Ár bPróiseas Earcaíochta

 BGrianghraf dubh agus bán de bheirt fhear agus thriúr ban le boscaí daite forleagtha ar an ngrianghraf



Creidimid go gcuireann fostaithe ó gach carn den tsochaí fuinneamh in ionaid oibre, rud a spreagann polasaithe, cláir agus seirbhísí níos freagrúla agus níos ionchuimsithí. Tá daoine ag croílár ár ngnó agus is í an tosaíocht atá againn lucht saothair den scoth ina bhfuil éagsúlacht le brath a earcú chun seirbhísí poiblí freagrúla agus ionchuimsitheacha a chur ar fáil do mhuintir na hÉireann.

TEarcaítear formhór na ról Státseirbhíse agus Seirbhíse Poiblí trí chomórtais earcaíochta ina mbíonn líon mór iarratas (róil d’Oifigigh Chléireachais Shealadacha agus Bhuana, d’Oifigigh Feidhmiúcháin, do Ghardaí faoi Oiliúint, d’Oifigigh Phríosúin, do Thríú Rúnaithe, agus d’Oifigigh Riaracháin / róil do Chéimithe srl.). Maidir le poist Ghairmiúla, Theicniúla agus Bhainistíochta ar leith, déanaimid earcaíocht ar bhonn saincheaptha le linn na bliana.

Toisc go meallann comórtais earcaíochta do roinnt ról sa Státseirbhís agus sa tSeirbhís Phoiblí líon mór iarrthóirí, caithfidh iarrthóirí tabhairt faoi réimse de thrialacha agus de chleachtaí measúnaithe cuí le linn roinnt staideanna roghnaithe. Bainimid úsáid as cur chuige atá á threorú ag éileamh, a chiallaíonn gur féidir go gcuirfí iarrthóirí ar aghaidh i ngrúpaí trí staideanna éagsúla measúnaithe ag amanna éagsúla, bunaithe ar líon na bhfolúntas a thagann chun cinn.

Gnáthamlínte Earcaíochta

Braithfidh amlínte ar chúinsí éagsúla, lena n-áirítear (ach ní liosta iomlán é seo); líon na n-iarratas, líon na bhfolúntas, agus na hacmhainní atá ar fáil mar gheall ar líon na gcomórtas eile atá beo ag am áirithe. De ghnáth, maireann painéal thart ar 18-24 mhí agus is féidir go gcuirfí iarrthóirí faoi mheas am ar bith. Níl aon chinnteacht ann, áfach, go bhfaighidh iarrthóir tairiscint ar phost má chuirtear ar phainéal iad. Braitheann líon na ról a líontar ó phainéal ar líon na bhfolúntas ábhartha a thagann chun cinn le linn na tréimhse sin.

Uaireanta, maireann comórtais earcaíochta ina mbíonn líon mór iarratais do ghráid ghinearálta, m.sh. Oifigigh Chléireachais Shealadacha nó Bhuana, Oifigigh Feidhmiúcháin agus Oifigigh Riaracháin, roinnt míonna de bharr líon suntasach na n-iarratas a fhaightear de ghnáth. De ghnáth, téann iarrthóirí trí gach staid den phróiseas earcaíochta i ngrúpaí. Braithfidh uimhir do ghrúpa ar an marc a fuair tú, i gcomparáid le gach iarrthóir eile, ag an staid chuí sa chomórtas ábhartha. Téann iarrthóirí a bhaineann marcanna níos airde amach ar aghaidh níos luaithe.

Déanfar ár rannán ina bhfuil An tEolas is Déanaí faoi Fheachtais a nuashonrú le heolas ábhartha faoi chomórtais ar leith agus tabharfar tuiscint níos fearr duit ansin ar na hamlínte atá beartaithe dár bhfeachtais.

