaeltachta

  • Executive Officer Video

    Sviatlana Zhohal
    Department of Health

  • Executive Officer Video

    Pádraig Marrinan
    Department of Education and Skills


    Próiseas Iarratais & Earcaíochta

    Roimh iarratas a dhéananh, seiceáil, le do thoil, go bhfuil tú cáilithe le cur isteach ar an bpost mar Oifigeach Feidhmiúcháin. Is féidir leat é seo a dhéanamh ach an mhír sa Leabhrán Eolais a bhaineann le riachtanais cháilitheachta a léamh agus an mhír thíos maidir le Ceisteanna Coitianta a léamh.

    Le cur isteach ar an gcomórtas seo, ní mór duit foirm iarratais ghairid a chomhlánú. Ag brath ar líon na n-iarratas a fhaightear, d’fhéadfadh roinnt nithe eile a bheith i gceist sa phróiseas roghnúcháin. Mar shampla, d’fhéadfadh na nithe seo a bheith

    san áireamh: trialacha measúnaithe ar líne, gearrliostú, agalla(i)mh físeáin ar líne, trialacha teanga, agalla(i)mh iomaíochta, trialacha samplacha oibre nó cleachtaí eile a mheastar a bheith cuí.

    Ag gach céim den bpróiseas roghnúcháin gheobhaidh tú an t-eolas is déanaí faoi conas mar atá ag éirí leat. Gheobhaidh tú é seo trí do Bhord Teachtaireachtaí laistigh de do chuntas publicjobs.ie. Sa chás go n-éiríonn leat, cuirfear in iúl duit cad is gá duit a dhéanamh chun an chéad chéim eile sa chomórtas a chríochnú.

    Conas Iarratas a Dhéanamh

    Tabhair do d’aire: ní ghlacfar le hiarratais i ndiaidh an dáta deiridh. Is dátaí sealadacha na dátaí agus d’fhéadfaí iad a leasú. Chun gach eolas a fháil, breathnaigh ar an Leabhrán Eolais, le do thoil.

    step 1

    Céim a hAon

    Cláraigh ar publicjobs.ie
    cinntigh, le do thoil, do sheoladh ríomhphoist pearsanta a úsáid le gur féidir linn teagmháil a dhéanamh leat i rith an chomórtais ar fad.

    step 2

    Céim a Dó

    Cliceáil Déan Iarratas ar Oifigeach Feidhmiúcháin Baile Átha Cliath

    step 3

    Céim a Trí

    Comhlánaigh an fhoirm iarrataisroimh 3pm, Déardaoin, 17 iúil, 2023

    step 5

    Céim a Ceathair

    Admháil go bhfuarthas d’iarratas
    Ba chóir go bhfaighfeá admháil laistigh de 2 lá oibre ón dáta inar chuir tú d’iarratas isteach.


    Leabhrán Eolais

    Chun eolas breise agus mionsonraí a fháil faoin ról, léigh an Leabhrán Eolais le do thoil, roimh iarratas a dhéanamh ar an ról seo.