Faigh amach faoinár n-Acmhainní Cliant

- Treoirlínte BCC do Chliaint maidir le ‘Earcaíocht agus Roghnú sa tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí
Is í aidhm na cáipéise seo eolas agus tacaíocht a thabhairt dár gcliaint i Ranna agus i nGníomhaireachtaí Rialtais trí achoimre phraiticiúil a dhéanamh ar na riachtanais agus na próisis atá mar bhonn faoin gcaoi a dtugann an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí faoi bhaill foirne a earcú agus a roghnú.
- Foirm A: Comórtas Earcaíochta Gairmiúil agus Teicniúil Nua
Chun iarraidh ar an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí tabhairt faoi chomórtas earcaíochta Gairmiúil agus Teicniúil nua, cuir Form A chomhlíonta agus na cáipéisí tacaíochta (de réir mar a leagtar amach ar an bhfoirm) isteach.
- Foirm do Phróifíl an Iarrthóra
Do chomórtas earcaíochta Gairmiúil agus Teicniúil nua, comhlíon an Fhoirm do Phróifíl an Iarrthóra (agus cuir isteach í le Foirm A), cabhróidh sé sin linn Plean Fógraíochta a chruthú chun na hiarrthóirí is fearr a mhealladh chun iarratas a chur isteach ar do chomórtas.
- Foirm B: Iarratas maidir le Folúntais i nGráid Ghinearálta, OC - PO1
Chun iarratas maidir le ról i nGrád Ginearálta a chur isteach, comhlíon Form B (OC to PO1)
- Foirm C: Iarratas maidir le Folúntas Gairmiúil agus Teicniúil
Chun iarratas maidir le folúntas do ról Gairmiúil agus Teicniúil a chur isteach, comhlíon Form C.
- Foirm D: Iarratas maidir le Folúntais i nGráid Ghinearálta, OCS
Chun iarratas maidir le folúntas do ról OCS a chur isteach, comhlíon Form D.
Nuachtlitir do Chliaint
Tá sé mar aidhm ag ár Nuachtlitir do Chliaint, a thagann amach gach ráithe, an t-eolas is déanaí agus eolas faoi thosaíochtaí sa tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí a thabhairt duit. Chuireamar catalóg saothar ina bhfuil eagráin den nuachtlitir don Státseirbhís agus don Rialtas Áitiúil a tháinig amach le déanaí ar fáil - tá súil againn go bhfuil siad sin úsáideach agus go dtacóidh siad le do chuid oibre. Má tá aon cheist agat faoin ábhar, téigh i dteagmháil leis an bhFoireann um Chaidreamh le Cliaint: