Tá muid ag tabhairt isteach roinnt athruithe agus feabhsúchán sna míonna atá amach romhainn. Tá sé seo á dhéanamh againn mar chuid dár n-iarracht leanúnach a chinntiú go soláthraítear seirbhís earcaíochta, a léiríonn ár dtiomantas do nuálaíocht, bharr feabhais, agus dhaoine den scoth a chur ar fáil le réimse leathan de róil i ngach réimse den státseirbhís. I dtosach báire, ón 10 Meitheamh, tabharfar faoi deara go bhfuil athnuachan á dhéanamh againn ar ár n-íomhá ar gach ardán cumarsáide, mar shampla ar ár suíomh gréasáin, ardáin shóisialta, tairseach na n-iarrthóirí, agus i gcomhfhreagras a fhaigheann sibh uainn. Ní ga d’iarrthóirí aon rud a dhéanamh ag an bpointe seo.
Níos déanaí sa bhliain, mar chuid dár dtiomantas feabhas a chur ar eispéireas an iarrthóra, seolfaimid ár dtairseach iarrthóra nua – cuirfidh sé seo feabhas ar an bpróiseas earcaíochta agus roghnaithe, agus cuirfidh sé feabhas ar an gcaoi a ndéanann sibh teagmháil linn trí ghnéithe nua iontacha.
Coinneoimid sibh ar an eolas, agus tá súil againn go dtaitneoidh na feabhsúcháin nua atá á dtabhairt isteach againn libh.