Cuir Aithne ar Rebecca, Bainisteoir Cumarsáide sa Roinn Oideachais agus Óige.
Cuir Aithne ar Rebecca, Bainisteoir Cumarsáide sa Roinn Oideachais agus Óige.
Cuir Aithne ar Rebecca, Bainisteoir Cumarsáide sa Roinn Oideachais agus Óige.
Tugann Máire léargas dúinn ar a ngairm mar Oifigeach Riaracháin sa Roinn Airgeadais. Ó obair a dhéanamh i rannóg na Seasmhachta Airgeadais ar dtús go dtí obair a dhéanamh anois sa Rannóg um Bheartas an Bhainc Cheannais sa Roinn, labhraíonn Máire linn faoin gcaoi a gcabhraíonn a líofacht sa Ghaeilge leo ina ról.
Labhraíonn Nigel linn faoin gcaoi ar chuir sé isteach ar phost mar Oifigeach Riaracháin sa Roinn Airgeadais de bharr go raibh suim aige i gcúrsaí beartais agus faoin gcaoi ar cuireadh neart deiseanna ar fáil dó a chuid scileanna agus inniúlachtaí a fhorbairt trí oiliúint a bhaineann leis an bpost agus trí oideachas breise foirmiúil.
Labhraíonn James linn faoina ról mar Oifigeach Riaracháin sa Rannóg Eacnamaíochta sa Roinn Airgeadais agus faoin gcaoi a gcuireann na cúrsaí oiliúna atá ar fáil lena scileanna agus n-eolas.
Labhraíonn Seán linn faoin ról atá aige mar Oifigeach Riaracháin sa Rannóg Chánach sa Roinn Airgeadais. Bhí baint ag Seán le roinnt tascanna, lena n-áirítear treoir eolais a ullmhú don Aire Airgeadais mar chuid den Bhille Airgeadais, 2023, agus obair a dhéanamh ar thuairisciú na Roinne i dtaca le Caiteachas Cánach.
Oibríonn Con sa Rannóg um Thimpeallacht Ar Muir agus um Fhuinneamh don Todhchaí sa Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide faoi láthair agus labhraíonn siad linn faoi na deiseanna iontacha a chuir an ról seo ar fáil dóibh, lena n-áirítear an deis a bheith i láthair ag cruinnithe sa Bhruiséil.
Labhraíonn Rabeea linn faoina bpost mar Oifigeach Riaracháin sa Roinn Airgeadais, lena n-áirítear obair a dhéanamh chun beartas a chur le chéile, anailís a dhéanamh ar bheartas, taighde a dhéanamh agus faoi chuid de na fáthanna ar chuir siad isteach ar an ról agus faoi na rudaí a chuir iontas orthu.
Insíonn Thais dúinn cén fáth a bhfuair sí post mar Oibrí Seomra Rialaithe sa Gharda Síochána agus faoi na deiseanna iontacha atá ar fáil ann.
Insíonn Megan dúinn faoina ról mar Oibrí Seomra Rialaithe sa Gharda Síochána agus faoi na rudaí is mó a bhfuil meas acu sa ról, agus faoi chuid de na buntáistí a bhaineann leis.
Insíonn Meadbh dúinn conas is féidir úsáid a bhaint as na blianta taithí atá acu i seirbhís do chustaiméirí sa ról mar Oibrí Seomra Rialaithe sa Gharda Síochána, agus faoi na deiseanna a thug an ról dóibh.
Labhraíonn Leanne linn faoin gcaoi ar chinntigh a rannpháirtíocht sa chlár do chéimithe i SEMRÉ an tús is fearr dóibh ina ngairm mar eacnamaí agus faoin gcaoi a gcinntíonn a rannpháirtíocht i ngréasán Sheirbhís Eacnamaíochta agus Mheasúnaithe na hÉireann (SEMRÉ) go mbíonn éagsúlacht agus solúbhtacht le brath ina ról.
