An-áthas ar poistphoiblí an dara Bord Comhairleach CÉ&I 2025 a óstáil
An-áthas ar poistphoiblí an dara Bord Comhairleach CÉ&I 2025 a óstáil
An-áthas ar poistphoiblí an dara Bord Comhairleach CÉ&I 2025 a óstáil
poistphoiblí tar éis freastal ar Aonach Gairmeacha gradireland san RDS chun Deiseanna do Chéimithe sa Státseirbhís a chur chun cinn
An bua ag poistphoiblí sa Chatagóir ‘Lucht Saothair na Todhchaí’ ag Gradaim Barr Feabhais agus Nuálaíochta na Státseirbhíse 2025
Tá an comórtas seo á reáchtáil ag poistphoiblí, mar sholáthraí lárnach seirbhísí earcaíochta, measúnaithe agus roghnaithe don Státseirbhís agus don tSeirbhís Phoiblí in Éirinn, ar son an Gharda Síochána.
In poistphoiblí, tá muid bródúil as urraíocht a dhéanamh arís ar an Duais d’Eagraíocht Seirbhíse Poiblí na Bliana mar chuid de na Duaiseanna Náisiúnta um Éagsúlacht agus Ionchuimsiú 2025, a bheidh ar siúl in Óstán Clayton, Droichead na Dothra, Baile Átha Cliath 4, ar an Aoine 7 Feabhra 2025.
Tá feachtas nua Meallta Tallainne, dar teideal ‘Ó Réimse Spéise go Gairm’ seolta ag poistphoiblí, a bhfuil sé mar aidhm aige gairmeacha sa státseirbhís agus sa tseirbhís phoiblí, mar aon le róil ar a ndéanann poistphoiblí bainistíocht ar son ár gcliant sa státseirbhís agus sa tseirbhís phoiblí, a chur chun cinn.
Duaiseanna don Lucht Siúil agus do Rómaigh
Seirbhís Phoiblí Níos Fearr – Lucht Saothair na Todhchaí a Mhúnlú
Chuir thart ar 6,380 (6,381) duine isteach ar fheachtais earcaíochta do Ghardaí le déanaí. An chéad chomórtas i ndiaidh chinneadh an Rialtais i dtaca leis an teorainn aoise d’iontrálaithe ar mhaith leo iarratas a chur isteach chun a bheith ina nGarda faoi Oiliúint a mhéadú ó 35 bliana go 50 bliain d’aois a bhí ann.
Sheol poistphoiblí, i gcomhar leis an nGarda Síochána, comórtas earcaíochta na bliana 2023 d’Oibrithe Seomra Rialaithe i seomraí rialaithe réigiúnacha.
Seoladh ár straitéis chorparáideach don tréimhse 2023-2026, NUA26, inniu. Sheol Cathaoirleach ár mBoird an straitéis i gcomhar lenár bPOF, Margaret McCabe.
Sheol poistphoiblí, i gcomhar le Seirbhís Phríosúin na hÉireann agus an Roinn Dlí agus Cirt, feachtas earcaíochta d’Oifigigh Phríosúin Faoi Oiliúint sa tSeirbhís Phríosúin, 2023.
Ar an Máirt 15 Lúnasa 2023, sheol an tAire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta, Simon Harris, TD, agus an tAire Caiteachais Phoiblí, Sheachadadh PFN agus Athchóirithe, Pascal Donohoe, TD, Plean Printíseachta na Seirbhíse Poiblí, 2022-2025.
Ba mhaith linn comghairdeas a dhéanamh le grúpa rannpháirtithe ó Chlár Oibre Foghlama an Oireachtais (OWL), ar ar bronnadh cáilíocht ar an 5 Iúil ag searmanas bronnta i dTeach Laighean. Bhí an-áthas orainn a bheith i láthair.
Ghlacamar páirt i gceiliúradh Lá na hAfraice in Ospidéal Ríoga Chill Mhaighneann ar an Domhnach 21 Bealtaine. Bhí an deis againn deiseanna gairme a roinnt agus fáilte a chur roimh mhuintir na hAfraice isteach sa tseirbhís phoiblí.
Tá sé tugtha faoi deara againn go bhfuil teachtaireachtaí á seoladh ar WhatsApp ina dtugtar le fios gur ó publicjobs.ie a tháinig siad. Ní dhéanaimid teagmháil leat ach amháin trí do chlár teachtaireachtaí ar publicjobs.ie, trí mheán an ríomhphoist nó ar an nguthán. Ní dhéanaimid teagmháil le hiarrthóirí ar WhatsApp. NÍOR sheolamar na teachtaireachtaí, agus is cineál sceamála atá i gceist. NÁ cliceáil ar na naisc sa teachtaireacht, le do thoil. Má tá imní ort faoi aon chomhfhreagras a fhaigheann tú a bhfuil an chuma air gur ón poistphoiblí a tháinig sé, déan teagmháil linn trí
Tháinig roinnt saineolaithe áitiúla agus idirnáisiúnta le chéile i gCaisleán Bhaile Átha Cliath chun plé a dhéanamh ar an gcaoi ar féidir leis an éagsúlacht agus leis an gcuimsiú todhchaí ár n-ionaid oibre.
Ba mhaith linn comhghairdeas mór a dhéanamh le Ceannasaí an Chomhionannais, na hÉagsúlachta agus an Chuimsithe ag poistphoiblí, Siobhán McKenna, a bhuaigh an Duais do Thacadóir Éagsúlachta na bliana 2023 ag Duaiseanna AD CIPD Éireann ar an Aoine 24 Feabhra.
Ba mhaith linn comhghairdeas a dhéanamh leis an gcéad rang a thug faoin Teastas Gairmiúil in Acmhainní a Fháil agus san Earcaíocht, ar bronnadh cáilíocht orthu ag Searmanas Bronnta an Fhorais Riaracháin i gCaisleán Bhaile Átha Cliath an tseachtain seo caite
Anseo ag poistphoiblí, bhíomar an-bhródúil as urraíocht a dhéanamh ar an Duais d’Eagraíocht Earnála Poiblí na Bliana ag an gcéad Searmanas Duaiseanna Náisiúnta um Éagsúlacht agus Chuimsiú, ar an 2 Feabhra 2023 i bPáirc an Chrócaigh, Baile Átha Cliath.
D'óstáil an tSeirbhís Náisiúnta do Thaistealaithe in Exchange House na Duaiseanna Náisiúnta um Éachtaí Oideachais do bhaill den Lucht Siúil ar an 1 Nollaig 2022, agus bhí an Seanadaóir Eileen Flynn ina haoi oinigh ag ócáid na bliana seo.
Chuireamar le Tuairisc Speisialta san Irish Times lena déanaí, inar pléadh an chaoi a ndéantar polasaithe comhionannais, éagsúlachta agus cuimsithe (CÉC) a thuairisciú agus a mheas. Molann an t-alt gur chóir d’eagraíochtaí cur chuige córasach a chur i bhfeidhm chun éagsúlacht agus cuimsiú a chur chun cinn ar bhealaí a thacaíonn le gnó chomh maith.
Anseo ag poistphoiblí, táimid an-bhródúil as urraíocht a dhéanamh ar an Duais d’Eagraíocht Seirbhíse Poiblí na Bliana ag an gcéad Searmanas Duaiseanna Náisiúnta um Éagsúlacht agus Chuimsiú, ar an 2 Feabhra 2023 i bPáirc an Chrócaigh, Baile Átha Cliath.
Bhí Mí Stair na nDaoine Dubha ar siúl i mí Dheireadh Fómhair – mí ina ndéantar ceiliúradh ar stair, chultúr agus éachtaí na ndaoine dubha. Agus ceiliúradh á dhéanamh ar stair agus chultúr na ndaoine dubha, tá sé tábhachtach a aithint gur cuid de thaithí na ndaoine dubha agus na ndaoine ó mhionlaigh eitneacha iad an ciníochas agus an leithcheal, agus ní haon eisceacht í Éire.
Seoladh mol ar leith ar líne do róil do chomhairligh leighis a earcaíonn publicjobs.ie i gcomhar le FSS inniu. Mar chuid den chomhpháirtíocht, déanfaidh poistphoiblí bainistíocht ar an bpróiseas neamhspleách earcaíochta agus roghnaithe do róil bhuana do chomhairligh leighis ar son FSS.
