Is cuid den poistphoiblí é State Boards. Chun iarratas a chur isteach, ní mór duit clárú agus cuntas poistphoiblí a chruthú agus cur isteach ar fholúntais de réir mar a fhógraítear iad trí shuíomh gréasáin publicjobs.ie
Féach ar ár leathanach Próiseas chun eolas a fháil faoin méid atá ag teastáil, faoin gcaoi ar féidir leat iarratas a dhéanamh agus faoin bpróiseas a leanann State Boards do gach ceapachán.
Moltar sna Treoirlínte maidir le Ceapacháin ar Bhord Stáit nár chóir do bhall ar bith de Bhord Stáit feidhmiú ar Bhord Stáit níos mó ná dhá théarma iomlán ceapacháin nó nár chóir dó/di a bheith ceaptha ar níos mó ná dhá Bhord Stáit.
Bíonn réimse scileanna á lorg ag ár gcliaint, m.sh. scileanna rialachais, cáilíochtaí gairmiúla nó taithí in earnáil ar leith. Tá roinnt deiseanna againn d’iarrthóirí ag gach leibhéal a bhfuil na scileanna cuí acu.
Cláraigh d’fholáirimh faoi dheiseanna ar Candidate Portal nó lean ár leathanaigh Linkedin agus X (formally Twitter)
Ní mór cur isteach ar gach ról trí shuíomh gréasáin na publicjobs.
Reáchtálann State Boards, mar chuid den poistphoiblí, a comórtais earcaíochta trí publicjobs.ie (atá mar chuid den poistphoiblí chomh maith) mar gurb í seo an tseirbhís lárnaithe d’iarratais ar ghairmeacha san státseirbhís agus sa tseirbhís phoiblí.
Déan machnamh cúramach ar choimhlintí leasa a d’fhéadfadh a bheith ann agus iarratas á dhéanamh agat ar dheiseanna ar Bhoird Stáit.
An bhfuil ceist agat nár thugamar freagra air, nó an gcaithfidh tú dul i dteagmháil linn? Ríomhphost: