Tugann an chuid seo den suíomh gréasáin leideanna agus comhairle faoi iarratais duit, eolas faoi iarratas a dhéanamh agus a leasú chun dáta, agus comhairle úsáideach le cur san áireamh agus tú ag déanamh iarratais ar phost ag staid an iarratais.
Nuair a dhéanann tú iarratas ar phost ar an suíomh seo, de ghnáth iarrtar ort foirm iarratais ar líne a líonadh. Is é an chead chéim den phróiseas earcaíochta foirm iarratais a líonadh agus tú ag déanamh iarratais ar an chuid is mó de phoist ar an suíomh. Tá sé tábhachtach eolas cruinn a thabhairt agus a léiriú cén fáth a mbeifeá fóirsteanach don ról a bhfuil tú ag déanamh iarratais air. Tá an fhoirm iarratais leagtha amach chun gur féidir leat do scileanna agus do thaithí a léiriú sula dtéann tú ar aghaidh chuig an chéad staid eile den phróiseas earcaíochta.
De ghnáth, beidh liosta ceisteanna ar an fhoirm iarratais chun sonraí pearsanta a bhailiú ar nós do sheoladh ríomhphoist nó d’uimhir theileafóin chomh maith le ceisteanna níos suntasaí a chuireann ar do chumas a léiriú cén fáth a mbeifeá fóirsteanach don ról. De ghnáth iarrfaidh na ceisteanna seo ort sampla a thabhairt ó ról a bhí agat roimhe seo a léiríonn na scileanna agus an taithí a bhí sa chur síos faoin phost.
Leideanna faoi Iarratas
Tá sé tábhachtach an fhoirm iarratais a líonadh i gceart agus go cruinn. Tugtar roinnt leideanna thíos a chuideoidh leat an fhoirm iarratais a líonadh sula gcuireann tú é isteach.
- Léigh agus cuir tú féin ar an eolas faoi shonraí an phoist agus an leabhrán eolais.
- Léigh sonraí an phoist agus scrúdaigh na scileanna/taithí atá riachtanach don phost.
- Smaoinigh ar do scileanna agus do thaithí féin agus mar a oireann siad don phost a bhfuil suim agat ann.
- Bí cinnte go bhfuil tú i dteideal iarratas a dhéanamh ar phost; mar shampla, an bhfuil na cáilíochtaí nó an taithí riachtanach agat?
- Léigh na ceisteanna ar an fhoirm iarratais go cúramach agus bí cinnte go dtugann tú freagra ar gach ceist, na fo-cheisteanna san áireamh.
- Bíodh do fhreagraí soiléir agus dírithe lena chinntiú go bhfuil tú ag tabhairt freagra ar an cheist.
- Scríobh na freagraí ar dhoiciméad sula líonann tú an fhoirm iarratais.
- Úsáid samplaí a léiríonn do chumas an ról a bhfuil tú ag déanamh iarratais a air a chomhlíonadh.
- Ceartaigh an litriú sa doiciméad.
- Sábháil cóip de d’fhoirm iarratais.
An bhfuil tú cáilithe chun iarratas a dhéanamh?
I gcásanna áirithe , ní mór duit a bheith i do shaoránach d’Éirinn. Mar shampla chun iarratas a dhéanamh ar phost mar Threas Rúnaí ní mór duit a bheith i do shaoránach Éireannach.
Lena fháil amach an bhfuil tú i dteideal poist a bhfuil suim agat ann, ba chóir duit an leabhrán eolais a thugtar le gach post a léamh.
Conas iarratas a dhéanamh
Chun iarratas a dhéanamh ar Publicjobs.ie, ní mór duit a bheith cláraithe agus logáilte ar do phróifíl. Is féidir leat Logáil isteach agus clárú anseo.
Conas a cláraím ar publicjobs.ie?
- Cliceáil an cnaipe Logáil Isteach ag barr an leathanaigh bhaile ar dheis.
- Cuir na sonraí pearsanta ar fad isteach. Ní mór duit réimsí ina bhfuil siombail * nó # in aice leo a líonadh.
- Nuair atá an t-eolas pearsanta comhlíonta, iarrfar ort ainm úsáideora a cheapadh ina bhfuil 5 charachtar ar a laghad agus ina bhfuil litreacha agus uimhreacha.
- Ba chóir duit pasfhocal a cheapadh ina bhfuil idir 8 agus 20 carachtar.
- Cuir d’ainm úsáideora agus do phasfhocal i dtaisce mar go mbeidh siad ag teastáil uait chun do leathanach pearsanta a oscailt amach anseo.
- Cliceáil sábháil, ba chóir go mbeadh teachtaireacht ag barr an leathanaigh ag insint duit gur éirigh leat clárú. Gheobhaidh tú ríomhphost ag an seoladh ríomhphoist a thug tú ag deimhniú gur éirigh leat clárú.