Staideanna inár bPróiseas Earcaíochta

Bíonn ár bpróiseas earcaíochta difriúil, ag brath ar an ról áirithe atá i gceist nó ar an gcineál comórtais atá á reáchtáil. Bíonn roinnt staideanna i gceist sa phróiseas earcaíochta, a ndéantar cur síos orthu thíos. Is fiú a thabhairt faoi deara nach mbaintear úsáid as na staideanna céanna do gach ról. Ina theannta sin, tá an liosta thíos de na measúnuithe a d’fhéadfadh a bheith i gceist rangaithe, ach níl sé in ord croineolaíoch. Is féidir go mbeadh trialacha nó cleachtaí eile a aithníodh mar thrialacha nó chleachtaí cuí le déanamh sa phróiseas earcaíochta.

Roimh gach staid den phróiseas earcaíochta, gheobhaidh tú cuireadh trí do chlár teachtaireachtaí ar publicjobs.ie. Nuair a ghlacann tú le cuireadh, is féidir go seolfar ábhar taithíochta, cáipéisí nó ainmneacha na measúnóirí chugat roimh an measúnú.

Bí ar an eolas nach bhfuil aon chinnteacht ann go dtabharfar tairiscint ar phost duit, cé go ndéanaimid iarracht gan iarrthóirí a chur ar phainéal mura bhfuil an t-éileamh ann, mar is féidir nach mbainfear d’áit ar an bpainéal amach má tá an t-éilamh níos ísle ná an t-éileamh a rabhthas ag súil leis.

Toisc go mbíonn ár bpróiseas earcaíochta casta agus toisc go dtéann roinnt grúpaí éagsúla ar aghaidh i rith thréimhse an chomórtais, go háirithe do chomórtais ina mbíonn líon mór iarratas, moltar go láidir d’iarrthóirí féachaint ar Leabhrán Eolais an Chomórtais do gach comórtas earcaíochta chun a dheimhniú go gcomhlíonann tú na riachtanais cháilitheachta sula gcuireann siad iarratas isteach nó sula dtugann siad faoi na staideanna measúnaithe éagsúla.





Gluais Téarmaí

  • Leabhrán Eolais an Chomórtais:Tá Leabhrán Eolais ar fáil do gach comórtas ina gcuirfear sonraí ar fáil faoin ról, faoin údarás fostaithe, faoi riachtanais cháilitheachta, faoin bpróiseas earcaíochta agus faoin luach saothair.

  • An Próiseas Earcaíochta: Is é an próiseas earcaíochta an liosta de staideanna measúnaithe a ndéantar cur síos air i Leabhrán Eolais an Chomórtais.

  • Incháilitheacht: Bíonn critéir cháilitheachta ar leith i bhfeidhm do gach ról, a ndéanfar cur síos orthu i Leabhrán Eolais an Chomórtais. Ní mór d’iarrthóirí gach critéar cáilitheachta a chomhlíonadh, m.sh. taithí ar leith a bheith acu nó cáilíocht ar leith, agus, mura gcomhlíonann siad na critéir, ní cheapfar iad. Is faoin iarrthóir atá sé a chinntiú go gcomhlíonann siad na riachtanais cháilitheachta a ndéantar cur síos orthu i Leabhrán Eolais an Chomórtais. 

  • Measúnuithe:Ciallaíonn measúnuithe trialacha, agallaimh nó próisis éagsúla a mbaintear úsáid astu le linn an phróisis earcaíochta. Déantar cur síos ar gach staid a d’fhéadfadh a bheith i gceist sa rannán Ár bPróiseas Earcaíochta.

  • Staideanna: Is iad na staideanna na céimeanna agus na measúnuithe a bhaineann leis an bpróiseas earcaíochta ó staid an iarratais go staid an cheapacháin. Tá sonraí faoi na céimeanna agus na staideanna a d’fhéadfadh a bheith i gceist ar fáil thíos.

  • Ábhar Taithíochta: Ag staideanna éagsúla den phróiseas earcaíochta, seans go seolfar ábhar taithíochta chugat chun cabhrú leat tuiscint a fháil ar leagan amach na measúnuithe a bheidh le déanamh.

