Cosaint Sonraí | publicjobs.ie
cosaint sonrai header

Cosaint Sonrai

Fáilte chuig leathanach Cosaint Sonraí don poistphoiblí. Tá ár bpolasaithe ar fad anseo maidir le do shonraí pearsanta a phróiseáil agus a chosaint chomh maith le rannóg Ceisteanna Coitianta a bhfuil súil againn a phléifidh le ceist ar bith atá agat faoin réimse seo.


Doiciméadú faoi Chosaint Sonraí:

Ráiteas Príobháideachais an Iarrthóra;

Ráiteas Príobháideachais faoi Bhall de Bhord/Measúnóir/Feitheoir;

Temporary Assignment Privacy Statement

Cód Cleachtais faoi Shonraí Pearsanta a Chosaint;

Beartas Fianán;

Sceideal faoi Thaifid a Choinneáil;

Beartas faoi Shlándáil Sonraí;

Beartas faoi CCTV;

Beartas faoi Rochtain Ábhair;

Foirm Iarratais um Rochtain d’Ábhar;


Ceisteanna Coitianta faoi Chosaint Sonraí:


Is ionann RGCS agus an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí. Tagann sé i bhfeidhm ar an 25 Bealtaine 2018. Tá sé mar sprioc ag an rialachán dlíthe cosanta sonraí a neartú agus a chaighdeánú do gach saoránach den AE. Beidh na rialacháin seo i bhfeidhm d’eagraíocht ar bith a rialaíonn agus/nó a phróiseálann sonraí ar son duine aonair nó do ghrúpa de dhaoine aonair. Orthu siúd atá freagrach as cloí leis na rialacháin seo tá fostaithe na heagraíochta, agus go díreach nó go hindíreach, conraitheoirí, comhairligh, gníomhairí agus tríú páirtithe a bhfuil fáil acu ar shonraí.


Tá muid buíoch díobh go bhfuil muinín agaibh asainn bhur gcuid eolais a bhailiú, a phróiseáil agus a chosaint. Mar rialálaí agus mar phróiseálaí de bhur sonraí pearsanta leanfaimid mar seo:

  • ár gcaighdeán láidir maidir le bainistíocht riosca a fhorbairt trí ghníomhú go freagrach agus trí thosaíocht a thabhairt do shlándáil do shonraí;
  • ár rialacháin, ár bpróisis agus ár gcórais a bhainistiú chun seirbhís do chustaiméirí a fheabhsú agus trí dheimhniú leat go bhfuil do chuid eolais slán agus sábháilte; agus
  • ár ngnó a dhéanamh go cothrom agus go follasach agus a chinntiú go laghdaímid an baol ar thorthaí a bheith míchothrom nó aon impleacht diúltach ar a gcearta agus a saoirse.

Míníonn Cód Cleachtais um Shonraí Pearsanta a Chosaint agus www.publicjobs.ie conas a bhailímid eolas pearsanta fút, conas a úsáidimid é agus conas is féidir leat dul i dteagmháil linn faoi nó conas is féidir leat é a cheartú.


Nuair a labhraímid faoin tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí “SCP” nó “publicjobs” nó “muid” in ár gCód Cleachtais um Shonraí Pearsanta a Chosaint” ar an suíomh gréasáin seo, tá muid ag caint faoin tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí, comhlacht neamhspleách lárnach earcaíochta, measúnaithe agus roghnaithe don Státseirbhís, Seirbhís Sláinte, Údaráis Áitiúla, An Garda Síochána, An tSeirbhís Príosún agus comhlachtaí seirbhíse poiblí eile.


Coinníonn an tOifigeach um Chosaint Sonraí súil ar conas a bhailímid, a úsáidimid, a roinnimid agus a chosnaímid do chuid eolais lena chinntiú go gcomhlíontar do chearta. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an Oifigeach um Chosaint Sonraí ag Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. nó trí scríobh chucu ag An tOifigeach um Chosaint Sonraí, Áras na Caibidle, 26 - 30 Sráid na Mainistreach Uachtarach, Baile Átha Cliath 1, D01 C7W6.


Bailímid eolas pearsanta uait mar seo mar shampla:

  • nuair a chláraíonn tú ar ár suíomh gréasáin;
  • nuair a dhéanann tú iarratas go díreach nó trí chuardach feidhmeannach;
  • nuair a bhíonn tú páirteach i gcomórtas ina mbeadh trialacha, agallaimh, imréiteach agus sannadh;

Bailímid eolas fosta trí na suirbhéanna a dhéanann custaiméirí dá rogha féin agus tríd an chóras CCTV. Tá tuilleadh eolais faoi conas a bhailímid eolas ar fáil sa Ráiteas Straitéise do Chustaiméirí.

Úsáideann ár suíomhanna gréasáin teicneolaíocht ‘fianáin’. Píosa beag de théacs is ea fianán agus cuireann ár bhfreastalaí é ar do ghaireas nuair a thugann tú cuairt ar aon cheann dár suíomhanna gréasáin nó aipeanna. Cuidíonn siad linn le go n-oibreoidh na suíomhanna níos fearr duit. Tá tuilleadh eolais faoi Beartas Fianáinar fáil ag.


Seo roinnt den eolas a d’fhéadfaimis a bhailiú agus a choinneáil fút nuair a chláraíonn tú ar ár suíomh gréasáin nó má dhéanann tú iarratas ar chomórtas earcaíochta nó má théann tú trí phróiseas an chomórtais:

Sonraí Pearsanta:

  • Ainm Úsáideora *
  • Pasfhocal *
  • UAT an Iarrthoóra
  • Teideal
  • Céad Ainm *
  • Sloinneadh *
  • Seoladh Line 1 *
  • Seoladh Line 2
  • Seoladh Line 3
  • Cód Poist
  • Uimhir PSP
  • Insone
  • Príomh-Sheoladh Ríomhphoist *
  • Tír *
  • Teistiméireachtaí
  • Teachtaireachtaí Téacs SMS
  • Cáilíocht is Airden
  • Earnáil Thionsclaíoch Reatha/Is Déanaí
  • Leibhéal Gairme
  • Uimhir Theileafóin Lae *
  • Mobile Phone Number
  • Rogha Teanga do Chumarsáid *
  • Rogha do Theagmháil
  • Cuntas Fostaíochta:
  • Ráiteas Pearsanta
  • Curriculum Vitae
  • litir Iarratais
  • Ceistneoir / Freagraí faoi Phearsantacht ar Líne
  • Sonraí faoi Mheasúnú Cóiríochta más gá
  • Cur síos faoi scileanna agus taithí ábhartha i réimsí ar leith
  • Torthaí agus nótaí eolais faoi d’fheidhmíocht i ngach próiseas measúnaithe
  • Teistiméireachtaí

Má éiríonn leat i bpróiseas measúnaithe agus/nó go bhfuil tú faoi mheas do shannadh is féidir go mbaileoimid na nithe seo: -

  • Eolas faoi Shláinte agus faoi Charachtar *
  • Doiciméid Aitheantais *
  • Teistiméireachtaí ó Fhostóir/Eile
  • Grinnfhiosrú an Gharda/Eolas Imréitigh Slándála/Ráiteas Sláinte/Scrúdú Leighis
  • Cáilíochtaí Bunaidh/Ballraíocht Ghairmiúil
  • Cóiríocht sna Ionad Oibre más gá

Eolas Éigeantach *


Faoi RGCS tá catagóirí speisialta a dteastaíonn cosaintí sa bhreis uathu do phróiseáil. I roinnt cásanna, teastóidh an t-eolas seo uainn do phróiseáil nó is féidir leat é a thabhairt as do stuaim féin.

Cineálacha Sonraí Cúiseanna a mbailímid iad
Sonraí sláinte Is ea - Lorgaímid eolas faoi shláinte uait sula moltar/sanntar thú i bpost.
Bunadh ciníoch nó eitneach Ní hea - Ní theastaíonn uainn sonraí a thabhairt faoi do bhunadh ciníoch nó eitneach chun ár seirbhísí a úsáid.
Tuairimí polaitiúla Ní hea - Ní theastaíonn uainn do thuairimí polaitiúla a thabhairt chun ár seirbhísí a úsáid.
Creideamh nó creideamh fealsúnachta Ní hea - Ní theastaíonn uainn sonraí a thabhairt faoi do chreideamh nó do chreideamh fealsúnachta chun ár seirbhísí a úsáid
Ballraíocht de cheardchumainn Ní hea - Ní theastaíonn uainn sonraí a thabhairt faoi bhallraíocht de cheardchumann chun ár seirbhísí a úsáid.
Sonraí cineálacha Ní hea - Ní theastaíonn uainn sonraí cineálacha a thabhairt chun ár seirbhísí a úsáid.
Claonadh gnéis Ní hea - Ní theastaíonn uainn sonraí faoi chlaonadh gnéis a thabhairt chun ár seirbhísí a úsáid.
Eolas faoi mhíchumas Is ea - Má dheir tú linn go dteastaíonn cóiríocht réasúnta uait le linn an phróisis measúnaithe

