Tá State Boards mar chuid den soláthraí lárnach earcaíochta, measúnaithe agus roghnaithe don Státseirbhís, d’Údaráis Áitiúla, d’Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, don Gharda Síochána agus do chomhlachtaí poiblí eile.
Tá an próiseas a mbaintear úsaid as chun iarrthóirí cáilithe a aithint go hiomlán oscailte agus trédhearcach. Tá sé de phribhléid againn tacú le Rialtas na hÉireann agus lenár gcliaint chun rialachas agus cuntasacht ar ardchaighdeán a chur ar fáil, trí bhuíon de bhaill chumasacha agus dhíograiseacha ina bhfuil éagsúlacht le brath, agus ar léiriú í ar éagsúlacht na sochaí ar a bhfreastalaíonn sí a chur ar fáil.
Tugann NUA, ár Ráiteas Straitéise 2020-2023 treoir dár gcuid oibre.
Ár gcliaint
Oirbímid le Gníomhaireachtaí Stáit; institiúidí tráchtála, neamhthráchtála agus rialála atá ina gcomhlachtaí earnála poiblí de chuid an stáit agus a bhfuil sé de dhualgas reachtúil orthu tascanna áirithe a dhéanamh ar son Rialtas na hÉireann. Cé go bhfuil siad faoi choimirce Ranna Rialtais, tá siad difriúil agus neamhspleách ón státseirbhís agus cuireann siad seirbhísí fíorthábhachtacha ar fáil do mhuintir na hÉireann, seirbhísí tábhachtacha a mbíonn tionchar acu ar shochaí na hÉireann. Agus tú ag obair ar bhord de chuid Gníomhaireachta Stáit, bíonn deis ar leith agat ról a ghlacadh i bpleanáil agus i dtreoir straitéiseach na gníomhaireachta ar son leas an phobail ar a bhfreastalaíonn sí.
Is féidir leat liosta iomlán de na Boird Stáit
Cabhraigh linn seirbhís níos fearr a chur ar fáil duit
Tá sé mar aidhm againn an tseirbhís is fearr a chur ar fáil i gcónaí. Ba mhaith linn scéal a fháil uait faoi chaighdéan ár seirbhíse. Cuir ríomhphost chugainn ag:
Nóta: Ba chóir do dhuine ar bith atá i dteagmháil linn tríd an ngnáth-ríomhphost a thuiscint go bhfuil rioscaí i gceist agus eolas pearsanta nó íogair á sheachadadh trí mheán na teicneolaíochta seo (mar nach modh iomlán slán chun sonraí a roinnt atá ann). Mar sin, ná cuir sonraí pearsanta nó íogair ar bith i ríomhphost chuig an oifig seo.