  • Sraitheanna: Bíonn sraitheanna éagsúla i gceist i roinnt comórtas agus bíonn critéir cháilitheachta éagsúla acu. Mar shampla, tá comórtais ‘Oscailte’ ann (tá baill den phobal cáilithe chun iarratas a chur isteach, má chomhlíonann siad na critéir cháilitheachta eile) agus comórtais ‘Idir-Rannacha’ (níl cead ach ag Státseirbhísigh cur isteach orthu, má chomhlíonann siad na critéir cháilitheachta eile). Is féidir go ndéanfar iarrthóirí a mheas ag gach staid do shraith amháin nó do roinnt sraitheanna nó is féidir go ndéanfaidh iarrthóirí measúnuithe breise do shraith ar leith. Déanfar cur síos ar an bpróiseas earcaíochta atá i gceist i Leabhrán Eolais an Chomórtais.

  • Grúpaí:Is grúpa d’iarrthóirí ar éirigh leo atá i gceist, a théann ar aghaidh go dtí an chéad staid eile. Cuirfear i ngrúpa thú, bunaithe ar d’áit san ord fiúntais. Bíonn líon éagsúil daoine i ngrúpaí agus braitheann líon na ndaoine i ngrúpa ar na folúntais atá ar fáil nó atá tuartha ag am áirithe, mar bainimid úsáid as cur chuige atá á threorú ag éileamh.

  • Ord Fiúntais: Is í d’áit san ord fiúntais d’áit laistigh den ghrúpa iarrthóirí ar éirigh leo ag staid áirithe. Mar shampla, má bhain tú na marcanna is airde amach i dtrialacha inniúlachta ag Staid 1, bheifeá sa chéad áit san ord fiúntais do Staid 1. Tugtar na háiteanna is airde ar an bpainéal do na daoine a fhaigheann na marcanna is airde agus téann siadsan ar aghaidh tríd an gcomórtas ar dtús.

  • Cur chuige atá á threorú ag éileamh: Úsáidtear cur chuige i leith na hearcaíochta atá á threorú ag éileamh chun an líon iarrthóirí a fhaigheann cuireadh chuig staideanna eile agus na hamlínte idir gach staid a shocrú. Braithfidh an líon daoine i ngrúpa agus an amlíne idir gach measúnú ar na folúntais atá ar fáil nó atá tuartha.

  • Bord: Is éard atá i gceist le bord ná painéal de mheasúnóirí do staid den phróiseas earcaíochta.

  • Measúnóirí:Is daoine iad measúnóirí a bhíonn ar bhord measúnaithe ag gach staid den phróiseas earcaíochta. Bíonn agallóirí i gceist, mar aon leo siúd a dhéanann cleachtaí scríofa nó cuir i láthair a mheas.

  • Painéal: Is éard atá i gceist le painéal ná grúpa nó roinnt grúpaí d’iarrthóirí ar éirigh leo ag an staid dheiridh de phróiseas roghnaithe. Nuair a bhainfear d’áit san ord fiúntais amach, de bharr go bhfuil folúntais ar fáil, cuirfear tús leis an bpróiseas imréitigh. Bí ar an eolas nach bhfuil aon chinnteacht ann go gceapfar thú má chuirtear ar phainéal thú.

  • Imréiteach: Seiceálacha cáilitheachta agus cúlra deiridh a dhéantar sula gceaptar iarrthóir. Ag brath ar an oifig atá i gceist agus ar an gcineál oibre a bheidh i gceist, bíonn leibhéil éagsúla imréitigh i gceist. Féach ar na sonraí uilig sa rannán thíos maidir leis an imréiteach.

  • Ceapachán: Nuair a chomhlíontar gach riachtanas imréitigh, seolfaidh an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí fógra ceapacháin chugat agus sonraí faoi theagmhálaí AD d’fhostóra nua. Socróidh d’fhostóir nua gach gné den ionduchtú, níl baint ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí leis seo.

Tuilleadh Eolais

Chun tuilleadh eolais a fháil faoinár bPróiseas Earcaíochta, téigh go dtían leathanach ar a bhfuil Ceisteanna Coitianta agus chun teacht ar nodanna agus eolas praiticiúil faoin gcaoi ar féidir leat ullmhúchán a dhéanamh do na staideanna éagsúla den phróiseas earcaíochta, téigh go dtí ar na rannáin faoi Iarratais, Thrialacha agus Agallaimh.

Téigh go dtí an leathanach Dean Teagmhail Linn más mian leat dul i dteagmháil linn.