Is Ionadaí Cruthaithe Eachtraí é Nigel. Labhraíonn sé linn faoina ról, faoina thaithí agus faoi na deiseanna a cuireadh ar fáil dó ó thosaigh sé sa státseirbhís. Labhraíonn Nigel linn faoi bhuntáistí an róil seo agus faoin bhfáth a molfadh sé gairm in ISFAGS sa státseirbhís do dhaoine eile.
Is Speisialtóir Catagóire í Mandy san Oifig um Sholáthar Rialtais. Labhraíonn sí linn faoina ról, faoina taithí agus faoi na deiseanna a cuireadh ar fáil di ó thosaigh sí sa státseirbhís. Labhraíonn Mandy linn faoin ról fiúntach atá aici agus faoin gcaoi ar thapaigh sí an deis tabhairt faoi oideachas sa bhreis.
Is Speisialtóir TFC é Florin leis an nGarda Síochána. Labhraíonn Florin linn faoina ról mar Anailísí Cibearshlándala agus faoi na deiseanna atá curtha ar fáil aige ó thosaigh sé sa Státseirbhís. Insíonn sé dúinn faoin struchtúr tacaíochta d’fhorbairt bhreise sa Gharda Síochána agus faoin gcaoi a gcoinníonn an eagraíocht í féin ar an eolas faoi theicneolaíochtaí nua.
Tugann Helen léargas dúinn ar a gairm mar Shíceolaí Oideachais, ar an gcaoi a spreagadh í chun dul le gairm nua tar éis di dul i dteagmháil leis an tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais (SNSO) agus í ag obair mar Mhúinteoir Bunscoile.
Tugann Kevin léargas dúinn ar a chonair ghairme, lena n-áirítear an obair rinne sé mar mhúinteoir bunscoile i roinnt scoileanna sular thosaigh sé ag obair le daltaí le riachtanais oideachais speisialta. De bharr na taithí seo, bhain sé Dioplóma san Oideachas Speisialta amach agus, níos déanaí, bhain sé céim sa tSíceolaíocht amach tríd an Open University agus, ina dhiaidh sin arís, bhain sé Máistreacht amach sa tSíceolaíocht Oideachais.
Tugann Sarah léargas dúinn ar a gairm mar Shíceolaí Oideachais sa tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais. Insíonn Sarah dúinn gur thosaigh sí sa tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais (SNSO) mar gheall ar an deis a bheadh aici oibriú, ar bhonn comhairleach, le scoileanna agus tacaíocht a thabhairt do scoileanna i dtaca le hathruithe córasacha a chur i bhfeidhm chun a dtacaíochtaí do leanaí agus do dhaoine óga le riachtanais bhreise a fhorbairt.
Tugann Patricia léargas dúinn ar a gairm mar Shíceolaí Oideachais sa tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais. Dar le Patricia gurb iad an chomhghleacaíocht agus an deis oibriú le grúpa daoine a bhfuil an dearcadh céanna acu na nithe is fearr faoina bheith ag obair sa tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais (SNSO). Tá an saineolas atá ag comhghleacaithe thar barr, agus de bharr na maoirseachta aonair a fhaigheann tú nó na maoirseachta a fhaigheann tú i ngrúpa, braitheann tú níos cumasaí agus níos stuama. Leis an tacaíocht sin taobh thiar duit, is féidir leat tacaíocht níos fearr a thabhairt do scoileanna.
Tugann Gráinne léargas dúinn ar a gairm mar Shíceolaí Oideachais sa tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais. Insíonn Gráinne dúinn go dtugann a ról deis di teoiric, taighde agus teicnící síceolaíochta a chur i bhfeidhm chun tacú le leanaí, daoine óga, a dteaghlaigh agus a scoileanna i dtaca le folláine mhóthúchánach agus shóisialta dhaoine óga a chur chun cinn.