Nuair a chláraíonn tú ar poistphoiblí nó má chuireann tú iarratas isteach, is féidir linn taifead ríomhaire a chruthú faoi d’ainm. Úsáidtear eolas a chuireann tú isteach le d’iarratas ar phost chun d’iarratas a phróiseáil. Má roghnaítear thú ón chomórtas earcaíochta agus roghnaithe, is féidir go gcuirfear d’iarratas ar fáil do rannóg na nAcmhainní Daonna san eagraíocht inar sannadh thú.


Forálann an Bille um Chosaint Sonraí go mbeidh próiseáil sonraí pearsanta dlíthiúil sa chás go bhfuil próiseáil dá leithéid riachtanach chun feidhm reachtúil a chomhlíonadh ag rialálaí. Tá údarás tugtha go reachtúil don poistphoiblí feidhmiú mar chomhlacht lárnach measúnaithe agus roghnaithe don státseirbhís agus leis na nósanna imeachta atá riachtanach chun iarrthóirí fóirsteanacha a earcú, a mheas agus a roghnú do cheapachán a chomhlíonadh (Alt 34 den Acht um Bainistíocht Seirbhíse Poiblí 2004 (Acht 2004), dá bhrí sin tá próiseáil sonraí pearsanta don chuspóir seo dlíthiúil de réir mar a bhaineann le hAirteagal 6(1) (e) GDPR.

Tugann an Bille um Chosaint Sonraí bonn dlíthiúil maidir le “catagóirí speisialta” de shonraí pearsanta a phróiseáil chun feidhm a tugadh le nó trí achtú a chomhlíonadh. Tagann an t-eolas a bhailítear ó iarratasóirí ó “chatagóirí speisialta” de shonraí pearsanta atá leagtha amach in Airteagal 9 GDPR agus beidh siad faoi réir ag “bosca uirlisí” de bhearta atá ceaptha chun cearta bunúsacha agus saoirse ábhair sonraí a chosaint. San áireamh sa “bhosca uirlisí” tá sonraí a chriptiú agus ainm bréige a thabhairt do shonraí, cead ar leith a fháil ón duine gur faoi na sonraí agus san áireamh tá am teoranta maidir le sonraí pearsanta ábhartha a scrios. Ní mór go mbeadh próiseáil sonraí riachtanach agus i gcomhréir agus de réir phrionsabail cosanta sonraí lena n-áirítear sonraí a íoslaghdú - i.e. nach bpróiseáiltear sonraí ach an oiread atá riachtanach do na cúiseanna go bpróiseáiltear na sonraí.


Chun ár ndualgais rialachais agus dhlíthiúla a chomhlíonadh, bailímid do chuid eolais phearsanta, coinnímid é i struchtúr slán sábháilte agus coinnímid é agus cuirimid leis de réir mar a théann an feachtas ar aghaidh agus scriosaimid é chomh luath agus nach gá dúinn é a choinneáil níos mó. Is féidir fosta go mbeidh orainn eolas fút a thabhairt chuig tríú páirtí (e.g. soláthraithe trialacha) agus ní tharlóidh seo ach trí chainéil atá sábháilte amháin. Sula n-aistrítear sonraí chuig tríú páirtí seachtrach cuirfear comhaontú scríofa i bhfeidhm sula n-aistrítear sonraí ar bith.

Is faoin iarrthóir féin a chinntiú go scrúdaíonn siad a bpróifíl phearsanta féin go rialta lena chinntiú go bhfuil na sonraí cruinn agus an poistphoiblí a chur ar an eolas más gá aon rud a cheartú murar féidir leo é a dhéanamh iad féin.


Uaireanta caithimid do chead a fháil chun d’eolas pearsanta a úsáid. Mar shampla nuair a úsáidimid eolas pearsanta íogair (a dtugtar eolas i gcatagóir speisialta air faoi RGCS) fút, ar nós sonraí a bhaineann le míchumas, iarraimid do chead ar leith. Tá rialacháin againn lena chinntiú go gcuirtear thú ar an eolas agus tú ag déanamh do chinnidh agus go bhfuil a fhios agat gur féidir leat do chead a tharraingt siar am ar bith má dhéanann tú teagmháil linn.

Tá ár n-iarratais ar chead bunaithe ar na prionsabail seo:

  • Gníomh Dearfach - Tá gníomh soiléir dearfach riachtanach. Ní úsáidfimid boscaí atá réamh-thiceáilte, ní ghlacfaimid leis gur thug tú do chead sa chás nach bhfuair muid gníomh dearfach uait.
  • Saorthoil - Ní mór do thoil a thabhairt de réir do thola agus gan brú ó chúinsí seachtracha.
  • Sonrach - Beidh muid soiléir faoi cad go díreach a dteastaíonn do chead dó.
  • Taifeadta - Coinneoimid taifead de do chead agus conas a fuarthas é.
  • Is féidir é a tharraingt siar am ar bith - Stadfaimid ag próiseáil sonraí a dteastaíonn do chead dó am ar bith a dhéanann tú iarratas bailí.

Tá dualgas ar an poistphoiblí eolas a choinneáil ‘slán agus sábháilte’ agus bearta cuí a bheith i bhfeidhm chun cosc a chur le rochtain ar shonraí, iad a athrú, a thabhairt amach nó a scrios nó go gcaillfí nó go scriosfaí iad trí thimpiste, de réir an RGCS. Tá sé fíor-riachtanach mar sin go mbíonn bearta agus beartais slándála i bhfeidhm lena chinntiú nach féidir ach le baill foirne a bhfuil gá ó thaobh gnó de acu a theacht ar shonraí pearsanta agus íogair ar leith. Leagann Beartas Slándála na poistphoiblí cé gur féidir leo a theacht ar shonraí pearsanta de chineálacha áirithe sa poistphoiblí chun déileáil le sonraí pearsanta agus chun a chinntiú go bhfuil sonraí pearsanta (comhaid láimhe agus ar chórais TEC) slán. Tá nósanna imeachta ann fosta maidir le sonraí a aistriú chuig páirtithe eile. Tá tuilleadh eolais ar fáil sa Beartas Slándála Sonraí..

Déanann ball foirne a ainmníonn an tOifigeach um Chosaint Sonraí iniúchadh ar chur i bhfeidhm an Pholasaí seo agus is féidir go ndéanfaí iniúchadh inmheánach air fosta agus go gcuirfí tuairisc chuig an Choiste Iniúchta am a bith.


Leagann an Sceideal Coinneála Taifead don poistphoiblí amach an tréimhse coinneála do gach cuid de eolas pearsanta agus na nósanna imeachta atá i bhfeidhm chun na treoirlínte seo a chur i bhfeidhm. Lorgaíodh cead ó Stiúrthóir na Cartlainne Náisiúnta taifid leictreonacha agus fhisiceacha a scrios.

Iarrann an Chartlann Náisiúnta ar an poistphoiblí comhaid a chur ar ais chucu tar éis 30 bliain. Tá sonraí pearsanta áirithe i gcomhaid na gcomórtas ag brath ar chomh fada a chuaigh an t-iarrthóir ar aghaidh i bpróiseas an chomórtais. Coinnítear eolas áirithe faoi mharcanna na n-iarrthóirí agus coinnítear torthaí scrúdaithe fosta chomh fada agus atá comórtas gníomhach. Beidh iarrthóirí a théann ar aghaidh chuig an staid gearrliostaithe san áireamh ar liosta na n-iarrthóirí a thugtar don bhord gearrliostaithe lena n-áirítear ainm gach iarrthóra agus na róil is déanaí a bhí acu; coinneofar an measúnú a rinne ball an bhoird faoina n-iarratas. Ag staid an Agallaimh, coinnítear na nótaí ó gach iarrthóir (is féidir nach dtarlóidh seo i gcás earcaíocht ina mbíonn líon mór iarratas) chomh maith le cóip de na marcanna faoi gach réimse (más cuí). Má tá iarrthóir faoi mheas do cheapachán, coinneofar cóip den mholadh sealadach a eisítear don eagraíocht fostaithe (san áireamh tá ainm, seoladh, dáta breithe, cáilíochtaí agus taithí ábhartha an iarrthóra). Coinneofar an t-eolas ar fad seo gan chríoch agus faoi dheireadh cuirfear é chuig an Chartlann Náisiúnta.


Ní chuirtear Eolas Pearsanta chuig páirtithe seachtracha ach nuair atá gá iomlán ar fad leis agus dé réir RGCS. Criptítear eolas agus deirtear le custaiméirí nár chóir dóibh eolas pearsanta a chur isteach trí ríomhphost. Má fhaightear iarratas ar eolas ó iarrthóir, bailítear an t-eolas ábhartha agus déanaimid measúnú ar ár n-oibleagáidí maidir le hiarrthóirí eile. Tabharfaidh an duine(daoine) a ullmhaíonn ár bhfreagra aird ar chearta tríú páirtithe agus faoi oibleagáidí rúndachta ar bith a d’fhéadfadh a bheith i gceist chomh maith le díolúintí ábhartha ar bith faoi RGCS. Sa chás go nochtfaí aitheantas tríú páirtí i sonraí a bhaineann leat, is féidir go gcuirfimis an t-eolas sin faoi cheilt chun príobháideachas agus rúndacht tríú páirtithe dá leithéid a chosaint nó is féidir go dtabharfaimis cuid de na sonraí duit seachas ábhar ó fhoinsí bunaidh.

Beidh nósanna imeachta fíor-dhiana i gceist do chonraitheoirí, comhairligh agus soláthraithe seirbhíse seachtracha (soláthraithe trialacha agus measúnaithe ar líne san áireamh) maidir le teacht ar shonraí pearsanta trí chonradh foirmiúil de réir fhorálacha na ‘Rialacháin Ghinearálta um Chosaint Sonraí’. Déantar athbhreithniú agus iniúchadh ar théarmaí an chonartha agus ar na geallúintí a thugtar.

Teastaíonn uainn go dtabharfaidh na tríú páirtithe seo dóthain ráthaíochta go bhfuil na cosaintí agus an smacht riachtanach i bhfeidhm lena chinntiú nach gcuirtear as do do chearta agus do shaoirse maidir le do shonraí.


Is féidir leat do chearta a úsáid trí theagmháil a dhéanamh linn i ríomhphost ag Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. agus/nó ar an teileafón ag +353 (0) 1 8587461.

Má dhéanann tú teagmháil linn faoi eolas, is féidir go n-iarrfaimid ort d’aitheantas a dheimhniú. Déantar é seo chun do chuid eolais a chosaint.

Ní féidir le do cheart iarratas a fháil cur as go holc ar chearta agus ar shaoirse dhaoine eile. Dá bhrí sin, ní féidir linn eolas a thabhairt faoi dhaoine eile gan cead a fháil. De ghnáth ní bhíonn táille i gceist nuair a bhíonn tú i dteagmháil linn le ceist a chur faoi do chuid eolais. Má cheaptar go bhfuil iarratas iomarcach nó gan aon chúis leis, is féidir go n-iarrfaimid táille réasúnta le híoc as costais riaracháin sa bhreis nó is féidir linn na hiarratais a dhiúltú.

Déantar cur síos sa chuid seo thíos faoi do chearta ar eolas agus faoi conas is féidir linn cuidiú leat a chinntiú go bhfuil tú ar an eolas faoi na cearta seo, conas is féidir iad a úsáid agus conas is féidir linn do chuid iarratas a chomhlíonadh.


Tuigeann an poistphoiblí a cuid dualgas mar rialaitheoir sonraí atá iomlán freagrach as agus tuigimid gur gá cúram a thabhairt do na sonraí pearsanta faoina chúram. Tá ár n-oibleagáidí leagtha amach san RGCS agus i reachtaíocht feidhmithe ábhartha agus eile in Éirinn.

Tá daoine a bhfuil a sonraí pearsanta i seilbh na poistphoiblí i dteideal iarraidh ar an poistphoiblí agus deimhniú a fháil cé acu an bhfuil sonraí pearsanta a bhaineann leo á bpróiseáil. Más mar sin atá, tá na daoine sin i dteideal a theacht ar na sonraí pearsanta chomh maith leis an eolas seo thíos i dtaca le:

  1. Cúiseanna próiseála
  2. Na catagóirí de shonraí pearsanta i gceist
  3. Na daoine, nó na catagóirí de dhaoine ar tugadh nó a dtabharfar sonraí pearsanta dóibh
  4. Más féidir, an tréimhse ama a cheaptar a choinneofar sonraí pearsanta agus murar féidir é sin a dhéanamh, na critéir a úsáidtear chun an tréimhse sin a shocrú
  5. An ceart a bheith ann iarraidh ar an poistphoiblí sonraí pearsanta a cheartú nó a scrios nó srian a bheith ar shonraí pearsanta iarrthóra a phróiseáil nó é/í cur in aghaidh próiseála dá leithéid
  6. An ceart gearán a dhéanamh leis an Choimisinéir um Chosaint Sonraí
  7. Sa chás nach mbailítear na sonraí pearsanta ón iarrthóir, aon eolas atá ar fáil faoi na foinsí
  8. Sa chás go bhfuil cinntí á ndéanamh go huathoibríoch (próifíliú san áireamh) faoi shonraí an iarrthóra, agus más cuí, eolas ciallmhar faoin loighic i gceist chomh maith leis an tábhacht agus na torthaí a mbeifí ag súil leo ó phróiseáil dá leithéid don iarrthóir
  9. Sa chás go dtugtar sonraí pearsanta do thríú páirtí, na cosaintí cuí a bhaineann le RGCS i dtaca le haistriú dá leithéid.

TBa chóir an t-iarratas ar shonraí a dhéanamh i scríbhinn agus ba chóir go leor eolais a thabhairt chun gur féidir an t-iarrthóir a aithint go réasúnta sásta chun gur féidir linn a dheimhniú nach bhfuil muid ag scaoileadh sonraí chuig duine atá do phearsanú. Nuair a chinntítear na critéir, beidh muid in ann tús a chur leis an obair a bhaineann le freagra a thabhairt ar d'iarratas. Déanfaidh an poistphoiblí gach iarracht freagra a thabhairt chomh luath agus is féidir agus aon mhoill nach bhfuil riachtanach, ach murar féidir linn an obair sin a chríochnú taobh istigh de mhí cuirfimid thú ar an eolas faoi dhul chun cinn maidir le d’iarratas. Ceangailte leis seo tá Foirm Iarratais Rochtana an Iarrthóra

Tabharfaidh an poistphoiblí freagra ar bith faoi shonraí ábhartha don iarrthóir i bhformáid leictreonach. Mura dteastaíonn uait freagra a fháil ar d’iarratas i ríomhphost, abair é sin linn roimh ré. Chomh luath agus a chríochnófar freagra ar d’iarratas, déanfaimid cóip iomlán den ábhar a choinneofar dár dtaifid féin. Coinneofar an taifead seo mar thagairt má tharlaíonn aon aighneas faoi ábhar nó faoin am a thóg sé freagra a thabhairt duit. Coinneofar é ar feadh 7 mbliana.


Is féidir leat do phróifíl a cheartú am ar bith agus ba chóir duit é sin a dhéanamh chomh luath agus a athraíonn do chúinsí.

Le teacht ar do phróifíl: -

  • logáil isteach are www.publicjobs.ie,
  • Cuir isteach do ainm úsáideora agus do phasfhocal
  • Mo shonraí pearsanta
  • Nuashonraigh do phróifíl
  • Cliceáil ar Sábháil

Is féidir go bhfuil an ceart agat srian a chur le nó cur in aghaidh muid do shonraí pearsanta a phróiseáil. Beidh orainn do chead a fháil an t-eolas seo a phróiseáil a thuilleadh chomh luath agus a chuirtear srian air. Is féidir leat srian a chur le próiseáil a lorg sna cásanna seo:

  • Má tá na sonraí pearsanta míchruinn agus go lorgaíonn tú srian a chur a fhad is a dheimhnímid an cruinneas;
  • Má tá próiseáil do shonraí pearsanta mídhleathach;
  • Go bhfuil tú in aghaidh na sonraí a scrios, ag lorg srian a chur le próiseáil in ionad sin;
  • Go dteastaíonn na sonraí uait chun éilimh dhlíthiúla a bhunú, a chleachtadh nó a chosaint ach nach dteastaíonn na sonraí uainn a thuilleadh do phróiseáil;
  • Sa chás nach n-aontaíonn tú leis an bhonn dlí agus go bhfuil srian le próiseáil go dtí go ndeimhnítear an bonn dlí.

Is féidir leat iarraidh orainn do chuid eolais phearsanta a scrios nó is féidir linn do chuid eolais phearsanta a scrios faoi na cúinsí seo:

  • nuair nach bhfuil do shonraí pearsanta riachtanach níos mó do na cúiseanna ar bailíodh iad, nó ar próiseáladh iad ar chúis eile • nuair nach bhfuil do shonraí pearsanta riachtanach níos mó do na cúiseanna ar bailíodh iad, nó ar próiseáladh iad ar chúis eile
  • má tharraingíonn tú siar do chead sa chás nach bhfuil aon bhonn dlí eile don phróiseáil;
  • gur próiseáladh na sonraí pearsanta go mídhleathach;
  • go bhfuil sé riachtanach na sonraí pearsanta a scrios chun dualgas dlí a chomhlíonadh.

Ní bheidh seo i gceist má tá an poistphoiblí ag comhlíonadh dualgas dlí nó ag déanamh taisc do leas an phobail, nó ag comhlíonadh dualgas oifigiúil, nó ar chúiseanna cartlainne nó taighde, nó maidir le héileamh dlí a chosaint.


Murar mian leat cuntas gníomhach a choinneáil, tá áis ar leathanach do phróifíle a ligeann duit do chuntas a scrios agus an t-eolas pearsanta a bhaineann leis a bhaint amach. Cuireann poistphoiblí ceangaltas ar iarrthóirí i ngach comórtas cuntas gníomhach a bheith acu ar publicjobs.ie. Má scriosann tú do chuntas ar publicjobs.ie beidh tú ag cur in iúl go bhfuil sé beartaithe agat d’iarrthóireacht a tharraingt siar ó aon chomórtas gníomhach a bhfuil tú páirteach ann.

Le do phróifíl a scrios: -

  • logáil istreach are www.publicjobs.ie,
  • Cuir isteach do ainm úsáideora agus do phasfhocal
  • Mo shonraí pearsanta
  • Faigh an Rannóg “Cuntas a Scrios”
  • Cliceáil ar an chnaipe “Scrios Cuntas”
  • Athbhreithnigh an t-eolas ar an scáileán deimhnithe agus cliceáil “Deimhnigh”

NÓTA: Má scriosann tú do chuntas tá sin buan agus ní féidir é a chealú


Nuair a chuirtear san áireamh na cúiseanna do phróiseáil, beidh an ceart agat eolas pearsanta nach bhfuil cruinn a chríochnú nó a cheartú, lena n-áirítear trí ráiteas sa bhreis a sholáthar. Ba chóir duit dul i dteagmháil le Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air..


Tá an ceart agat go shonraí a fháil i bhformáid struchtúrach, a úsáidtear go coitianta agus gur féidir le gléas é a úsáid agus an ceart é a aistriú chuig rialaitheoir eile ina ndéantar próiseáil go huathoibríoch agus más féidir é a dhéanamh go teicniúil.

Ní bhaineann seo le sonraí a phróiseáiltear le linn údarás oifigiúil faoi choimirce na poistphoiblí a bheith á chleachtadh.


PNí dhéanfaidh poistphoiblí cinneadh measúnaithe go huathoibríoch mura bhfaightear do chead go hoifigiúil. Tá an ceart agat teagmháil a dhéanamh le duine agus do thuairim a chur in iúl.


Má tá gearán agat faoi d’eolas pearsanta a bheith á úsáid, cuir sin in iúl do bhall foirne de chuid na poistphoiblí ag tabhairt deis dóibh rudaí a cheartú chomh luath agus is féidir. Más mian leat gearán a dhéanamh, is féidir leat é sin a dhéanamh i bpearsa, i scríbhinn nó trí ríomhphost. Fiosróidh muid gach gearán a fhaighimid go hiomlán. Is féidir leat gearán a dhéanamh tríd ár nOifig, ar an teileafón, trí ríomhphost nó i bpearsa. Iarraimid ort an oiread eolais agus is féidir a thabhairt le cuidiú linn do ghearán a réiteach go gasta. Ba chóir duit dul i dteagmháil le Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air..

Is féidir leat dul i dteagmháil fosta le hOifig an Choimisinéara um Chosaint Sonraí in Éirinn ag úsáid na sonraí teagmhála thíos:


Déanfaimid athruithe leis an fhógra seo ó am go ham go háirithe nuair a athraímid conas a úsáidimid do chuid eolais, agus nuair a athraímid ár dteicneolaíocht agus ár dtáirgí. Is féidir leat an leagan is déanaí den fhógra seo a fháil ar an suíomh gréasáin seo ag www.publicjobs.ie/en/data-protection, nó is féidir leat cóip a iarraidh uainn.