In poistphoiblí, táimid bródúil as a bheith páirteach i gClár Transparency International um Ionracas san Ionad Oibre. Cabhraíonn an tionscnamh seo maidir le hionaid oibre a fhorbairt, ina dtugtar tacaíocht do dhaoine i dtaca le ceisteanna atá acu faoi éagóir a ardú agus i dtaca le feidhmiú go hionraic. Éascaíonn an brainse de Transparency International (TI) in Éirinn an clár um Ionracas san Ionad Oibre – an eagraíocht frith-éillithe neamhspleách is mó ar domhan.
Tá sé mar aidhm ag Mí na hÉagsúlachta de chuid an AE feasacht a mhúscailt maidir leis an tábhacht a bhaineann leis an éagsúlacht agus leis an gcuimsiú san ionad oibre agus sa tsochaí. Tá an mhí seo dírithe ar ionadaíocht agus feiceálacht a chinntiú do ghrúpaí éagsúla, ina bhfuil meas ar dhearcthaí éagsúla agus ina mbaintear leas as dearcthaí éagsúla san ionad oibre.
Chuireamar le déanaí le Tuairisc Speisialta san Irish Times inar leagadh béim ar an gcaoi ar féidir oiriúnuithe fisiciúla, teicneolaíocht oiriúnaitheach agus uaireanta solúbtha tacú le fostaithe atá faoi mhíchumas san ionad oibre. Chuir Siobhán McKenna, ár gCeannasaí CÉ&C sa poistphoiblí, a saineolas agus a tuiscint ar earcaíocht ionchuimsitheach agus ar dhea-chleachtas comhionannais, éagsúlachta agus cuimsithe san ionad oibre ar fáil.
Ar Lá Idirnáisiúnta na mBan, déanaimid na héachtaí atá déanta ag mná a cheiliúradh agus cuirimid béim ar an tábhacht a bhaineann leis an gcomhionannas sa cheannaireacht maidir le timpeallachtaí dearfacha agus torthúla oibre a chruthú. Bhuaileamar le cuid de na mná atá i róil cheannaireachta anseo ag publicjobs.ie agus roinn siad eolas faoina dtaithí ghairme linn, mar aon le comhairle agus spreagadh a thabhairt do dhaoine eile le cabhrú leo gairmeacha rathúla a bhfuil sásamh le fáil iontu a chothú.
Ar Lá Idirnáisiúnta na mBan, déanaimid na héachtaí atá déanta ag mná a cheiliúradh agus cuirimid béim ar an tábhacht a bhaineann leis an gcomhionannas sa cheannaireacht maidir le timpeallachtaí dearfacha agus torthúla oibre a chruthú. Bhuaileamar le cuid de na mná atá i róil cheannaireachta anseo ag poistphoiblí agus roinn siad eolas faoina dtaithí ghairme linn, mar aon le comhairle agus spreagadh a thabhairt do dhaoine eile le cabhrú leo gairmeacha rathúla a bhfuil sásamh le fáil iontu a chothú.
Faoin am seo, is cuid mhór dár saol laethúil físchomhráite. Nuair is é atá i gceist i do chéad fhíschomhrá eile agallamh le haghaidh an phoist sin a bhí uait i gcónaí, tá sé éasca éirí réchúiseach.
Sa timpeallacht ina bhfuilimid faoi láthair, tá an teicneolaíocht chun tosaigh ní hamháin inár mbealaí oibre ach freisin chun an chéad jab eile sin a fháil! Le roinnt blianta, tá réimse de theicneolaíochtaí nua agus ceannródaíocha, chun tacú le míreanna éagsúla dár bpróiseas earcaíochta, á scrúdú agus á úsáid ag poistphoiblí. Ina measc seo, tá cineálach éagsúla agallamh ‘físbhunaithe’ ar féidir iad a reáchtáil trí úsáid a bhaint as do ghuthán, as táibléad nó as do ríomhaire glúine/Ríomhaire Pearsanta.