Post a chuardach ar Publicjobs.ie
Is féidir leat post a chuartú má úsáideann tú an bosca cuardach nó cuardach poist sa phríomh-roghchlár. Tá rogha agat poist a chuartú trí chatagóirí poist nó trí fhocail leide. Is féidir leat fosta poist a scagadh ó phoist a fhógraíonn Publicjobs.ie agus poist a fhógraíonn Earcaitheoir Seachtrach. Léiríonn marc Oráiste os cionn fógra poist go bhfuil an fógra a reáchtáil ag earcaitheoir seachtrach ón Státseirbhís agus an tSeirbhís Phoiblí.
Conas iarratas a Dhéanamh
Ag brath ar an ról a bhfuil tú ag déanamh iarratais air, beidh céim nó dhó sa phróiseas iarratais gur gá duit a chomhlíonadh.
Céim 1:
Comhlíon an Fhoirn Iarratais Ar líne. Cuirfear do shonraí o do phróifíl cláraithe isteach san fhoirm go huathoibríoch. Chomh luath agus a chomhlíonann tú an fhoirm cliceáil ‘Lean ar Aghaidh’. Gheobhaidh tú ríomhphost ag an seoladh ríomhphoist a thug tú ag dearbhú go bhfuarthas an t-iarratas taobh istigh de chúpla uair a chloig ón am ar chuir tú an t-iarratas faoi bhráid.
Céim 2:
Má tá Foirm Iarratais PDF ann, beidh ort an fhoirm a íoslódáil agus a chomhlíonadh. Ba chóir duit na ceisteanna ar fad a fhreagairt. Chun é seo a dhéanamh, priontáil sna réimsí freagraí nó is féidir leat cóipeáil agus greamú ó aon doiciméad reatha (Word. Excel, srl) isteach sna réimsí ar an fhoirm. I gcodanna áirithe den fhoirm, is féidir leat cliceáil ar chnaipe chun réimsí sa bhreis a chur leis, chun gur féidir eolas sa bhreis a thabhairt.
Nuair a chomhlíonann tú agus go sábhálann tú an fhoirm iarratais, ba chóir duit dul ar ais chuig fógra an phoist agus an Fhoirm Iarratais ar Líne a chomhlíonadh. Nuair atá an Fhoirm Iarratais ar Líne comhlíonta agat cliceáil ar Lean ar Aghaidh. Iarrtar ort anois an Fhoirm Iarratais PDF atá ceangailte a chomhlíonadh anois. Gheobhaidh tú ríomhphost ag an seoladh ríomhphoist a thug tú ag dearbhú go bhfuarthas an t-iarratas taobh istigh de chúpla uair a chloig ón am ar chuir tú d’iarratas faoi bhráid.
Iarratas a Nuashonrú
Is féidir leat d’iarratas a nuashonrú mura bhfuil an dáta dúnta imithe cheana.
- Logáil isteach ar do phróifíl agus cliceáil ar M’Iarratais.
- Cliceáil ar an nasc don fhoirm Iarratais ar Líne agus déan aon athrú is gá ar an fhoirm.
- Cliceáil Lean ar Aghaidh agus chomh luath agus atá na hathruithe déanta, is féidir leat d’Fhoirm PDF nuashonraithe a ghreamú.
- Chun an fhoirm PDF a athrú, cliceáil ar an fhoirm Iarratais ar Líne.
CV a chur isteach le d’fhoirm iarratais
Níl seo riachtanach ach amháin má iarrann an fhoireann earcaíochta é sa leabhrán eolais. Tar éis duit d’iarratas a chur isteach, is féidir leat do CV a cheangal sa rannán Ceangaltán Iarratais.
Iarratais a Tharraingt Siar
Is féidir leat iarratas a tharraingt siar roimh an dáta dúnta trí logáil isteach i do phróifíl agus cliceáil ar m’iarratais agus an t-iarratas a tharraingt siar.
Iarratas a Nuashonrú
Is féidir leat d’iarratas a nuashonrú mura bhfuil an dáta dúnta imithe cheana. Má theastaíonn uait d’fhoirm iarratais mhionsonraithe a nuashonrú:
- Logáil isteach ar do phróifíl ar publicjobs.ie agus cliceáil ar M’Iarratais. Feicfidh tú d’iarratas faoin rannóg M’Iarratais - níl an dáta dúnta imithe fós.
- Cliceáil ar an nasc don Fhoirm Iarratais Chaighdeánach ar Líne agus déan aon athrú is gá ar an fhoirm.
- Cliceáil Lean ar Aghaidh nuair atá na hathruithe déanta agat. Iarrfar ort ansin d’Fhoirm Iarratais a cheangal
- Cliceáil le do thoil.
Tabhair faoi deara más í an fhoirm iarratais PDF amháin is gá a nuashonrú, ní mór duit an nasc a chliceáil don Fhoirm Iarratais Chaighdeánach ar Líne agus na céimeanna céanna a leanúint.
Féach ar leathanach CC ina bhfuil níos mó ceisteanna faoin phróiseas iarratais.